Is iomaí dúshlán comhréire agus foclóra sa téacs gairid seo. Tá plé ar chuid acu sna nótaí thíos, chomh maith le haistriúchán samplach.

Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

An téacs foinseach

In order to protect your rights under national and European Union law1 and in order to make a claim, you must send your claim in writing to the appropriate authority, stating the circumstances of the loss2 and the exact amount you are claiming (fair market value3 of the property4 which was lost or destroyed, reasonable cost of repair for damaged property), within two years after your loss occurred.5  The claim must be signed by you or your authorised representative (e.g. a lawyer, solicitor or other personal representative with6 appropriate proof of authority).

Nótaí

1. under national and European Union law… Níl law luaite ach uair amháin ach tá dhá cháilitheoir luaite leis, i.e. national agus European Union. I gcás mar sin, is minic gur fearr an t-ainmfhocal a athrá i nGaeilge, bíodh is nach mbeadh sé luaite ach uair amháin sa Bhéarla. Féach an débhríocht a bheadh ann mura ndéanfá amhlaidh: ‘faoin dlí náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh’. Ní hamháin go bhfuil sin aisteach ó thaobh na gramadaí de; tugann sé le fios gurb ionann an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh.

2. Ní miste focal nó dhó a rá faoi chúrsaí téarmaíochta anseo. Ba cheart d’aistritheoirí focal Gaeilge a roghnú atá coibhéiseach leis an bhfocal Béarla, is é sin focal atá ag freagairt chomh dílis agus is féidir don fhocal sa teanga fhoinseach. Más claim atá sa Bhéarla is éileamh a chaithfear a bheith sa Ghaeilge, agus ní ‘iarratas’ ná ‘achainí’ ná focal ar bith eile, fiú má tá gaol gairid aige leis an bhfocal atá le haistriú. Más authority atá sa Bhéarla is údarás a chaithfear a bheith sa Ghaeilge, agus ní ‘eagraíocht’ ná ‘foras’ ná rud ar bith den chineál sin.

claim/éileamh agus authority/údarás furasta go leor ach tá roinnt focal anseo a bhfuil níos mó ná leagan amháin Gaeilge ag freagairt dóibh. Tá roinnt bealaí ann chun state a aistriú, mar shampla, agus ní léir go bhfuil ‘luaigh’ nó ‘sonraigh’ níos fearr ná a chéile. I gcás go mbeadh rogha le déanamh idir focail arb ionann ciall dóibh, is minic a bhíonn gnáthúsáid institiúide le cur san áireamh. Is nós le Rannóg an Aistriúcháin imthosca a úsáid chun circumstances a aistriú, agus iomchuí a úsáid chun appropriate a aistriú. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil ‘dálaí’ agus ‘cúinsí’ mícheart, ná nach dtiocfadh ‘cuí’ a úsáid le haghaidh appropriate. De réir a chéile a chuireann aistritheoirí eolas ar an bhfriotal is fearr le custaiméirí agus le hinstitiúidí faoi leith. Nós inmholta is ea leas a bhaint as foinsí téarmaíochta oifigiúla mar www.achtanna.ie agus iate.europa.eu nuair is téacs oifigiúil nó téacs dlí atá le haistriú agat. 

3. fair market value...Tá cabhair sna foinsí téarmaíochta ach fós tá cinneadh le déanamh ag an aistritheoir conas is fearr fair market value a aistriú. Maidir le market value tá rogha ann idir luach margaidh agus margadhluach. Is gránna an leagan é ‘margadhluach’ ach tá buntáiste amháin ag baint leis, is é sin gur furasta aidiacht a chur leis: ‘margadhluach cóir’. Mura dtaitníonn sin leat, caithfidh tú cinneadh a dhéanamh faoi ionad na haidiachta. An ‘luach cóir margaidh’ a bheadh ann nó ‘luach margaidh cóir’? Sa chás seo, sílim go dtuigtear ‘luach margaidh’ mar aonad céille agus gur féidir ‘cóir’ a chur leis gan débhríocht ar bith: 'luach margaidh cóir'.

4. Is focal ilchiallach é property agus is le dua a aistrítear é mura dtuigtear an comhthéacs. Seans gur tithe agus talamh a bheadh i gceist (property = real estate) nó foirgneamh nó áitreabh faoi leith. Sa chás seo, ní shonraítear cad é go díreach a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó.  Ní heol dúinn ach gur rud é atá i seilbh an éilitheora. ‘Maoin’ is fearr a úsáid sa chás sin, mar cuimsíonn sé gach uile rud a bheadh i seilbh duine.

5. Cén tábhacht atá leis an bhfocal occurred? An bhfuil dualgas orainn ‘ón uair a tharla do chaillteanas’ nó ‘ón uair a thit do chaillteanas amach’ a scríobh? Is ait liom an dá leagan. Measaim féin go bhfuil occurred ar cheann de na leaganacha sin ar thug Peter Newmark focail fholamha orthu, i.e. focail nach n-iompraíonn moran brí agus nach miste iad a fhágáil gan aistriú. Tá sampla maith eile ag Liam Ó Rinn in aiste leis dar teideal ‘Aistriúchán’: I was present at the meeting. Ní chailltear puinn de chiall na habairte má scríobhtar ‘Bhí mé ar an gcruinniú’ seachas ‘Bhí mé i láthair ag an gcruinniú’.

Bheadh fonn orm féin an t-alt a chur in áit na haidiachta sealbhaí ‘do’: ‘ó uair an chaillteanais’. Tá cuntas beag air sin san iontráil AN AIDIACHT SHEALBHACH 2  sa bhunachar Cruinneas.

6. B’fhearr liom féin, ó thaobh na stíle de, gan an réamhfhocal ‘le’ a úsáid ansin. Tá nóta faoi sin in AN RÉAMHFHOCAL LE sa bhunachar Cruinneas.

Aistriúchán samplach

Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

Chun do chearta faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a chosaint agus chun éileamh a dhéanamh, ní foláir duit d’éileamh i scríbhinn a sheoladh go dtí an t-údarás iomchuí, imthosca an chaillteanais agus an tsuim chruinn atá á héileamh agat a shonrú (luach margaidh cóir na maoine a cailleadh nó a milleadh, an costas réasúnta ar mhaoin dhamáistithe a dheisiú) laistigh de dhá bhliain ó uair an chaillteanais. Ní foláir an t-éileamh a bheith sínithe agat féin nó ag d’ionadaí údaraithe (m.sh. dlíodóir, aturnae nó ionadaí pearsanta eile a bhfuil an fhianaise údaráis iomchuí aige nó aici).

Roinn an Post seo: