Má mhaireann cruinniú níos faide ná mar a bhí ceaptha, is amhlaidh a théann sé thar am. Ach tá ciall eile le thar, mar is léir ón abairt seo:

Íocfar deontas €74,000 thar trí bliana. (Is é sin, i gcaitheamh trí bliana.)

San abairt thíos, ní léir cé acu brí atá i gceist:

Ní ceadmhach d'Uachtarán a bheith san oifig thar dhá théarma.

An é nach ceadmhach d'Uachtarán dhá théarma iomlána a chur isteach? Is furasta an débhríocht a sheachaint ach focal aonchiallach a úsáid:

Ní ceadmhach d'Uachtarán a bheith san oifig ar feadh níos mó ná dhá théarma.

Roinn an Post seo: