SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Ár dTéarmaí Féin' le Fidelma Ní Ghallchobhair á léirmheas ag Helena Ní Ghearáin

Ár dTéarmaí Féin 
Fidelma Ní Ghallchobhair
Baile Átha Cliath
Cois Life 
2014


Scóip an leabhair

Is leathan, nó uaillmhianach féin, iad aidhmeanna agus scóip an leabhair nua Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair, iar-rúnaí an Choiste Téarmaíochta. Féachtar le scéal na téarmaíochta Gaeilge ón gcianaimsir anonn a insint agus le léargas a thabhairt ar shaothrú na téarmeolaíochta Gaeilge inniu. Ina theannta sin, déantar iarracht treoir phraiticiúil a chur ar fáil don té a chaithfidh dul i ngleic le ceisteanna téarmaíochta i nGaeilge. 

Fágann sé sin go bhfuil codanna den leabhar a ríomhann stair na Gaeilge - ó thionchar na Laidine ar fhocalstór na Sean-Ghaeilge go hiarrachtaí san aois seo caite prionsabail a leagan síos a threoródh ceapadh téarmaí nua. Tá cur síos ann chomh maith ar chuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag téarmeolaithe an lae inniu –  conas déileáil le téarmaí ilfhoclacha agus briathra teibí an Bhéarla (ar nós ‘perform’ nó ‘express’) – agus comhairle maidir lena réiteach. Ní hamháin sin, ach tugtar spléachadh ar dhisciplín idirnáisiúnta na téarmeolaíochta, ar obair na téarmaíochta san Aontas Eorpach agus pléitear scéal na téarmaíochta Béarla mar chineál cás-staidéir ar leith.

An t-údar

Tá aghaidh tugtha ar chúrsaí téarmaíochta i nGaeilge ag scoláirí éagsúla thar na blianta, i bhfoilseacháin acadúla agus i dtreoirleabhair aistriúcháin. In 2007 d’ullmhaigh an Coiste Téarmaíochta Lámhleabhar Téarmeolaíochta, ach is é Ár dTéarmaí Féin an chéad leabhar atá dírithe go sonrach ar an mac léinn agus ar an léitheoir ginearálta a dhíríonn go hiomlán ar théarmaíocht na Gaeilge agus a fhéachann le scéal na Gaeilge a chur ‘i gcomhthéacs obair na téarmeolaíochta thar lear, go háirithe ar mhór-roinn na hEorpa’ (Ní Ghallchobhair 2014: xi). 

Is deacair smaoineamh ar dhuine a bheadh níos cáilithe don chúram, ó thaobh saineolais agus taithí ghairmiúil de, ná duine a d’fheidhmigh mar rúnaí taighde ar an gCoiste Téarmaíochta ar dtús agus a bhí ina Rúnaí ar feadh trí bliana déag. Le linn na tréimhse sin, chothaigh Ní Ghallchobhair naisc le téarmeolaithe i dtíortha eile agus le heagraíochtaí tábhachtacha téarmeolaíochta dála an Chumainn Eorpaigh Téarmeolaíochta (EAFT) agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus ba chás léi go speisialta tuiscint ar chás na téarmaíochta Gaeilge a chur chun cinn, in Éirinn agus thar lear. (Go fial flaithiúil a roinn Ní Ghallchobhair a saineolas agus a tuiscint nuair a bheartaigh an scríbhneoir seo ar dhochtúireacht a dhéanamh i ngort na bainistíochta teanga, mar shampla.) 

Mar is dual do dhuine a bhfuil na blianta caite aici le saothrú na Gaeilge mar mheán cumarsáide éifeachtach, éiríonn leis an údar ábhar ilghnéitheach an leabhair a chur i láthair i stíl ghlan ghonta. Is ceann de bhuanna móra an téacs, dar liom, a éasca is atá sé é a léamh agus a thuiscint. Sampla maith de scil an údair éirim ábhair chasta a choimriú agus a chur i láthair ar bhealach a dtuigfidh an gnáthléitheoir is ea an chuid den téacs a rianaíonn prionsabail agus teoiricí idirnáisiúnta na téarmeolaíochta – an chéad uair dá leithéid a bheith ar fáil i bhfoilseachán Gaeilge go bhfios dom (seachas i dtráchtais acadúla). Don té atá ag iarraidh cur amach a fháil ar dhisciplín na téarmeolaíochta den chéad uair, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile, ba fhóinteach an túsphointe é. 

Leagan amach an leabhair

Tá an leabhar roinnte i ndeich gcaibidil. Bíodh is go bhfuil na caibidlí iontu féin dea-scríofa agus soiléir, bhraith mé go mbeadh sé ina chabhair don léitheoir dá leagfaí amach go follasach sa réamhrá ábhar na gcaibidlí éagsúla agus mar a bhaineann siad lena chéile. Ag deireadh gach caibidle tugtar roinnt pointí plé agus cúpla moladh léitheoireachta, rud a mbeifí ag súil leis i leabhar a shainíonn an mac léinn mar spriocléitheoir. Is éifeachtach an cur chuige é. Tarraingítear aird ar cheisteanna stuama suimiúla sna pointí plé, leithéidí ‘An gcuireann iasachtaí le teangacha nó a mhalairt?’ agus ‘An mó de bhuntáistí nó de mhíbhuntáistí a bhaineann le hionad an Bhéarla in Éirinn?’ D’fhéadfadh teagascóir ceisteanna mar seo a úsáid chun plé níos doimhne a chothú sa seomra ranga. Mheas mé go raibh an-chiall le formhór na moltaí léitheoireachta freisin; téacsanna tábhachtacha téarmeolaíochta agus sochtheangeolaíochta mar aon le téacsanna éadroma suimiúla, roinnt acu ar éasca teacht orthu ar an idirlíon agus roghanna eile nach rithfeadh go réidh le duine ar suim leis téarmaíocht na Gaeilge. Luaitear, mar shampla, A Little Book of Language le David Crystal chomh maith le tráchtas máistreachta ar bhás agus athbheochan Ghaeilge Mhanann. 

Ina theannta sin, faightear boscaí téacs ag deireadh na gcaibidlí ina mínítear bunús focal nó ina dtugtar samplaí d’iontrálacha ó bhunachair téarmaíochta éagsúla. Arbh eol duit gur de thoradh iasachtaí agus téarmaí dúchasacha a thagair don choincheap céanna a bheith sa chúrsaíocht ag an am céanna cuid mhaith de fhrásaí péireacha an Bhéarla ar nós ‘law and order’ nó ‘ways and means’? Cabhraíonn na míreanna seo leis an téacs a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos éasca a léamh. Sna haguisíní ag deireadh an leabhair, tugtar samplaí breise d’iasachtaí ó thréimhsí éagsúla, cuirtear síos ar rialacha traslitrithe iasachtaí sa Ghaeilge agus tugtar liosta acmhainní téarmaíochta.

Ábhar na gcaibidlí

Cuirtear roinnt bunchoincheap agus prionsabal téarmeolaíochta i láthair i gCaibidil 1, ina measc: réimeanna teanga, comhlogaíochtaí, iasachtaí agus an difear idir focal agus téarma, agus idir téarmeolaíocht, foclóireacht agus obair aistriúcháin. Míníonn Ní Ghallchobhair go beacht gurb ionann téarma agus focal a chuireann brí amháin in iúl i gcomhthéacs ar leith agus go bhféadfadh le gnáthfhocal dála ‘bord’ a bheith ina théarma mura ngabhfadh ach ciall amháin leis sa chomhthéacs ina n-úsáidfí é.

Ansin tá ceithre chaibidil a dhíríonn ar stair na téarmaíochta Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann, roinnte idir an ‘fhorbairt’ stairiúil agus an ‘saothrú’ comhfhiosach, saothrú ar ghá tabhairt faoi ó aimsir na hathbheochana ar aghaidh. Fáilteoidh mic léinn roimh an bplé soléite a dhéanann Ní Ghallchobhair ar na mórimeachtaí i stair na Gaeilge a d’imir tionchar ar stádas na teanga, agus a chuaigh i bhfeidhm ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht dá réir. Bíodh is go bhfuil formhór an ábhair seo le fáil i bhfoinsí eile, is maith ann an cur síos coimrithe soiléir agus na samplaí iomadúla a chuireann Ní Ghallchobhair ar fáil anseo ar ábhair cosúil le tionchar na teagmhála le teangacha eile, an meath agus an t-iompú teanga (Caibidil 2),1 stair na litríochta Gaeilge agus tús na hathbheochana (Caibidil 3), agus cur chun cinn oifigiúil na teanga (Caibidil 4). Bainfidh an mac léinn leas as an tábla ‘Cineálacha litríochta ón gcianaimsir go dtí an 19ú haois’ agus as an bplé a leanann, mar shampla. 

Ní mór a rá, ámh, gur cur síos seachas anailís nó léamh criticiúil a fhaightear sa phlé ar bheartas teanga an Stáit, tionscal na téarmaíochta san áireamh. Liostaítear na bearta a tionscnaíodh, gan trácht ar a oiriúnaí nó a éifeachtaí is a bhí siad, ná ar aon easnamh nó faillí sa chóras. I gcás an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe, mar shampla, ní luann an t-údar ach gur tugadh faoi. Is amhlaidh a phléitear leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – ní dhéantar ach na haidhmeanna agus na réimsí gnímh a lua, gan trácht ar a feidhmiú ná a tionchar. Ábhar díomá don léitheoir a bheadh ag súil le léargas nó tuairim an duine ar an taobh istigh, b’fhéidir. In ainneoin a chuimsithí is atá an cuntas a thugtar ar idirghabháil an Stáit i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaeilge i gCaibidil 4, an plé ar an nGaeilge sa chóras oideachais go háirithe, d’airigh mé uaim tuairim an údair féin ar bheartas teanga an Stáit.  

Na prionsabail a forbraíodh agus a leantar i dtéarmeolaíocht na Gaeilge, mar aon le cúlra agus obair an Choiste Téarmaíochta, is ábhar do Chaibidil 5. Dírítear cuid mhaith ar iasachtaí agus mar a dhéileáiltear leo sa Ghaeilge, mar gheall ar a dtábhacht mar mhodh forbartha teanga agus an chastacht a ghabhann lena gcur in oiriúint don sprioctheanga (trí rialacha teicniúla traslitrithe). Coimrítear obair fhoclóirithe na Gaeilge sa chaibidil seo freisin, agus mar a chuir siad le forbairt na téarmaíochta. Tugtar an t-aitheantas cuí do ról Thomáis de Bhaldraithe i bhforbairt prionsabal i leith ceapadh téarmaí agus caighdeánú iasachtaí. Léiríonn roinnt samplaí ar nós ‘teilifís’ agus ‘inneall’ an beachtú atá déanta ar an téarmaíocht le himeacht aimsire agus aithnítear ról lucht aistrithe reachtaíochta sa ghnó freisin. Ábhar riachtanach léitheoireachta is ea é seo don té ar spéis leis conas a thagann téarmaí nua Gaeilge ar an saol agus cad iad na castachtaí a ghabhann leis an obair seo atá, i bhfocail an údair, “mar a bheadh píce in aghaidh tuile” (ibid. 101). 

I gcaibidlí 6 agus 7 faoi seach pléitear an Béarla agus an comhthéacs Eorpach agus idirnáisiúnta inniu, inarb é an Béarla bunfhoinse na nuathéarmaíochta. Léiríonn cás na Sualainne, áit a n-aithnítear an gá le saothrú na téarmaíochta chun a chinntiú gur féidir an tSualainnis a úsáid, bíodh is gurb é an Béarla an chéadrogha i gcuid mhaith cásanna, nach pobail urlabhra mionteangacha amháin a bhíonn faoi bhrú millteanach ón mBéarla. 

Caithfidh mé a admháil gur ábhar amhrais dom ar dtús an fócas ar stair agus ar chúinsí an Bhéarla sa leabhar. Nuair a thosaigh mé á léamh, ámh, tuigeadh dom an chiall leis an gcuntas cuimsitheach a thugann Ní Ghallchobhair ar mar a tháinig forbairt agus claochlú ar an mBéarla sa Bhreatain agus ar fud a himpireachta le himeacht ama. Léiríonn an cuntas “an dlúthbhaint idir imeachtaí staire agus dálaí teanga” (ibid. xi). Os a choinne sin, dearbhaíonn sé gur rud nádúrtha é an t-athrú teanga, agus go bhfuil an Ghaeilge ar aon dul leis an teanga is láidre ar domhan inniu sa chaoi a dtagann forbairt uirthi – trí theagmháil le teangacha eile agus tríd an gcumadóireacht chomhfhiosach. Ós rud é gurb é an Béarla an bonn comparáide is ábhartha don chainteoir Gaeilge, agus toisc gur minic an Béarla a bheith mar shlat tomhais agus sláine nó bailíocht na Gaeilge á meas2, tá gá le tuiscint níos fearr sa tír seo ar an gcineál teanga atá ann agus a chúlra stairiúil. 

Fíricí a dtabharfaidh an gnáthléitheoir suntas dóibh, b’fhéidir, gur mhisinéirí Éireannacha a thug na focail ‘cross’ agus ‘clock’ isteach sa Bhéarla, gur ón tSean-Lochlainnis a shíolraigh na focail ‘husband’, ‘sister’ agus ‘cake’, nó gur tháinig lear mór focal iasachta isteach sa Bhéarla de bharr na taiscéalaíochta (dála ‘bizarre’ na Fraincise, ‘magazine’ na hAraibise, agus ‘coffee’ na Tuircise) agus na teagmhála teanga i Meiriceá (cuir i gcás ‘racoon’ agus ‘skunk’ na Meiriceánach Dúchasach agus ‘banana’ na sclábhaithe Afracacha). Tá formhór mór an phlé seo bunaithe ar Gooden (2009) The Story of English: How the English Language Conquered the World, ach is maith ann an cuntas bríomhar Gaeilge a chuireann Ní Ghallchobhair ar fáil anseo agus é breac le samplaí ábhartha spéisiúla. 

Rianaítear príomhtheoiricí na téarmeolaíochta i gCaibidil 7, faoin teideal ‘An comhthéacs idirnáisiúnta’. Mínítear go hachomair na difríochtaí idir na scoileanna éagsúla agus léirítear go mbraitheann an cur chuige a leantar in áit ar leith ar na cúinsí teanga agus eile a bhíonn i bhfeidhm inti. Faightear spléachadh ar obair na téarmaíochta san Aontas Eorpach sa chaibidil ghearr seo freisin. Pléitear na deacrachtaí a chruthaíonn forlámhas an Bhéarla mar theanga bhunaidh dréachtaithe cáipéisí san AE d’aistritheoirí agus do théarmeolaithe. Cuid de na deacrachtaí seo, ar nós na doiléire a ghabhann le téarmaí ilfhoclacha Béarla, tá seantaithí ag téarmeolaithe na Gaeilge orthu ar ndóigh. Tabhair faoi deara a shoiléire is atá an leagan Gaeilge ‘córas cosanta gníomhach le haghaidh coisithe’ le hais an bhuntéarma Bhéarla ‘active pedestrian protection system’, mar shampla.

Sonraítear go láidir athrú toin sna trí chaibidil dheireanacha den leabhar, áit a bhfilltear go sonrach ar an nGaeilge. An uair seo, chomh maith le léargas a thabhairt ar obair théarmeolaithe na Gaeilge, is ag iarraidh treoir phraiticiúil a chur ar fáil maidir le conas déileáil le ceisteanna áirithe téarmaíochta atá an t-údar. I gCaibidil 8 rianaítear na céimeanna a leantar sa phróiseas ceaptha téarmaí agus na critéir is mó tábhacht, ar nós an chruinnis agus na gontachta. Tá ábhar spéise agus ábhar foghlama araon anseo, go mór mór nuair a mhíníonn Ní Ghallchobhair an bunús a bhí le cinntí éagsúla atá déanta ag lucht téarmeolaíochta – cuir i gcás, an socrú go n-úsáidfí an aidiacht ‘Eorpach’ chun ‘European’ a aistriú nuair is ag tagairt do ghnóthaí an AE a bhítear, nó an fáth gur fearr ‘amharc’ i dtéarmaí ar nós ‘amharcléamh’ ná roghanna eile ar nós ‘radharc’, ‘dearc’, nó ‘féach’ (measadh ‘amharc’ a bheith idir ghonta agus bhisiúil).

I gCaibidil 9, ‘Téarmeolaíocht agus téarmfhoclóireacht’, cuirtear síos ar na céimeanna a leanann an Coiste Téarmaíochta nuair a bhíonn cnuasach téarmaíochta á chur le chéile agus beathaítear an plé le samplaí ó thionscadal téarmaí fichille. Ar an gcaoi seo, tarraingíonn Ní Ghallchobhair aird ar chuid de na dúshláin a bhaineann le saothrú foclóra Bhéarla-Gaeilge; a dheacra is atá sé ainmfhocail a bhunú ar bhriathra ar nós ‘cuir siar’ nó ‘bain amach’ mar shampla, atá ina próiseas neamhchasta amach is amach i mBéarla (‘achieve’ < ‘achiever’). 

Ar ndóigh, deacracht ar leith a ghabhann le saothrú le téarmaíochta i dteanga mhionlaigh is ea an téarmaíocht a bhuanú san úsáid. Tá tagairt sa chaibidil seo do théarma nár greamaíodh sa chaint – ‘brioscáin phrátaí’ – óir thosaigh an pobal ag úsáid téarma Gaeilge eile, ‘criospaí’, agus ba é an focal sin a d’úsáid Tayto nuair a sheol siad leagan Gaeilge dá mála criospaí. Sampla eisceachtúil go maith is ea é seo sa mhéid is gur deacair go minic aon téarma nua Gaeilge a scaipeadh go héifeachtach ar an bpobal agus a chur á úsáid in áit an téarma Béarla. Bíodh is go maíonn Ní Ghallchobhair go neamhbhalbh sa réamhrá nach bhfuil sé i gceist aici díriú ar úsáid na téarmaíochta sa teanga bheo “mar is faoin úsáideoir an rogha sin ó lá go chéile agus ó chomhthéacs go chéile” (ibid. xi), seans gur spéis le léitheoirí an leabhair tuilleadh plé ar an ábhar seo. Ní mór cuimhneamh, in ainneoin an teidil Ár dTéarmaí Féin a bheith ar an leabhar seo, go mbraitheann cuid de phobal na Gaeilge nach ‘leosan’, mar a déarfá, go leor de nuathéarmaíocht na Gaeilge. 

Tá cuntas sa chaibidil seo chomh maith ar dhigitiú na téarmaíochta sa mhílaois nua, céim ríthábhachtach i scéal na téarmaíochta Gaeilge. Is maith ann an cur síos achomair a dhéanann an t-údar ar na seanmhodhanna oibre sa téarmfhoclóireacht mar cuireann sé ina luí ar an léitheoir an fhorbairt ollmhór atá tagtha ar chúrsaí le teacht ar an saol d’áiseanna nua-aimseartha teicneolaíochta, www.tearma.ie go háirithe. 

Bíodh is nach bhféadfaí cur síos ar Ár dTéarmaí Féin mar lámhleabhar praiticiúil d’ábhar téarmeolaithe nó aistritheoirí, tá neart comhairle feidhmiúla ann agus is léir gur cás leis an údar cur le cumas agus cruinneas a léitheoirí. Dá réir sin, tugann Ní Ghallchobhair roinnt cleachtaí i gcaibidil dheireanach an leabhair a chabhróidh leis an léitheoir cineálacha éagsúla téacsanna, agus an tsaintéarmaíocht a ghabhann leo, a aithint agus a aistriú go Gaeilge.

Láidreachtaí an leabhair agus cé a bhainfidh tairbhe as

I bhfianaise mhéid agus scóip obair na téarmaíochta sa Ghaeilge, agus tionchar thionscadal na téarmaíochta ar an teanga chomhaimseartha, tá tábhacht mhór ag baint le téacs mar seo a bheith ar fáil do phobal na Gaeilge. Sa lá atá inniu ann, go háirithe, agus gan ach clic luchóige eadrainn féin agus na téarmaí teicniúla is nua-aimseartha atá uainn, tá sé tábhachtach go n-aithneofar obair na dtéarmeolaithe Gaeilge agus an t-éacht atá déanta acu, go háirithe i soláthar na téarmaíochta ar líne. 

Níl amhras, dar liom, ach gur éirigh le Fidelma Ní Ghallchobhair sa leabhar seo téacs úsáideach tarraingteach a chur ar fáil don mhac léinn agus don té ar spéis leis forbairt na Gaeilge i gcoitinne. Ní fhéadfadh lucht úsáidte www.aistear.ie, mar shampla, ach taitneamh agus tairbhe a bhaint as. Ba thairbhe don ghnáthléitheoir an plé ar fad ar iasachtaí, a stair mar mhodh bailí forbartha teanga agus na feidhmeanna a chomhlíonann siad, a léamh. Míthuiscint choitianta (nach chun leasa na teanga í) an tuairim gur téarmaí Béarla in éadaí na Gaeilge cuid mhaith de théarmaíocht na Gaeilge, go háirithe an nuathéarmaíocht. Éiríonn le Ní Ghallchobhair an bunús a bhaint den tuairim sin, rud a bhfuil fiúntas mór ag gabháil leis. 

Rud fóinteach eile a dhéanann Ní Ghallchobhair sa leabhar ná cás a dhéanamh ar son obair na téarmaíochta sa Ghaeilge. Léirigh taighde dochtúireachta a rinne mé roinnt blianta ó shin gur minic amhras agus diúltacht ann i dtaobh na nuathéarmaíochta sa Ghaeilge agus lucht cumtha téarmaí. Creidim mar sin go bhfuil gá le feidhm agus tábhacht sholáthar na nuathéarmaíochta a chur ina luí ar an bpobal. 

Ar na cúiseanna seo ar fad, measaim go bhfuil lucht léitheoireachta forleathan tuillte ag Ár dTéarmaí Féin

 

Is teagascóir in Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh í an Dr. Helena Ní Ghearáin, a bhfuil dochtúireacht aici i Sochtheangeolaíocht na Gaeilge. Tá suim aici sa bheartas teanga agus i gceisteanna cumhachta agus úinéireachta sa bhainistíocht teanga, i gcás teangacha mionlaithe go háirithe.


Nótaí

1. Botún ab ea é an teideal ‘Cúlra agus stair na Gaeilge 4ú – 9ú haois’ a thabhairt ar chaibidil a phléann imeachtaí stairiúla a tharla na céadta bliain i ndiaidh na tréimhse sin, mar shampla, meath na Gaeilge faoi thionchar an Bhéarla. 

2. Féach Ní Ghearáin, H. (2012) ‘The problematic relationship between institutionalised Irish terminology development and the Gaeltacht speech community: dynamics of acceptance and estrangement’, Language Policy, 10(4), 305-323.