uair an chloig níos beaichte ná uair nuair is tréimhse ama 60 nóiméad atá i gceist. Cuir i gcás, tá difear céille idir Bhí mé ag caint leis cúpla uair agus Bhí mé ag caint leis (ar feadh) cúpla uair an chloig.

Trí huaire, deich n-uaire a deirtear de ghnáth, ach is fearr uair an chloig a choinneáil san uimhir uatha tar éis uimhreach:

Clúdaíonn liúntas thar oíche tréimhse suas le 24 uair an chloig ón am imeachta, chomh maith le haon tréimhse bhreise nach dtéann thar 5 uair an chloig.

Uair a' chloig atá sa chaint, agus ní chloistear n an ailt. Ba chóir é a scríobh, áfach, má táthar ag iarraidh cloí leis an litriú caighdeánach.

Roinn an Post seo: