Is focal úsáideach é uathoibríoch chun trácht ar innealra agus ríomhairí. Ní oireann sé go rómhaith don chur síos ar ghníomhartha daoine.

  • Chúlaigh na daoine go huathoibríoch.
  • Cé gur chuir sé seo i mbaol thú [gnéas gan choiscín], ní cóir duit glacadh leis go huathoibríoch go bhfuil galar gnéis tolgtha agat.

Níl ann ach gur chúlaigh na daoine gan fiú smaoineamh air. Níl feidhm le dobhriathar ar bith sa dara sampla; ba leor glacadh leis. Bheadh 'deimhin a dhéanamh de' níos fearr fós.

Roinn an Post seo: