Is minic a théann scríbhneoirí Gaeilge i muinín na n-uaschamóg chun focail a mheasann siad a bheith deacair nó deoranta a chur i láthair a gcuid léitheoirí:

Thit sé ar a cheithre boinn ar an urlár agus rinne sé caoga "brú aníos" i ndiaidh a chéile. Gan fanacht le hanáil a tharraingt, thiontaigh sé ar a dhroim agus rinne sé caoga "suí aniar" gan stad.

Gan amhras, ní bheadh na téarmaí Gaeilge ar push-ups agus sit-ups ar bharr a dteanga ag gach léitheoir, ach cén chiall atá le baint as na huaschamóga sa chomhthéacs seo?

Is minic a úsáidtear uaschamóga go híorónta, mar shampla 'Ceannaire' atá ann, dar leis féin. Corruair, is go leithscéalach a úsáidtear iad, amhail is a rá go measann an scríbhneoir na focail a bheith lochtach ar bhealach éigin. Féach, mar shampla, an abairt seo as An Aifric Theas le hÉamonn Mac Giolla Iasachta:

Thug mé an rud céanna fé ndeara i mhuintir oifigí an Rialtais; agus is beag den ‘Téip Dhearg’ a chonaic mé ag na hAirí ná ag na cléirigh is airde.

Shílfeá nach raibh an t-údar rómhuiníneach as teip dearg, agus go raibh faitíos air go gcuirfí Béarlachas ina leith as lomaistriúchán a dhéanamh ar red tape. Sórt fál cosanta is ea na huaschamóga. Bhí an t-údar Béarla Ernest Gowers ag gearán faoin nós chomh fada siar le 1948: ‘I know this is not quite the right word’, the inverted commas seem to say, ‘but I can’t be bothered to think of a better’; or, ‘please note that I am using this word    facetiously’; or, ‘don’t think I don’t know that this is a cliché’. If the word is the right one, do not be ashamed of it: if it is the wrong one, do not use it.

Seans gurbh fhearr maorlathas seachas teip dhearg ach is faoin údar atá sé an cinneadh sin a dhéanamh. Tharla gur téarmaí faofa iad brú aníos agus suí aniar. Féadann léitheoirí iad a lorg sna foclóirí, más gá. Ní miste don scríbhneoir a bheith níos féinmnuiníní agus na huaschamóga a fhágáil ar lár:

Thit sé ar a cheithre boinn ar an urlár agus rinne sé caoga brú aníos i ndiaidh a chéile. Gan fanacht le hanáil a tharraingt, thiontaigh sé ar a dhroim agus rinne sé caoga suí aniar gan stad.

 

Roinn an Post seo: