SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 17

Antoni Gaudí


Barcelona, 7 Meitheamh, 1926. Seanóir ag siúl go haonrach,1 gan chosúlacht2 ar bith air go raibh ceann scríbe ar a intinn aige ach é ar fhiarlaoid3 idir na tithe móra agus na siopaí faiseanta. Ag cúinne sráide, thug sé céim síos ón gcosán gan aird aige ar thrácht an bhealaigh mhóir. Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Buille uafásach. Buille mharfach,4 go deimhin, bíodh is nár éag an seanduine ar an toirt.

Chruinnigh na daoine thart air. Cuartaíodh5 pócaí a chasóige ag iarraidh cáipéis éigin a bhéarfadh6 fios a ainme7 do lucht an otharchairr ar ball. Deamhan8 cáipéis! Arbh fhéidir gur strainséir é – fámaire ó Pháras nó turasóir ó Mhaidrid? Ní go cionn9 trí lá níos déanaí, i ndiaidh an duine ghortaithe10 bás a fháil, a tuigeadh fírinne an scéil: bhí Antoni Gaudí, ailtire, dearthóir, ceannródaí, ar shlí na fírinne agus é in aois a cheathrú bliain is trí fhichid.11

Ní raibh moill ar a chóchathróirí12 a aithint go raibh laoch ar lár. A fhianaise sin an t-iomad13 daoine a lean an chónra go dtí an Aifreann14 éagnairce in eaglais La Sagrada Família, mar ar chaith Gaudí a dhua agus a dhúthracht uile ón mbliain 1914 i leith.

Fear a bhí ann arbh fhurasta dó ollshaibhreas15 a charnadh, dá mbeadh a fhonn sin air. Cá raibh an t-ailtire ba mhó cáil ná é i measc sármháistirí na linne?16 Is amhlaidh gur17 shocraigh sé cromadh ar thógáil na heaglaise in ionad na gcoimisiún brabúsacha18 a bhí á dtairiscint ag baincéirí agus ceannaí19 na cathrach. Ba é a mhórmhian príomhchathair a dhéanamh de Barcelona agus teanga na Catalóine a chur i réim in20 athuair. B’ionann rún dá chuid carad21 go léir, beagnach, agus ní bhíodh leisc22 orthu an dearcadh náisiúnach sin a fhógairt don saol mór.

Ba é an imní a bhí ar lucht aitheantas23 Gaudí, i mblianta deiridh a shaoil, ná go raibh sé imithe rófhada le hídéalachas24 agus le crábhadh. Ní gar a shéanadh go mbíodh cuma ghioblach air ná go gcuireadh sé a cholainn féin faoi bhrú uafásach oibre.

1. go haonarach. Bheadh go haonaránach inghlactha chomh maith ach ní gá imeacht chomh fada sin ón rud a bhí ar intinn an údair.
2. gan cosúlacht ar bith. Ní shéimhítear an t-ainmfhocal i ndiaidh gan más amhlaidh atá sé cáilithe: Fear gan chiall ach Fear gan ciall dá laghad. Féach GGBC: 4.9.
3. ar fiarlaoid ar aon dul le ar muir, ar cíos srl. Níl le déanamh ach an séimhiú a bhaint chun an leagan lochtach a cheartú. Ní gá athleagan eile ar fad mar ar fálróid a chur ina áit, fiú má tá gaol gairid aige le ar fiarlaoid ó thaobh na céille de.
4. buille marfach ó tharla buille a bheith firinscneach. Ní i gcónaí a thugtar slán an difear idir buille agus buile, atá ina ainmfhocal baininscneach. 
5. Cuardaíodh. Leagan malartach de CUARDAIGH is ea cuartaigh.
6. a thabharfadh
7. fios a ainmainm ina ainmfhocal firinscneach de réir FGB.
8. Dheamhan cáipéis! Is gnách deamhan a shéimhiú nuair is é an chiall atá leis faicceann ar bith. Ní infhilltear an t-ainmfhocal ina dhiaidh sa chás sin: "Á, dheamhan fear sna Rosa, ina Ghael nó ina Ghall é,” arsa Mósaí, “nach mbuailfinnse." Séamus Mac Grianna, Micheál Ruadh: 26.
9. go ceann
10. i ndiaidh an duine gortaithe bás a fháil. Níl feidhm ginidigh le i ndiaidh san abairt toisc an duine gortaithe a bheith ina chuspóir i gclásal infinideach.
11. in aois a cheithre bliana is trí fichid. Is cosúil gur in his sixty-fourth year a bhí ar intinn an údair ach ní orduimhir (ceathrú, cúigiú srl.) a úsáidtear sa struchtúr Gaeilge, ach bunuimhir (ceithre, cúig) Tá leagan iolra faoi leith den fhocal fiche a úsáidtear le bunuimhreacha: trí fichid, ceithre fichid srl.
12. ar a chomhchathróirí Ní úsáidtear có(i)– ach i gcomhfhocail áirithe, ina dtosaíonn an dara mír le m nó n: cómhargadh, cóimhéid, cónascadh, cóneartú.
13. an iomad daoine Ó tharla iomad a bheith cosúil le focail fhirinscneacha mar ionad, shílfeá gur cheart an réamhlitir ‘t’ a chur leis i ndiaidh an ailt. Ach níl inscne ar bith ag iomad ná ag oiread: Bhí an oiread airgid aige.
14. go dtí an tAifreann
15. ollsaibhreas
16. i measc shármháistrí na linne
17. Is amhlaidh a shocraigh sé... Féach GGBC: ‘Foirm choibhneasta dhíreach a bhíonn ar lorg amhlaidh.’ 13.69
18. in ionad na gcoimisiún brabúsach
19. ceannaithe Uimhir iolra an fhocail ceannaí (merchant) a theastaíonn.
20. an athuair (nó díreach athuair, gan an t-alt)
21. cairde Bíodh is go n-úsáidtear carad mar ghinideach iolra i roinnt frásaí seanbhunaithe (m.sh. Cogadh na gCarad) níl an úsáid sin forleathan.
22. leisce
23. lucht aitheantais Gaudí
24. le hidéalachas
25. Ní gar a shéanadh

Pointí plé
Ach oiread le téacs ar bith, tá a lán focal sa sliocht seo a d’fhéadfaí a fhágáil ar lár. Ní hionann sin agus a rá gur botúin iad, áfach. A leithéid seo: ceann scríbe ar a intinn aige: Thiocfadh an a a bhaint gan dochar do bhrí na habairte, ach níl ar a intinn mícheart.

Bíonn claonadh ag daoine focail bhreise a chur leis an téacs. A leithéid seo: Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Cuireann daoine go dtí leis sin: go dtí go raibh sé sa mhullach air. Tá an dá leagan chomh ceart lena chéile.