Déanann trúig comhlogaíocht le bás:

Creidtear freisin gurb é an polóiniam ba thrúig bháis d'Irène Jolio-Curie.

Is ionann sin agus a rá gurb é an polóiniam a mharaigh í. Tá an úsáid sin chomh bunaithe gurbh ait leat trúig a lua le haon ní eile:

  • Is de bharr an mhíshuaimhnis agus an trúig scannail a bhaineann leis an gcleachtas sin a cuireadh binsí fiosraithe ar bun an chéad lá. (an t-údar scannail)
  • Ábhar imní don Údarás le fada éifeachtúlacht chóras bailithe na dTáillí Ceadúnais teilifíse. Treisíodh an imní sin i mbliana agus níorbh é an trúig imní ba lú é. (an chúis imní/an t-ábhar imní)
Roinn an Post seo: