Tagann fadhbanna uimhreach chun cinn i gcás aonaid chéille, is é sin péirí focal a chuireann coincheap amháin in iúl. A leithéid seo:

  • Chomh mhaith leis an gclub óige, eagraíonn Cumann na bhFiann go leor imeachtaí bliantúla náisiúnta, ar nós ceolchoirmeacha, dioscó, deireadh seachtainí as baile, srl.
  • I measc na n-imeachtaí a reáchtálann sí féin agus Craobh Phádraig Mhic Phiarais, tá ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa céilithe.

Tá feidhm aidiachta leis na hainmfhocail seachtaine agus céilí sna haonaid chéille deireadh seachtaine agus damhsa céilí. Tuairiscíonn siad cén cineál deireadh agus damhsa atá i gceist. I gcás go mbeifí ag trácht ar níos mó ná deireadh seachtaine amháin nó ar níos mó ná damhsa céilí amháin, is é an chéad ainmfhocal ba cheart a chur san uimhir iolra: deirí seachtaine agus damhsaí céilí

Roinn an Post seo: