Cleachtadh eagarthóireachta 18
Is téacsanna sainscríofa a bhí in úsáid go dtí seo in Cleachtaí Eagarthóireachta, is é sin téacsanna nua a ndearnadh earráidí faoi leith a fhí isteach iontu d’fhonn aird na n-eagarthóirí a tharraingt orthu. Ní mar sin don sliocht thíos áfach, atá tugtha díreach mar a foilsíodh é in Tuarascáil Bhliantúil an Gharda Síochána.
Déan cóipeagarthóireacht ar an sliocht agus cuir d'iarracht i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 18. Bíodh aird agat ar na pointí seo a leanas:
- Is aistriúchán ó Bhéarla é seo. Tá an téacs Béarla ar fáil anseo, ach déan iarracht slacht a chur ar an nGaeilge gan tagairt siar don téacs foinseach.
- Ceartaigh gach botún litrithe agus gramadaí.
- Déan pé leaganacha malartacha a bheadh ann a chaighdeánú.
- Déan athscríobh ar abairtí má fheictear duit gur gá é sin.
Marc-Aonad an Gharda Síochána
Le linn dóibh bheith ar phatról ar Shráid Grafton Lean an Marc-Aonad sa tóir ar duine a d’aimsigh siad agus chuardaigh siad é. Ghabh Gardaí an coirpeach maidir le robáil fhón póca ó dhuine óg.
Sholáthraigh Marc-Aonad an Gharda Síochána ard-infheictheacht agus cosaint slándála i mBaile Átha Cliath maidir le Cruinniú Mullaigh an G8.
Chabhraigh an Marc-Aonad le dualgais um Ord Poiblí le linn na bliana lenar áiriodh ag tacú le cluichí sacair, Cluichí Chumann Lúthcleas Gael agus bhí ról maighdeogach chun ordú a sholáthar do lucht leanúna freasúracha agus rialú slua.



