Seo thíos roinnt nótaí ar mhíthuiscintí coitianta maidir le rialacha an tséimhithe, agus ar dhifríochtaí idir gnásanna canúna agus rialacha an CO.

  1. An briathar saor. Ní gnách an briathar saor san aimsir chaite shimplí a shéimhiú: Cuireadh an litir sa phost; Níor goideadh rud ar bith; An chaoi ar caitheadh an t-airgead. Is eisceacht air sin na briathra neamhrialta bhíothas, chonacthas, chualathas, chuathas agus thángthas. I gcanúintí áirithe, ní shéimhítear an briathar saor in aimsirí eile, m.sh. an aimsir ghnáthláithreach. Séimhítear de réir an CO, áfach: An t-airgead a chaitear; Foinn a sheinntear go minic.
  2. Críoch chaol. Is séimhiú lochtach atá i samplaí mar amhránaithe bhreátha, ionsaithe fhíochmhara etc. Is é is cúis leis, sílim, ná míthuiscint i dtaobh samplaí mar leabhair mhóra, pinn dhearga etc. Is amhlaidh a shéimhítear na haidiachtaí sin toisc consan caol a bheith i ndeireadh an ainmfhocail rompu. Is cosúil go mbaintear míbhrí as an méid sin agus go síltear go gcaithfear an aidiacht a shéimhiú má chríochnaíonn an t-ainmfhocal iolra ar ghuta caol. Ní hamhlaidh atá: amhránaithe breátha, ionsaithe fíochmhara.
Roinn an Post seo: