Sna nótaí thíos, tá plé ar na fadhbanna aistriúcháin sa téacs foinseach in Ó Bhéarla go Gaeilge Cleachtadh 2, chomh maith le haistriúchán samplach. Tá leagan PDF de na nótaí le fáil anseo.

We examined1 the total capital2 expenditure under the scheme3 and the associated cost4 to the Exchequer, and the economic5 benefits. The study also identified6 changes which could be considered in relation to the ongoing operation of the scheme.

   Major information7 deficiencies8 existed9 in relation to the operation and extent of usage of the relief.10 These deficiencies have been addressed11 as part of this study by utilising a wide range of sources. This has enabled us to prepare detailed estimates12 of the costs of the scheme. The estimated costs relate to projects undertaken since the inception13 of the scheme in 2002.

Nótaí

1. examined... Ní gan dua a roghnódh an t-aistritheoir an focal ceart anseo. Tugtar an-chuid leaganacha faoin gceannfhocal examine ar www.tearma.ie, mar shampla ‘scrúdaigh’, ‘cíor/déan cíoradh ar’, ‘cuir faoi chaibidil’. Thiocfadh ‘iniúch’ agus ‘breathnaigh’ a chur san áireamh chomh maith. An bhfuil ceann ar bith acu níos fearr ná a chéile?
   Fadhb eile ná go dtugann na noda úsáide ar www.tearma.iele fios go bhfuil focail áirithe teoranta do réimsí áirithe saoil. Tá na noda ‘Oideachas’agus ‘Cúram sláinte’ le ‘scrúdaigh’, cuir i gcás. Déantar mic léinn agus othair a scrúdú – an féidir caiteachas a scrúdú fosta? Is féidir, agus is dócha gurb é sin an focal is fearr. Tá a shainchiall féin le ‘iniúch’ (audit) agus tá na leaganacha eile róghinearálta.

   Tá rogha eile le déanamh idir an briathar (‘scrúdaíomar’) agus an frása réamhfhoclach (‘rinneamar scrúdú air’). Ó tharla an abairt a bheith casta, tá buntáiste ag baint leis an leagan gonta ‘scrúdaíomar’. Mar sin féin, ba chabhair don léitheoir an réamhfhocal ‘ar’ a athrá roimh gach mír sa liosta.

2. capital expenditure... An é an t-ainmfhocal sa ghinideach (‘caiteachas caipitil’) nó an aidiacht (‘caiteachas caipitiúil’) a theastaíonn anseo, nó an amhlaidh gur mar a chéile iad? Tá plé gairid ar na ceisteanna sin san iontráil AIDIACHT NÓ AINMFHOCAL SA GHINIDEACH? sa bhunachar Cruinneas. Is rídhócha gurb í an aidiacht a theastaíonn sa chás seo, mar is léir ó iontrálacha ar www.tearma.ie agus www.achtanna.ie.

3. under the scheme... Is baolach don aistritheoir dul ar strae anseo agus a thabhairt le fios gur faoi bhun na scéime a rinneadh an scrúdú, murab ionann agus go ndearnadh scrúdú ar na suimeanna a caitheadh faoi bhun na scéime. Is minic a bhíonn an fhadhb chomhréire chéanna le sárú ag aistritheoirí ó Bhéarla go Gaeilge. Féach, mar shampla, ‘Scaoileadh saor iad siúd a bhí i bpríosún faoi bhun Chomhaontú Bhéal Feirste.’ Ar ndóigh, ní mar gheall ar an gComhaontú sin a cuireadh duine ar bith i bpríosún. A mhalairt ar fad: is mar gheall ar an gComhaontú a scaoileadh saor iad.

4. the associated cost to the Exchequer... ‘Gaolmhar’ an focal is coitianta ar associated, ach cén chiall a bheadh le ‘costas gaolmhar don Státchiste’? Is é atá i gceist anseo ná an costas a tharraing caiteachas na scéime áirithe seo ar an Státchiste – murab ionann agus an costas a bhaineann le caiteachas éigin eile. Measaim féin gur leor an aidiacht shealbhach ‘a’ (ag tagairt don chaiteachas) chun an méid sin a shoiléiriú: ‘a chostas [sin] don Státchiste’.

5. economic benefits... Sárshampla den neamhréir théarmaíochta a bhíonn le sárú ag an aistritheoir Gaeilge. Shílfeá go mbeadh téarma faofa amháin ann le haghaidh economic benefitsach féach go bhfuil ar a laghad ceithre leagan ann: ‘sochair eacnamaíocha’ agus ‘tairbhe eacnamaíoch’ (www.achtanna.ie)  agus ‘tairbhí eacnamaíocha’ (iolra) agus ‘leas eacnamaíoch’ ar iate.europa.eu. Bímis buíoch nach bhfuiltear anonn is anall idir ‘geilleagrach’, ‘geilleagair’, ‘eacnamaíoch’ agus ‘eacnamaíochta’ nó d’fhéadfaí sé leagan déag a bheith ann. Is leor leagan amháin a roghnú agus cloí leis. Is fearr liom féin 'sochair' mar is furasta é a chur san uimhir iolra. Ní hamháin sin, ach tá brí eile le 'leas' (interest).

