Bíonn úsáid an bhriathair tabhair go mór faoi thionchar an Bhéarla give:

  • Tá an AE ag tabhairt spreagadh do Bhallstáit chun polasaithe iniata gníomhacha a fhorbairt. (ag spreagadh Ballstát chun)
  • Thug sé taitneamh don Choiste cuairt a thabhairt ar Theach na gCanónach i mí Dheireadh Fómhair. (Bhain an Coiste taitneamh as an gcuairt)
  • Agus ná déan dearmad nach féidir tabhairt faoi tháirgí ná faoi sheirbhísí nua gan oiliúint a thabhairt do na hoibrithe. (gan oiliúint a chur ar na hoibrithe)
Roinn an Post seo: