B’fhearr gan an múnla Tagann Dearbhla as Gaillimh a scríobh nuair a bhítear ag trácht ar áit dhúchais nó ar áit chónaithe duine.

Cuirim fáilte roimh an Aire don dara huair inniu. Tagann sé as mo pharóiste féin. (Is as mo pharóiste féin dó.)

Ar ndóigh, bheadh tar as inghlactha i gcomhthéacsanna eile, nuair is taisteal nó cuartaíocht atá i gceist.

Is cuma cén cearn as ar tháinig tú chugainn, a chuairteoir, fearaim fíorchaoin fáilte romhat chun an hEaglaise seo.

Roinn an Post seo: