Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil fáil ar Blas, pacáiste cleachtaí foghraíochta a bhfuil leabhar, dlúthdhiosca agus lámhleabhar múinteora ann. Aistear, i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a chuir an pacáiste ar fáil.

Rinne an Dr Seán Mac Corraidh, Coláiste Mhuire, Béal Feirste, Blas a sheoladh le linn Thionól Teagaisc na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, 28 Samhain 2014.

Deir Antain Mac Lochlainn, duine de Chomhstiúrthóirí Aistear, gur ócáid an-oiriúnach a bhí ann chun Blas a chur i láthair an phobail. “Tá súil againn go mbeidh sé ina chuidiú ag múinteoirí dara leibhéal agus ag teagascóirí eile. Tá cleachtaí ann a chuirfidh le tuiscint na bhfoghlaimeoirí ar thábhacht na foghraíochta agus a chuideoidh leo fuaimeanna na Gaeilge a thabhairt leo.”

Ghabh sé buíochas le COGG as an tionscadal a mhaoiniú agus as páirt ghníomhach a ghlacadh i ndearadh an phacáiste.

Tuilleadh eolais: eolas@cogg.ie

Roinn an Post seo: