Níl na foinsí tagartha ar aon chomhairle faoi uimhir an ainmfhocail i ndiaidh leaganacha iolra na ndeicheanna (na céadta, na mílte srl.).

  • De réir GGBC agus www.focloir.ie, is í an uimhir uatha den ainmfhocal a úsáidtear i gcónaí, is cuma cé acu lagiolra nó tréaniolra atá ann: na céadta fear, na mílte duine.
  • De réir an CO reatha, is sa ghinideach iolra a bhíonn an t-ainmfhocal. Dá bhrí sin, is í an fhoirm uatha a bhíonn ann i gcás lagiolraí (na céadta fear) agus an fhoirm iolra i gcás tréaniolraí (na mílte daoine).

Tá an fonóta seo le halt 9.3.9. den CO: 'Leanann an ginideach iolra na hainmfhocail uatha dosaen agus scór freisin, e.g., dosaen amhrán; scór daoine.'

Roinn an Post seo: