Focal úsáideach é suntasach ach shílfeá in amanna gur féidir é a úsáid chun trácht ar gach uile rud suaithinseach nó ar rud ar bith a bhfuil méid shonraíoch ann. Is mar seo a sainmhíníodh suntasach in FGB: Noticeable, remarkable; prominent, distinctive. I ndiaidh duit na habairtí thíos a léamh, mheasfá go bhfuil ciall na bhfocal Béarla substantial, sizeable agus significant i ndiaidh greamú den fhocal Gaeilge.

  • Íocfar tuarastal suntasach leis an té a cheapfar.
  • Sin an fáth go mba cheart do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh suntasach nó sos ó shaol na hoibre a fháil go rialta.
  • Go suntasach, tá laghdú ar líon na bhfolúntas tógála.

Níl mé ag maíomh go bhfuil na habairtí thuas mícheart amach is amach ach measaim go dtiocfadh focail níos oiriúnaí a chur in áit suntasach i ngach ceann acu. Ní focail dheacra iad ach oiread.

  • Íocfar tuarastal maith leis an té a cheapfar.
  • Sin an fáth go mba cheart do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh ceart nó sos ó shaol na hoibre a fháil go rialta.
  • Is díol suntais é go bhfuil laghdú ar líon na bhfolúntas tógála.

Is leaganacha malartacha iad súntas agus súntasach.

Roinn an Post seo: