Is focal úsáideach é uathúil chun an coincheap unique a chur in iúl. Ní hannamh, áfach, a bheadh gnáthfhocail níos oiriúnaí d’fhriotal an téacs.

  • Is cathair uathúil é Baile Átha Cliath.
  • Tá comórtas litríochta Fhoras na Gaeilge, Gradam Reics Carló, uathúil i saol liteartha na Gaeilge.

 Dar liom, ní oireann uathúil go rómhaith do mheon maíteach, mórálach na n-abairtí sin. Tá an-chuid bealaí eile ann chun an chiall a chur in iúl:

  • Ní cathair mar gach cathair é Baile Átha Cliath.
  • Comórtas litríochta ar leith is ea Gradam Reics Carló, comórtas nach bhfuil a leithéid eile le fáil i saol liteartha na Gaeilge.
Roinn an Post seo: