Níl aon fhocal Gaeilge ann a thugann gach ciall den fhocal Béarla voluntary slán. Ní mór focal oiriúnach a roghnú as scata focail ghaolmhara: toilteanach, toiliúil, deonach agus saorálach. Ní beag sin. Thiocfadh toildeonach a chur leis an liosta, cé nach bhfuil an focal sin tugtha sna foclóirí. 

Obair a dhéantar gan tuarastal gan íocaíocht, is amhlaidh is obair dheonach í. Bítear ag trácht, mar shampla, ar an earnáil dheonach, is é sin eagraíochtaí carthanachta agus pobail ar nós Chumann Naomh Uinseann de Pól. Corruair, úsáidtear saorálach sa chomhthéacs céanna i dteidil oifigiúla, mar shampla European Voluntary Humanitarian Aid Corps/An Cór Daonchabhrach Saorálach Eorpach. Bíodh sin mar atá, is i gcomhthéacs airgeadais is minice a úsáidtear saorálach, i gcúrsaí cánach, árachais, pinsin agus mar sin de, mar shampla ranníocaíocht shaorálach.

Rud a dhéanfadh daoine dá dtoil féin, is amhlaidh a dhéanann siad go toilteanach é. I gcás go mbeadh achrann ann faoi thiomna, mar shampla, bheifí ag iarraidh a chruthú gur go toilteanach a rinneadh an tiomna. Níl aon dealú soiléir idir toilteanach agus toildeonach, ach is minic a úsáidtear toildeonach san áit a mbeadh volitional i dtéacsanna a bhaineann le cúrsaí oideachais.

Má dhéantar rud go toiliúil, is amhlaidh a dhéantar d’aon turas é. Damáiste toiliúil, mar shampla a thugtar ar wilful damage

Maidir le volunteer, is iontach cé chomh minic a fheictear abairtí mar seo:

  • Is iontach an méid daoine a oibríonn mar óglaigh do chúiseanna maithe.
  • An coiste áitiúil agus óglaigh eile a chuidíonn linn le reáchtáil na gcomórtas.

Volunteers de shórt eile ar fad is ea Óglaigh na hÉireann. Is oibrithe deonacha atá i gceist sna habairtí thuas.  

Roinn an Post seo: