B’fhearr, ó thaobh na stíle de, gan amhlaidh a úsáid mar chuspóir mar atá déanta san abairt seo thíos:
- Choinnigh an Bhreatain a hairgeadra féin agus d’fhéad an tír seo amhlaidh a dhéanamh.
- Tá ár mbunscoileanna ag gnóthú níos fearr ná scoileanna ina lán tíortha eile, ní féidir amhlaidh a rá faoi roinnt dár n-iar-bhunscoileanna.
Is deise, dar liomsa, amhlaidh a úsáid mar dhobhriathar nó malairt friotail a aimsiú:
- Choinnigh an Bhreatain a hairgeadra féin agus d’fhéad an tír seo déanamh amhlaidh.
- Tá ár gcuid bunscoileanna ag gnóthú níos fearr ná scoileanna ina lán tíortha eile ach ní féidir an rud céanna a rá faoi roinnt dár gcuid iar-bhunscoileanna.
Roinn an Post seo: