Tá an nath fear an tí ar eolas duine ar bith a chuaigh chuig céilí riamh. Is é foirm ghinideach an fhocail teach, atá cinnte sa nath seo ó tharla an t-alt a bheith leis. Mar sin de, is ainmfhocal cinnte sa tuiseal ginideach é . An focal úd fear atá ag teacht roimh , is amhlaidh a cháilíonn sé an t-ainmfhocal cinnte sa ghinideach. Déanann siad aonad céille atá comhdhéanta d’ainmfhocail chinnte: fear an tí. Mar a chéile atá muintir na cathrach, téacs an Bhunreachta agus mar sin de.

Is mar seo a aithnítear ainmfhocal cinnte:

  • An t-alt a bheith leis: an teach, na mná
  • An t-ainmfhocal a bheith ina ainmfhocal dílis ag tagairt do dhuine, do dhream nó d’áit ar leith: Síle, Cromail, Corcaigh, Cumann Lúthchleas Gael.
  • Aidiacht shealbhach a bheith leis an ainmfhocal: mo theachsa, ár dteanga féin.
  • An t-ainmfhocal a bheith á cháiliú ag orduimhir: rang a cúig, cuid a dó.
  • Is ainmfhocal cinnte aon ainmfhocal a cháilíonn ainmfhocal cinnte sa ghinideach: fear an tí.

Cuir i gcás go dtagann ainmfhocal eile roimh a leithéid sin d’aonad céille cinnte, sin nó aon cheann de na rudaí a chuireann ainmfhocal sa ghinideach de ghnáth. Sa chás sin, ní dhéantar an t-aonad céille cinnte a infhilleadh. Is amhlaidh a fhanann sé sa tuiseal ainmneach ach go gcuirtear séimhiú ar thúslitir an aonaid:

  • Hata + fear an tí = hata fhear an tí.
  • Greann + muintir na cathrach = greann mhuintir na cathrach
  • I dtaobh + téacs an Bhunreachta = i dtaobh théacs an Bhunreachta

Is é an nós céanna a bhíonn ann is cuma cá mhéad ainmfhocal a bheadh ann:

  • cathair Chorcaí
  • mhuintir chathair Chorcaí
  • greann mhuintir chathair Chorcaí
  • ag moladh ghreann mhuintir chathair Chorcaí

Is fíor go bhfeicfear nósanna eile i dtéacsanna liteartha agus go gcloistear seanleaganacha fós i gcanúintí áirithe. Seans gur sa tuiseal ginideach a bheidh gach ainmfhocal sa tsraith, diomaite den chéad cheann. Féach, mar shampla, an chéad líne de Mar Chonnac-sa Éire le Peadar Ó hAnnracháin: Lá tar éis lae Feise Beanntraighe. Inniu, bheifeá ag súil le Lá tar éis lá Fheis Bheanntraí.

Roinn an Post seo: