Níl aon locht ar abairt mar an struchtúr a thacú más é an chiall atá leis an struchtúr a theanntú sa chaoi is nach dtitfidh sé. Níl aon dealramh ar abairtí den chineál seo, áfach:

Cur chuige nuálach chun fiontair tuaithe a thacú, a fhorbairt agus a chothú.

Seans gur roghnaigh an t-údar a thacú chun go dtiocfadh fiontair tuaithe a bheith ina chuspóir ag tacaigh, forbair agus cothaigh in aon sraith dheas néata amháin. Ach más dáimh nó cabhair a thabhairt do dhream nó do chúis faoi leith atá i gceist, caithfidh le a chur le tacaigh:

Cur chuige nuálach chun tacú le fiontair tuaithe agus chun iad a fhorbairt agus a chothú.

Cur chuige nuálach chun fiontair tuaithe a fhorbairt agus a chothú agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh.

Caithfear cuimhneamh chomh maith gur struchtúr neamhaistreach é tacaigh le.

Cibé ar bith, tá súil againn go mbeidh tú sásta a thacú leis an iarracht seo. (tacú leis an iarracht)

Roinn an Post seo: