Suíomh Gréasáin úrnua atá in www.aistear.ie a chuirfidh áiseanna oiliúna ar fáil d’aistritheoirí, d’eagarthóirí agus do gach aon duine a bhíonn ag scríobh i nGaeilge. I measc na n-ábhar atá ar an suíomh, tá cleachtaí aistriúcháin agus eagarthóireachta, téacsanna tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeilge scríofa agus bunachar de na botúin agus de na pointí deacrachta is coitianta sa Ghaeilge.

“Beimid ag cur leis na hábhair ó mhí go mí,” a deir eagarthóir an tsuímh, Antain Mac Lochlainn. “Táimid ag iarraidh ar phobal na Gaeilge dul i bpáirt linn san obair seo, go háirithe sa chuid sin den suíomh a dtugtar ‘Cruinneas’ air.”

Is é atá in Cruinneas ná bunachar de na deacrachtaí agus de na botúin is coitianta sa Ghaeilge. De réir mar a bheifear ag cur le líon na n-iontrálacha, beidh saothar tagartha fíorluachmhar á chruthú le haghaidh foghlaimeoirí, múinteoirí, léachtóirí, aistritheoirí, eagarthóirí agus scríbhneoirí de gach cineál.

“Má thugann duine faoi deara go n-úsáidtear focal sa chiall mhícheart go minic, nó go bhfuil focal éigin ann a mhílitrítear an t-am ar fad, bheimis an-bhuíoch as na samplaí sin a sheoladh isteach chugainn le cur sa bhunachar,” a deir Mac Lochlainn.

Táimid buíoch do dhaoine a léigh réamhleaganacha d’ábhar an tsuímh, go háirithe do Helena Ní Ghearáin agus do Sheán Ó Raghallaigh. Chuir a gcuid moltaí agus ceartúchán comaoin mhór ar an suíomh.

Grafaicí Teoranta a rinne an suíomh a dhearadh.

Foilsítear na hábhair ar www.aistear.ie le tacaíocht Fhoras na Gaeilge.

Roinn an Post seo: