Chomh minic lena mhalairt is focal béarlagair é solution. Áisseirbhís an chiall atá leis, murab ionann agus réiteach nó leigheas ar fhadhb. Fágann sin blas aisteach ar abairtí Gaeilge mar an abairt seo thíos.

Cuideachta nuabhunaithe a thairgeann réitigh Teicneolaíocht Faisnéise ar fáil.

Bíodh is nach aistriúchán ón Bhéarla an téacs ina bhfuarthas an abairt thuas, is furasta a shamhlú gur that offers Information Technology solutions a bhí ar intinn an údair. Le fírinne, níl ann ach gur cuideachta nuabhunaithe í seo a chuireann seirbhísí Teicneolaíocht Faisnéise ar fáil.

Roinn an Post seo: