Léigh an téacs gairid seo thíos, a bhí ar Scrúdú Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Fhoras na Gaeilge, 21 Aibreán 2007. Beidh sé le haistriú agat ar ball beag, i ndiaidh roinnt plé ar an seánra téacs agus ar an gcur chuige aistriúcháin is fearr a oireann dó.

Tá leagan PDF den chleachtadh le fáil anseo.

An téacs foinseach
In order to protect your rights under national and European Union law and in order to make a claim, you must send your claim in writing to the appropriate authority, stating the circumstances of the loss and the exact amount you are claiming (fair market value of the property which was lost or destroyed, reasonable cost of repair for damaged property), within two years after your loss occurred.  The claim must be signed by you or your authorised representative (e.g., a lawyer, solicitor or other personal representative with appropriate proof of authority).

An seánra téacs
Is téacs leathoifigiúil é seo, i.e. tá sé oifigiúil sa mhéid is gur eagraíocht stáit nó ceann de na hinstitiúidí Eorpacha a d’fhoilsigh é, de réir cosúlachta, ach ní reachtaíocht ná doiciméad dlíthiúil atá ann.

Téacs faisnéiseach atá ann chomh maith, a chuireann eolas nó fíricí áirithe i láthair an léitheora. Tá an ghné fhaisnéiseach sin ag baint le formhór na dtéacsanna a bhíonn le haistriú go Gaeilge inniu, mar shampla tuarascála bliantúla, tuarascálacha taighde, eolas faoi róil agus faoi fheidhmeanna eagraíochtaí. Is annamh a bhíonn friotal fíortha, imeartas focal ná meafair nua i dtéacs faisnéiseach de chineál ar bith. Bíonn siad thar a bheith neodrach ó thaobh na stíle de. Is beag rian de phearsantacht ná de dhearcadh an údair a bhíonn le sonrú orthu. Bíonn béarlagair go fairsing ann, áfach, agus caithfidh cúram ar leith a dhéanamh den téarmaíocht.

Cur chuige aistriúcháin
Aistriúchán dílis is fearr a oireann dá leithéid seo de théacs. Cloíonn an t-aistriúchán dílis le ciall agus comhréir an téacs fhoinsigh, oiread agus is féidir sin gan an sprioctheanga (an Ghaeilge) a chur as a riocht. Feicfimid samplaí de sin sna nótaí ar an gcleachtadh seo.

Gaeilge chaighdeánach a theastaíonn ina leithéid seo de théacs.

Cuir Gaeilge ar an téacs agus cuir d’iarracht i gcomparáid leis an aistriúchán samplach agus na nótaí plé in Nótaí ar Chleachtadh 1

Roinn an Post seo: