Tá (faoi) mar a tharlaíonn sé chomh bunaithe faoin am seo nach féidir é a ruaigeadh, ach is fiú cuimhneamh go bhfuil friotal níos dúchasaí sa Ghaeilge ná lomaistriúchán ar as it happens.

  • Mar a tharlaíonn sé, tá cúis cheiliúrtha ar leith anseo anocht mar tá an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta ar an fhód le 35 bliain i mbliana. (Is amhlaidh atá cúis cheiliúrtha...)
  • Chuaigh mé go díograiseach chuig achan chluiche de m’fhoireann féin (Glenavon, mar a tharlaíonn sé) seachtain tar éis seachtaine. (Glenavon, bíodh a fhios agaibh)
  • Mar a tharlaíonn, tá mé féin ag obair ar an tionscadal sin. (Tharla go bhfuil mé féin...)
  • Faoi mar a tharlaíonn ní i dtuaisceart nó i lár na Gaillimhe, na ceantracha is mó ina raibh foréigean ann in aghaidh an R.I.C... (Déanta na fírinne, ní i dtuaisceart...)

Bunús mór an ama ní bhíonn brí ar bith á iompar ag mar a tharlaíonn agus ba chomaoin ar an abairt é a fhágáil ar lár ar fad:

Bhíomar faoi dhraíocht ag fear áitiúil (ón Iorua faoi mar a tharlaíonn sé ach é ina chónaí anois i mBarr na hAoine) agus é ag seinm ar an liúit.

Roinn an Post seo: