Ní hannamh a scríobhtar a leithéid seo:

  • Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc tinneas.
  • Ach toisc ciorruithe a chuirfear i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla le bheith incháilithe.

Ní gnách toisc + ainmfhocal a scríobh mar a scríobhfá de bharrmar gheall ar. Is cabhair don léitheoir tuilleadh faisnéise a chur leis:

  • Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc oibrithe a bheith tinn.
  • Ach toisc go bhfuil ciorruithe le cur i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla le bheith incháilithe.

Tá sampla amháin de toisc + ainmfhocal in FGB, ach féach go gcuirtear an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach sa struchtúr sin:

toisc na cainte go léir, on account of all the talk

 

Roinn an Post seo: