SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 17

Déan cóipeagarthóireacht ar an sliocht thíos agus cuir d'iarracht i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 17. Bíodh aird agat ar na pointí seo a leanas:

  • Ceartaigh gach botún litrithe agus gramadaí.
  • Déan na leaganacha malartacha go léir a chaighdeánú.
  • Níl stíl ná comhréir na n-abairtí le hathrú.


Antoni Gaudí


Barcelona, 7 Meitheamh, 1926. Seanóir ag siúl go haonrach, gan chosúlacht ar bith air go raibh ceann scríbe ar a intinn aige ach é ar fhiarlaoid idir na tithe móra agus na siopaí faiseanta. Ag cúinne sráide, thug sé céim síos ón gcosán gan aird aige ar thrácht an bhealaigh mhóir. Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Buille uafásach. Buille mharfach, go deimhin, bíodh is nár éag an seanduine ar an toirt.

Chruinnigh na daoine thart air. Cuartaíodh pócaí a chasóige ag iarraidh cáipéis éigin a bhéarfadh fios a ainme do lucht an otharchairr ar ball. Deamhan cáipéis! Arbh fhéidir gur strainséir é – fámaire ó Pháras nó turasóir ó Mhaidrid? Ní go cionn trí lá níos déanaí, i ndiaidh an duine ghortaithe bás a fháil, a tuigeadh fírinne an scéil: bhí Antoni Gaudí, ailtire, dearthóir, ceannródaí, ar shlí na fírinne agus é in aois a cheathrú bliain is trí fhichid.

Ní raibh moill ar a chóchathróirí a aithint go raibh laoch ar lár. A fhianaise sin an t-iomad daoine a lean an chónra go dtí an Aifreann éagnairce in eaglais La Sagrada Família, mar ar chaith Gaudí a dhua agus a dhúthracht uile ón mbliain 1914 i leith.

Fear a bhí ann arbh fhurasta dó ollshaibhreas a charnadh, dá mbeadh a fhonn sin air. Cá raibh an t-ailtire ba mhó cáil ná é i measc sármháistirí na linne? Is amhlaidh gur shocraigh sé cromadh ar thógáil na heaglaise in ionad na gcoimisiún brabúsacha a bhí á dtairiscint ag baincéirí agus ceannaí na cathrach. Ba é a mhórmhian príomhchathair a dhéanamh de Barcelona agus teanga na Catalóine a chur i réim in athuair. B’ionann rún dá chuid carad go léir, beagnach, agus ní bhíodh leisc orthu an dearcadh náisiúnach sin a fhógairt don saol mór. Ba é an imní a bhí ar lucht aitheantas Gaudí, i mblianta deiridh a shaoil, ná go raibh sé imithe rófhada le hídéalachas agus le crábhadh. Ní gar a shéanadh go mbíodh cuma ghioblach air ná go gcuireadh sé a cholainn féin faoi bhrú uafásach oibre.