Tá lúcháir ar www.aistear.ie an chéad saothar taighde úrnua a fhoilsiú in ‘Taighde agus Cartlann’. Is é atá ann ná tráchtas a rinne Colm Duffin ar nósanna teanga i nGaeltacht Dhún na nGall. Trí thrascríobh a dhéanamh ar chláir raidió, agus trí shraith agallamh le cainteoirí dúchais d’aoiseanna éagsúla, d’fhéach Colm le teacht ar thuiscint níos cuimsithí faoin ngnáthúsáid maidir le dhá ghné lárnacha den ghramadach: an tuiseal ginideach agus an clásal coibhneasta.

Is mór le www.aistear.ie deis fhoilsithe a thabhairt do scoláirí atá ag saothrú i ngort na teangeolaíochta feidhmí agus na Nua-Ghaeilge.

Is céimí de chuid Ollscoil Uladh Cúil Raithin é Colm Duffin atá anois ina Scoláire Cuairte de chuid Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada i Roinn an Léinn Cheiltigh, Coláiste Mhicheáil, Ollscoil Toronto.

Roinn an Post seo: