Maidin fhómhair agus mé ag triall go hEochaill a deirtear sa seanamhrán, ach ní gnách ainmfhocail dar tús f a shéimhiú inniu. Tugtar an treoir seo sa CO:

  1. I ndiaidh ainmfhocail bhaininscneacha san uimhir uatha: 'Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má thosaíonn an t-ainmfhocal sin ar f, e.g., buile feirge; cúirt filíochta; deoch fuisce; deoir fola; pailin féir; sochaí faisnéise (10.2.7).
  2. I ndiaidh ainmfhocail a bhfuil críoch chaol orthu san uimhir iolra: 'Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má thosaíonn sé ar f, e.g., beithígh feirme; botháin freastail; buidéil fuisce (10.2.8).

Maidin fómhair atá tugtha ar www.focloir.ie. Gan amhras, níor cheart seantéacsanna a chaighdeánú scun scan.

Roinn an Post seo: