Ní miste slán a úsáid sa chiall secure ach ní gnách breischéimeanna na haidiachta a úsáid:

  • Is é Firefox an brabhsálaí Gréasáin is gasta, is sláine, agus is in-saincheaptha.
  • Mothóidh an fhoireann níos sláine má léiríonn an eagraíocht tiomantas i leith na bhfostaithe.

B'fhearr go mór is sábháilte sa chéad sampla thuas. Tá casadh beag i gciall an fhocail slán sa dara sampla. Ní cosaint ar bhaol éigin atá i gceist go díreach, ach go mbeadh an fhoireann níos muiníní agus níos sásta.

 

 

Roinn an Post seo: