Ní hannamh an dá fhocal triail agus triall in ionad a chéile:

  • Cuimhnigh gur féidir Cúla4 a thabhairt leat cuma cá bhfuil do thriail! (do thriall)
  • Tá an triall seo éigeantach do iarrthóirí go bhfuil cónaí in Éirinn nó go bhfuil sé i gceist acu teagasc in Éirinn. (triail)

Imeachtaí cúirte a bhíonn i gceist le triail. Turas is ea triall.

 

Roinn an Post seo: