SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh aistriúcháin 26

Seo thíos roinnt nótaí faoi na fadhbanna aistriúcháin sa sliocht agus faoi na straitéisí a d’úsáid aistritheoir amháin chun iad a réiteach. Chomh maith leis sin, tugtar an t-aistriúchán Gaeilge a foilsíodh in An Capall agus a Ghiolla (An Gúm, 2019). 

Is féidir leagan PDF de na nótaí a íoslódáil anseo.

Chapter I


HOW SHASTA1 SET OUT ON HIS TRAVELS

This is the story of an adventure2 that happened in Narnia and Calormen3 and the lands between,4 in the Golden Age when Peter was High King in Narnia and his brother and his two sisters were King and Queens under him.5

    In those days, far south in Calormen on a little creek of the sea,6 there lived a poor fisherman called Arsheesh, and with him there lived a boy who called him Father.7 The boy's name was Shasta. On most days Arsheesh went out in his boat to fish in the morning, and in the afternoon he harnessed his donkey to a cart and loaded the cart with fish and went a mile or so southward to the village to sell it. If it had sold well he would come home in a moderately good temper and say nothing to Shasta, but if it had sold badly he would find fault with him and perhaps beat him.8

Tráchtaireacht ar na fadhbanna aistriúcháin

1. Shasta Dar ndóigh, ní den Bhéarla ná den Ghaeilge ainm an charachtair seo. Shocraigh mé an t-ainm a thraslitriú (‘Seasta’), in ainneoin focal Gaeilge den litriú céanna a bheith ann. Theastaigh uaim a shoiléiriú nach mar hasta a fhuaimnítear é. Cuireadh traslitriú i bhfeidhm ar ainm eile sa sliocht, mar atá Arsheesh (Áirsís). Tá Peter ina charachtar sa scéal An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014). Níor aistríodh a ainm siúd go Gaeilge riamh. 

2. the story of an adventure Tá gaol gairid idir ‘scéal’ (story) agus ‘eachtra’ (adventure). Go deimhin, nuair a bhí an Ghaeilge ina neart, is ‘eachtra’ a thugtaí ar scéal ar bith a thiteann amach ar an choigríoch (nó i dtíortha eachtrannacha). B’ait leat, mar sin, ‘scéal eachtra’. Níl ach ceann amháin den dá fhocal Béarla le haistriú.

3. Narnia and Calormen An traslitriú is fearr sa chás seo: 'Nairnia agus an Chalairméin'. Seans gur ag smaoineamh ar an fhocal Laidine calor (teas) a bhí C.S. Lewis nuair a cheap sé an t-ainm Calormen, ach bheadh ‘Tír an Teasa’ ina aistriúchán rólom ar fad. Má tá sanas an ainm faoi cheilt sa téacs Béarla, b’fhearr é a bheith faoi cheilt sa Ghaeilge chomh maith.  

4. the lands betweenbetween ag tagairt siar do na tíortha atá luaite cheana; ní gá rud ar bith a chur leis. Bíodh sin mar atá, ní de ghnás na Gaeilge a leithéid seo a scríobh: ‘i Nairnia agus sa Chalairméin agus na tíortha idir’. Caithfear focail nach bhfuil sa téacs foinseach ar chor ar bith a fhí isteach: ‘i Nairnia agus sa Chalairméin agus sna críocha idir an dá thír sin.’

5. when Peter was High King in Narnia and his brother and his two sisters were King and Queens under him. Abairt fhada chasta atá sa chéad abairt seo, agus b’fhurasta don aistritheoir (agus don léitheoir bocht) dul in abar inti. Féach, mar shampla, an t-aistriúchán dílis seo: ‘nuair a bhí Peter ina Ardrí ar Nairnia agus a dheartháir agus a bheirt deirfiúracha ina Rí agus ina mBanríonacha faoi.’

Ar an chéad dul síos, níl slacht ar bith ar na forainmneacha. Is cosúil go bhfuil an deartháir agus an bheirt deirfiúracha ‘ina Rí agus ina mBanríonacha.’ Tá sin an-chasta ar fad maidir le pearsa agus uimhir de. Níl aon rud míloighciúil faoi dhuine a bheith ina rí nó ina banríon agus fós a bheith tánaisteach d’ardrí. Mar sin féin, caithfear cuimhneamh ar an léitheoir a bheadh ag iarraidh céim na ndaoine seo agus an gaol atá acu lena chéile a dhéanamh amach. Dar liom, is fearr ‘rí’ agus ‘banríonacha’ a fhágáil as: ‘nuair a bhí Peter ina Ardrí ar Nairnia agus a dheartháir is a bheirt deirfiúracha i réim agus i gcoróin faoina cheannas.'

6. a little creek of the sea Tá blas seanaimseartha ar an réamhfhocal Béarla of sa chás seo. Bíodh sin mar atá, is féidir aistriúchán thar a bheith dílis a dhéanamh air ach an tuiseal ginideach a úsáid: ‘camas beag farraige’.

7. a boy who called him Father Tá an abairt seo fíoraisteach; cén fáth nach dtabharfadh sé ‘athair’ air? Bheadh fonn ar an aistritheoir, b’fhéidir, í a shimpliú agus a leithéid seo a scríobh: ‘iascaire bocht darbh ainm Áirsís agus a mhac, Seasta.’ Ach faightear amach, níos faide anonn sa scéal, nach athair agus mac atá iontu ar chor ar bith, cé nach léir é sin don ghasúr go fóill.

Tá ceist eile ann a bhaineann le cúrsaí cultúir. Father (le ceannlitir) atá sa Bhéarla. Ní gnách ceannlitir a chur leis an fhocal ‘athair’ sa Ghaeilge, ach amháin uair is sagart atá i gceist. B’fhearr, mar sin, ‘athair’ a scríobh sa Ghaeilge agus, díreach le haird an léitheora a tharraingt ar an iomrall aithne idir an gasúr agus an t-iascaire, uaschamóga a bheith thart ar an fhocal, mar seo: ‘iascaire bocht darbh ainm Áirsís agus gasúr a thugadh ‘athair’ mar ainm air.’

8. and perhaps beat him Tá an abairt Bhéarla rófhada agus bheadh sí casta fós dá mbeadh cáilitheoir mar ‘b’fhéidir’ le fí isteach inti. Shocraigh mise an t-eolas i ndeireadh na habairte a chur in abairt amháin: ‘Agus, corruair, dhéanadh sé an gasúr a bhualadh.’

Seo thíos an leagan den sliocht a foilsíodh in An Capall agus a Ghiolla.

CAIBIDIL A HAON

 

Mar a Chuaigh Seasta Chun Siúil

Seo eachtra a thit amach i Nairnia agus sa Chalairméin agus sna críocha idir an dá thír sin, le linn na Ré Órga nuair a bhí Peter ina Ardrí ar Nairnia agus a dheartháir is a bheirt deirfiúracha i réim agus i gcoróin faoina cheannas.

    Bhí sin ann an t-am úd, ar chamas beag farraige i bhfíordheisceart na Calairméine, iascaire bocht darbh ainm Áirsís agus gasúr a thugadh ‘athair’ mar ainm air. Seasta an t-ainm a bhí ar an ghasúr. Bunús gach lá, chuireadh Áirsís a bhád chun farraige, ag iascaireacht. Tráthnóna, chuireadh sé an t-asal sa chairt agus dhéanadh sé a bhealach go dtí sráidbhaile a bhí timpeall míle sa taobh ó dheas, áit a ndíoladh sé an lód éisc. Dá mbíodh díol maith ar an iasc, thagadh sé abhaile agus aoibh maith go leor air agus ní deireadh sé a dhath le Seasta. Dá mbíodh díol lag ar an iasc, théadh sé a thromaíocht ar Sheasta. Agus, corruair, dhéanadh sé an gasúr a bhualadh.