6. The study also identified changes... Shílfeá ar dtús gurbh fhearr ‘Aithníodh X sa staidéar’ (seachas ‘D’aithin an staidéar X’) ar an tuiscint nár cheart gníomh coinsiasach a chur i leith ruda gan chroí gan aigne. Dá scríobhfaí sin, áfach, is é a bheadh ann, ‘Aithníodh athruithe sa staidéar...’ An sa staidéar atá na hathruithe a aithníodh?

7. ‘Eolas’ a déarfadh an gnáthdhuine le haghaidh information agus knowledge, gan dealú eatarthu in aon chor. Tharla gurbh éigean d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin dealú eatarthu: ‘faisnéis’ a thugtar ar information agus ‘eolas’ ar knowledge i dtéacsanna oifigiúla. Tá neamhréir shuntasach sna foinsí téarmaíochta éagsúla agus in ainmneacha eagraíochtaí maidir leis an bpointe seo.   

8. deficiencies... Tá rogha le déanamh idir téarmaí éagsúla: ‘easpa’, ‘easpacht’, ‘díothacht’, ‘uireasa’ agus ‘easnamh’. Is leor spléachadh a thabhairt ar na hiontrálacha ar www.tearma.ie le go dtuigfeadh an t-aistritheoir gur i gcomhthéacs sláinte is mó a úsáidtear ‘uireasa’. ‘Easnamh’ atá sna téarmaí airgeadais agus riaracháin, mar shampla deficiency account/cuntas easnaimh nó deficiency payment/íocaíocht easnaimh.

9. deficiencies existed... Is iomaí aistritheoir a d’fhéachfadh le focal Gaeilge a aimsiú atá ar aon bhrí leexisted. Focal folamh atá ann i ndáiríre. Is leor a rá go raibh easnaimh ann.

10. usage of the relief... Seans nár mhiste ‘faoiseamh’ a lua faoi dhó anseo, in ainneoin nach luaitear ach uair amháin sa Bhéarla é. Dá scríobhfaí ‘maidir le feidhmiú an fhaoisimh agus faoin úsáid a baineadh as’, d’fhéadfaí a thuiscint go bhfuil an forainm ‘as’ ag tagairt do ‘feidhmiú an fhaoisimh’. 

11. Is é is ciall do address sa chomhthéacs seo ná to deal with, to apply effort to a problem. Níl an chuma air go bhfuil leagan faoi leith ann a úsáidtear i dtéacsanna oifigiúla. D’fhóirfeadh ‘cúiteamh’ don chomhthéacs áirithe seo.

12. detailed estimates... Is minic a aistrítear detailed leis an réimír ‘mion’, mar shampla a detailed description/mionchur síos. Ní oireann an rogha sin nuair is more detailed atá le haistriú, mar níl breischéim ná sárchéim ag an réimír ‘mion’. Is mar gheall air sin atá an leagan úsáideach ‘mionsonraithe’ tagtha chun cinn. Dar liom, tá ‘meastachán mionsonraithe’ níos soiléire ná ‘mionmheastachán’. 

13. the inception of the scheme... Bíonn an rogha focal i gcónaí ag brath ar an seánra téacs. Dá mbeadh an téacs seo dírithe ar an ngnáthphobal is ‘ó bunaíodh’ nó ‘ó tosaíodh an scéim’ a roghnóinn féin. Ach is fearr a thagann ‘ó tionscnaíodh an scéim’ le blas oifigiúil an chuid eile den téacs.

Aistriúchán samplach

Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

Rinneamar scrúdú ar an gcaiteachas caipitiúil iomlán a rinneadh faoi bhun na scéime, ar a chostas don Státchiste agus ar na sochair eacnamaíocha. Chomh maith leis sin, d’aithin an staidéar athruithe a bhféadfaí iad a mheas i dtaca le feidhmiú leanúnach na scéime. 

Bhí móreasnaimh faisnéise ann maidir le feidhmiú an fhaoisimh agus faoin úsáid a baineadh as an bhfaoiseamh. Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin, baineadh úsáid as raon leathan foinsí sa staidéar seo. Chuir sin ar ár gcumas dúinn meastacháin mhionsonraithe ar chostais na scéime a ullmhú. Baineann na costais réamh-mheasta le tionscadail ar tugadh fúthu ó tionscnaíodh an scéim sa bhliain 2002.

Roinn an Post seo: