Riarthóir Teanga (gníomhaire sealadach - AD5) le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht A de chuid na Comhairle, an tSeirbhís Aistriúcháin - Aonad na Gaeilge

Tag: CONS/TA-AD/135

Tá aistritheoirí Gaeilge atá tiomanta don ardcháilíocht agus atá pointeáilte coinsiasach á lorg ag Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC). Ní mór duit scoth na Gaeilge agus Béarla an-mhaith a bheith agat. Caithfidh tú a bheith in ann oibriú faoi bhrú agus spriocdhátaí íogaire a chomhlíonadh gan cáilíocht na hoibre a chur i mbaol. Conradh sealadach idir 2 bhliain agus 4 bliana a bheidh á thairiscint againn ar dtús, conradh a d’fhéadfadh a bheith in-athnuaite.

An ról a bheidh agat:

Aistriúchán agus athbhreithniú a dhéanamh
Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh
Cur le forbairt an dea-chleachtais don Aonad nó don tSeirbhís Aistriúcháin
An áit oibre: An Bhruiséil, an Bheilg

Is é an 19 Samhain 2017 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Gach eolas:

http://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/job-opportunities/

Roinn an Post seo: