Ní i gcónaí a dhéantar dealú idir thóg/tógadh agus thug/tugadh. An chomhchosúlacht fuaime, is dócha, is cúis le leaganacha mar seo:

  • Rugadh agus tugadh Dan Dowling i mBéal Feirste. (tógadh)
  • I measc mo chaitheamh aimsire tá mé tógtha don sacar agus don scríbhneoireacht. (tugtha)
  • Thóg sé céim chun tosaigh. (thug)

 Má bhíonn amhras ar scríbhneoirí cé acu tógtabhair a theastaíonn, is furasta an méid sin a sheiceáil in FGB.

Roinn an Post seo: