Níl aon ghné den ghramadach is mó a chraplaíonn an Ghaeilge scríofa ná na rialacha casta a bhaineann le hinfhilleadh agus claochlú tosaigh i sraitheanna ainmfhocal. Níl mórán dua ag baint le samplaí mar urlabhra páirtí polaitíochta toisc gur ainmfhocal den cheathrú díochlaonadh é páirtí nach féidir a infhilleadh i gcás ar bith. Ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí. Bainfimis triail as sraith eile: láithreoir + clár ceoil.

Cad é mar is fearr an tsraith sin a chur le chéile?

  • Seo mar a bheadh de réir an CO (3.3.12): láithreoir cláir ceoil. Déantar gach focal san aonad céille clár ceoil a infhilleadh. Féach freisin leabhar + múinteoir scoile = leabhar múinteora scoile.
  • Seo mar a bheadh de réir GGBC (4.14): láithreoir cláir cheoil. Tabhair faoi deara go bhfuil séimhiú ar ceoil toisc go ndearnadh clár a chaolú. Féach freisin: toirtín aráin choirce; sárú gealltanais phósta.

Nós eile ar fad atá sna samplaí in www.focloir.ie, i.e. gan an chéad fhocal den aonad céille a infhilleadh ar chor ar bith: láithreoir clár raidió. Tugtar bata fear siúil ar an riail seo go coitianta. Má tá tú chun glacadh leis an riail seo, caithfidh tú cuimhneamh ar dhá phointe eile:

  1. Ní bhíonn infhilleadh ann i gcás aidiachta ach oiread: buidéal fíon dearg, scéal bean óg.
  2. Ní chuirtear rialacha an tuisil ghinidigh i bhfeidhm ar an chéad fhocal den aonad céille san uimhir iolra ach oiread: cnuasach + leabhair Ghaeilge = cnuasach leabhair Ghaeilge; cumadóir + amhráin phopcheoil = cumadóir amhráin phopcheoil.

Siúd iad na rialacha a bhaineann le sraitheanna ainmfhocal, ach ceadaíonn an CO na múnlaí bata fear siúil agus buidéal fíon dearg i gcomhthéacsanna áirithe:

  • I ndiaidh réamhfhocal comhshuite: faoi dhéin cupán tae, i ndiaidh breac mór millteach.
  • I ndiaidh ainm briathartha: ag déanamh obair mhaith.

Tá cuntas sna nótaí thuas ar thrí struchtúir atá luaite i bhfoinsí tagartha údarásacha. Tharla go bhfuil nósanna eile ann a léiríonn an mearbhall a bhíonn ar scríbhneoirí faoi na cúrsaí seo. Ní hannamh, mar shampla, a chuirtear séimhiú ar thúslitir an aonaid chéille:

  • Is láithreoir chlár ceoil í Kristine ar BBC Raidio nan Gaidheal.

Tá an séimhiú sin mícheart mar is péire ainmfhocal éiginnte atá in clár ceoil. Is léir go bhfuiltear ag aithris ar struchtúr eile ar fad, a mhínítear san iontráil HATA FHEAR AN TÍ.

Níl na foinsí tagartha ar aon fhocal maidir le séimhiú a chur ar ainmfhocail a dhéanann cáiliú ar ainmfhocail fhirinscneacha a bhfuil críoch chaol orthu sa tuiseal ginideach. Ar na samplaí atá tugtha sa CO (10.2.9) tá bord údaráis creidiúnúcháin, feidhmiú an achtacháin cánachais sin, síniú an choinbhinsiúin cóipchirt.

I gcead don CO, chuirfeadh a lán scríbhneoirí séimhiú ar na samplaí sin, agus údarás GGBC agus FGB acu leis: bord údaráis chreidiúnúcháin, feidhmiú an achtacháin chánachais sin, síniú an choinbhinsiúin chóipchirt.

Má tá síniú an choinbhinsiúin chóipchirt ceart de réir foinsí áirithe, an amhlaidh a shéimhítear an t-ainmfhocal deiridh i gcónaí? Cé acu atá ceart: deireadh an chluiche cheannaisdeireadh an chluiche ceannais? An leagan neamhshéimhithe atá ceart, mar níl críoch chaol ar an fhocal cluiche. Mar a chéile i gcás trealamh banna ceoil, sealbhóir cárta bainc, coiste coláiste samhraidh etc.

Roinn an Post seo: