Níl na foinsí tagartha ar aon chomhairle faoi inscne an ainmfhocail talamh. Maítear in FGB go bhféadann sé a bheith firinscneach nó baininscneach. Dá bharr sin a thugtar talamh tirim agus talamh thirim ar www.tearma.ie mar aistriúcháin ar dry land.

De réir GGBC, is í foirm an ghinidigh uatha amháin atá dé-inscneach, sa dóigh is go mbeadh tiarna talaimh agus tiarna talún chomh ceart lena chéile. Féach GGBC: 8.3.

Roinn an Post seo: