Is fíor go bhfuil an chiall déanfoirgnigh ag baint leis an bhriathar tóg, ach is gnách gur struchtúir a thógtar ón talamh aníos a bhíonn i gceist. Tógtar foirgneamh, cruach mhóna agus mar sin de. B'ait leat, mar sin, na habairtí samplacha seo:

  • Thóg siad dífhibrilitheoir iniompartha. (rinne/cheap siad).
  • Déanann an gabhlán gaoithe a nead a thógáil i spásanna folamh i bhfoirgnimh agus fothracha. (déanann an gabhlán gaoithe nead)
Roinn an Post seo: