SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

'Aistriúchán' le Liam Ó Rinn.

Is leagan caighdeánaithe é seo den chaibidil ‘Aistriúchán’ ar Peann agus Pár le Liam Ó Rinn (Oifig an tSoláthair, eagrán nua 1956). Aibhistín Ó Duibh a chóirigh an leagan seo.


Caithfear leanúint den aistriúchán fad a mhairfidh an Ghaeilge. Chun an teanga féin a shaothrú, chun eiseamláirí a chur os comhair ár scríbhneoirí, agus chun ábhar léitheoireachta a thabhairt, go tapa is go raidhsiúil, dár léitheoirí, is mó is éigean é a dhéanamh i láthair na huaire. Nuair a bheidh an teanga chomh saothraithe le teangacha eile na hEorpa, agus í á labhairt ag an uile dhuine sa tír, agus i bhfad níos mó scríbhneoirí bunúla againn, beidh an t-aistriúchán chomh riachtanach céanna nó níos riachtanaí, mar, an t-eolas a fhaigheann ár bhformhór i mBéarla faoi láthair ar chúrsaí machnaimh is cultúir an domhain uile, is i nGaeilge a chaithfimid é a fháil an tráth sin. Dá éagmais sin uile, tá cúis eile ar a gcaithfear leanúint den aistriúchán. B'ionann é a fhailliú agus sinn féin a dhúnadh isteach i mboiscín is gan aon bhaint againn leis an saol mór, gan ligean d'anáil thorthúil na litríochta iasachta dul i bhfeidhm ar ár litríocht féin, á cothú, á neartú, á cur ag fás, is á hilghnéithiú ar chéad slí. Caithfear príomhoibreacha litríochta gach cine iasachta, a bhfuil is a mbeidh ann díobh, a chur i nGaeilge, agus ní haon uair amháin é ach arís is arís eile chun go mbeidh siad san fhoirm is fearr do gach aois dá dtiocfaidh.
   Cé gur lú go mór an cion, b'fhéidir gur mó go mór an uimhir, de leabhair Ghaeilge a bheidh ina n-aistriúcháin ar ball – 20 ceann nó níos mó as gach 400, abair, in ionad 10 gcinn nó níos mó as gach 15 cinn. Níl na figiúirí sin cruinn, ná leathchruinn féin, ach is leor iad chun a thaispeáint go bhfuil, is go mbeidh i gcónaí, neart oibre ann d'aistritheoirí maithe.
   Tá dearmad mór ar an muintir a cheapann gur furasta obair aistriúcháin a dhéanamh. "Dá mbeadh oiread Gaeilge agamsa is atá agatsa," arsa fear óg lá le scríbhneoir áirithe, "d'éireoinn as mo phost agus bheinn i mo Charnegie." Ní cuimhin liom an freagra a thug an scríbhneoir air ach tá a fhios agam go raibh sé tar éis bliain a chaitheamh ag aistriú dhá mhíle dhéag focal. Is iontach an méid daoine a cheapann nach mbíonn le déanamh ag an aistritheoir ach focal Gaeilge a sholáthar as a chuimhne nó as na foclóirí in aghaidh gach focail den scéal a bhíonn le haistriú aige agus é a scríobh go néata ar pháipéar.
   Is mó sórt scríbhneoireachta atá ann. Ní bhacfaidh mé anseo, ámh, ach le dhá shórt, an paimfléad is an obair liteartha. Ní bhíonn le déanamh ag fear an phaimfléid ach a chuid fíoras is argóintí a chur síos chomh soiléir sothuigthe agus is féidir leis é. Léigh mé paimfléad de chúig chéad leathanach nár thóg a n-údair ach mí chun iad a scríobh. Ach más mian le duine obair liteartha a dhéanamh, úrscéal cuibheasach maith a chumadh, caithfidh sé cuimhneamh ar mhíle rud seachas soiléire is sothuigtheacht. Beidh air seifteanna a cheapadh chun brón nó lúcháir nó scanradh a chur ar an léitheoir, cuir i gcás, nó chun é a shásamh le háilleacht samhlaoidí is abairtí, le géarchúis, le searbhas, is le deisbhéalaí, b'fhéidir, le nuánsanna caolchúiseacha is le mórán cáilíochtaí eile a bhfaighimid uile blas orthu agus a líonann d'iontas sinn. D'fhéadfadh tuairisceoir maith paimfléad maith a scríobh ach an t-eolas a bheith aige, ach ní mór do dhuine bheith ina ealaíontóir, ina bhriathar-cheardaí, agus cumas mór samhlaíochta aige – ina fhile beagnach – chun úrscéal a chumadh. Cé a leomhfadh a rá nach bhfuil de dhifríocht idir an dá obair ach gur tráchtas ar shláinte (cuir i gcás) ceann acu agus gur thráchtas ar shaol duine an ceann eile?
   Mar sin, leis, do na haistriúcháin a dhéanfaí orthu. Níor ghá don aistritheoir obair álainn a dhéanamh den aistriúchán a dhéanfadh sé ar phaimfléad. Ba leor dó an t-aistriú a dhéanamh chomh soiléir is chomh fórsúil leis an mbunleabhar. Ach maidir leis an úrscéal, b'fhéidir go mbrisfeadh sé an croí ann é a aistriú i slí go rachadh sé i bhfeidhm ar an léitheoir leath chomh maith is a dhéanfadh an bhunobair féin, agus dá airde is dá áilleacht í sin is ea ba dheacra dó aistriúchán fónta a dhéanamh uirthi.
   Tá an dá chás sin róshimplí, ámh. Uaireanta is deacra paimfléad simplí gránna a aistriú ná obair álainn fhileata. Is de réir cháilíochtaí an leabhair agus cháilíochtaí an aistritheora féin a bhíonn. An fear a d'fhéadfadh prós sármhín aoibhinn séimh a aistriú ar fheabhas b'fhéidir go dteipfeadh glan air Gaeilge fhónta a chur ar litir ó cheannaí. Ní féidir aon riail dhaingean a cheapadh a bheadh oiriúnach do gach cás, do gach obair, do gach duine, do gach am.
   An scríbhneoir atá thar barr is féidir leis rud a rá as a cheann féin nó a aistriú ó theanga eile ar a lán slite. Dá gcuirtí seisear aistritheoirí maithe as Baile-i bhfad-síos ag aistriú úrscéil le Thomas Hardy níor mhar a chéile aon dá aistriú a dhéanfaidís ar an úrscéal ná, b'fhéidir, ar aon abairt áirithe ann. D'ainneoin lucht na bhfoclóirí, d'ainneoin gach iarrachta dá ndearnadh riamh ar theorainn a chur le brí focal, níl aon fhocal nach mbíonn, mar a déarfá, ag iarraidh níos mó nó níos lú a chur in iúl ná mar a cheapann fear an fhoclóra dó. Ní comharthaí ailgéabracha na focail ach rudaí beo agus, mar is eol do gach file, athraíonn siad ina ngné, ina mbrí, ina ndath, ina gcumhacht, ina dteas, ina bhfuaire, de réir na cuideachta ina gcuirtear iad. Is cosúil na focail le dathanna an phéintéara – nach minic a chloisimid trácht ar fhocal phéinteáil, ar fhocal phictiúir, ar phéinteáil charachtair in úrscéal? Ní mar a chéile dearg in aice le dubh agus dearg in aice le huaine. Nó is féidir iad a shamhlú le nótaí ceoil: ní mar a chéile e nuair a bhíonn sé in aice le f agus e nuair a bhíonn sé in aice le g. Ach tuig nach dathanna ná focail ná nótaí mar atá siad iontu féin atá i gceist agam (má tá siad daingean seasmhach iontu féin in aon chor) ach na slite difriúla ina n-oibríonn siad ar aigne i gcásanna difriúla. Tuig freisin nach féidir comórtas slán ar fad a dhéanamh idir na trí nithe – níl aon ní acu gan a bhuncháilíocht dúchais féin aige agus dá bhrí sin b'fhurasta dúinn dul rófhada leis an gcomparáid.
   Mar a dúirt mé, ní comharthaí ailgéabracha na focail, ní marbháin iad ach marthanaigh agus caitheann an t-aistritheoir cuimhneamh air sin i gcónaí agus gan aon ní a aistriú focal ar fhocal ach go fíorannamh. Ní haistriú ceart "éireoidh mé is rachaidh go hInis Fraoich" ar "I will arise and go now to Inisfree." Ní rómhaith an sampla é sin mar níl an difríocht idir "arise" agus "get up" mór a dóthain – mura filíocht "get up" d'fhéadfadh sé a bheith fileata i gcomhthéacs oiriúnach. Ach feiceann tú go bhfuil "arise" beagán neamhchoitianta: cé gur minic a bhíonn sé le fáil i bprós is i bhfilíocht ní chloistear i gcomhrá é – dá ndéarfadh duine "I will arise" liom in ionad "I'll get up" d'fhéachfainn le hionadh air, ag brath air go gcloisfinn focal éigin deisbhéalach uaidh láithreach. Déarfadh duine i gcomhrá freisin "éireoidh mé anois agus rachaidh mé ag obair." Focal comónta é sa chás sin ach mar sin féin, ar athmhachnamh dom, measaim go bhféadfadh sé bheith fileata i gcás éigin eile – d'fhéadfadh fíorfhile línte a chur ina dhiaidh i slí gurbh fhíorfhilíocht an dá líne le chéile. Ag filleadh dúinn ar dhán Yeats, b'fhéidir go bhféadfaimis feabhas beag a chur ar an aistriúchán: "éireoidh mé feasta is rachaidh mé go hInis Fraoich" (más feabhas é). Ach tá rud eile sa líne nár thugamar aon aird air. An ionann "Inis Fraoich" agus "Inisfree"? Is ionann agus ní hionann. Tá dhá bhrí le "free" san fhocal Béarla. Ní chuirfeadh sé i gcuimhne don Bhéarlóir ach "saoirse" ach is é a déarfadh an té a bhfuil Béarla is Gaeilge aige: "Nach álainn mar a réitíonn saoirse agus fraoch le chéile!" – mura gcuimhneodh sé san am céanna go bhfuil dhá bhrí eile le "fraoch," eadhon, "fíoch" agus "ocras." Ach tugaim faoi deara anois nach bhfuil "éireoidh mé feasta" go rómhaith ("lil lah lil lah") agus níl mo dhóthain siollaí sa líne agam. Iarracht eile: "Éireoidh mé feasta 's triallfaidh mé liom go hInis Fraoich."1  B'fhéidir go bhfuil "triallfaidh mé liom" róthrom is rómhall, agus ní ar na siollaí céanna a thiteann béim an ghutha sa líne Ghaeilge agus sa líne Bhéarla, ach mar sin féin ní ródhona an fhilíocht atá san aistriúchán sin. D'fhéadfadh sé bheith ina chéad líne de dhán maith Gaeilge. Ní fhágann sin, áfach, ná go bhféadfaí an rud céanna a rá chomh maith nó níos fearr ar shlite eile. Mura ndéanfaidh an méid sin aon ní eile taispeánfaidh sé don léitheoir nár bhain riamh le haistriúchán conas a oibríonn aigne an aistritheora, nó conas a d'oibrigh sí sa chás áirithe seo pé scéal é.
   Ní nach ionadh, is deacra filíocht a aistriú ná prós. Ag aistriú próis duit ní gá duit bheith ag comhaireamh na siollaí. Uaireanta bíonn an prós chomh hálainn sin gur ar éigean a bheadh an t-aistriúchán ab fhearr a dhéanfaí air chomh hálainn céanna. Déarfainn gur mhaith an beart iarracht a dhéanamh ar bheagán éigin deise a chur i ngach aistriúchán, bíodh is nach mbeadh ann ach fógra i dtaobh earraí. Ní gá litreacha foirmiúla a bheith gránna, ach is mar sin a bhíonn siad de ghnáth toisc nach foláir linn aithris a dhéanamh ar chaint-fhoirmlí Béarla – "tá ordaithe dom" ar "I am directed" in ionad "dúradh liom" nó "iarradh orm" nó a leithéid. Trua nach ndéanfadh Gaeilgeoir éigin nach bhfuil an iomad urraime aige do theanga uilechumhachtach Shasana leabhar a scríobh chun a thaispeáint conas litreacha gnó a chur le chéile i nGaeilge réidh nádúrtha mhúinte – mholfainn dó na samplaí a thógáil as aon teanga eile ar domhan ach an Béarla.
   Ní bhíonn dea-phrós ar bith gan rithim éigin ann. An méid a dúirt mé cheana ar rithim, baineann sé go dlúth le hobair an aistriúcháin. Chun do chuid aistriúcháin a dhéanamh taitneamhach don léitheoir, toibh duit féin ar dtús rithim éigin nach deacair duit leanúint di, agus bris agus athraigh go minic í faoi mar a chomhairligh mé. Tharlódh go mbeadh rithim sa bhunleabhar a d’fhéadfá glacadh chugat agus, de bharr í a ghlacadh chugat, gurbh fhusa duit atmaisféar is meanma an bhunleabhair a chur san aistriú.2 Mura mbeadh rithim fhónta ann is go gcuirfeá rithim mhaith san aistriú, b’fhéidir gurbh fhearr go mór an t-aistriúchán ná an bhunobair. Measaim gur le dea-rithimiúlacht a réiteofar ceann de na príomhfhadhbanna a bhaineann le haistriúchán, is é sin, é a dhéanamh chomh nádúrtha sin gur gheall le bunobair é. An rithim a thoghfaidh tú, féach chuige gur rithim í a stiúrfaidh aigne an léitheora chun bhrí an téama. Tá ró-álainn chomh dona le fíorghránna sa mhéid go ndéanann sé a mhalairt sin díreach.
   An té nach bhfuil aige ach Gaeilge agus Béarla, is deacair dó uaireanta fíor-Bhéarlachas a aithint. Tá dhá nós cainte sa Bhéarla, an ceann fíordhúchasach agus an ceann Eorpach. An abairt Bhéarla nach mbeadh aon bhrí leis dá gcuirtí nach mór focal ar fhocal sa Fhraincis nó sa Spáinnis í d’fhéadfá a rá, mura Béarla dúchasach í, nach Eorpachas í ar aon chuma. “I was present at the meeting,” a deir, nó a scríobhann, an Béarlóir agus, toisc an focal Laidineach “present” a bheith san abairt sin, déarfadh éinne gur abairt Eorpach í. Ach féach gur “j’ai assisté à...” a deir an Francach, agus gurb é an briathar “beiwohnen” a bhíonn ag an nGearmánach. Níl aon riachtanas le “present” san abairt – is abairt iomlán agus is caint chruinn í dá éagmais. Sa chás seo, tá idir Bhéarlachas agus Eorpachas neamhoiriúnach don Ghaeilge. Dá ndéarfaí “bhí mé i láthair ag an gcruinniú” le hAodh Ruadh Ó Domhnaill is é a déarfadh sé leis féin, measaim, “Sasanach é seo nach bhfuil an Ghaeilge go rómhaith aige; is mian leis a insint dom go raibh sé in áit éigin agus rudaí éigin á gcruinniú ann.” “Bhí mé ar an (nó, sa) gcomhthionól” nó a shamhail, sin a déarfadh an Gaeilgeoir sa tseanaimsir.
   Daoine a bhíonn ar buile chun an té a leomhann focail iasachta a thabhairt isteach sa Ghaeilge, scaoileann siad féin isteach, ar an gcuma sin thuas agus i ngan fhios dóibh féin, na céadta abairt nach bhfuil iontu ach fíor-Bhéarlachas. Nós a bhí riamh, atá fós is a bheidh go brách á chleachtadh ag lucht scríofa is labhartha gach teanga is ea focail iasachta a ghlacadh chucu. Ní thuigtear gur náire do chine ar bith é ach amháin do na hÉireannaigh (dream a bhfuil gá chomh géar acu leis is atá ag aon dream eile) agus cé go dtagann taom mórchúise ar na Gearmánaigh ó am go ham is go gcuireann siad go tréan ansin i gcoinne na n-iasachtaí, tá flúirse de na buaniasachtaí sin ina dteanga acu. Tuigtear freisin nach náire do theanga ar bith rian na Laidine is na Gréigise a bheith ar roinnt mhaith dá múnlaí cainte agus ar chruth a gcuid próis. Lasmuigh de na nithe sin, áfach, leanann gach ceann acu dá dúchas féin agus bíonn an dúchas sin láidir a dhóthain chun a rian a fhágáil ar na nithe sin féin.
   An díobháil don Ghaeilge an Béarlachas? I gceann cúig chéad bliain cé a aithneoidh an difríocht? Nach mbeidh an Béarlachas go fíor-Ghaelach um an taca sin de bharr dhúchas na Gaeilge, dúchas atá an láidir ar fad, a bheith ag síoroibriú air, á chasadh is á lúbadh ar iliomad slite i gcaoi gur teanga nua ar fad a bheidh inti? B’fhéidir gur mar sin a bheadh, ach féach ar an mBéarla féin: nach féidir le heolaithe dealú idir fíordhúchasach is fíoreachtrannach ann d’ainneoin iad a bheith pósta le chéile leis na céadta bliain? Tá a fhios agam go mbeidh rian an Bhéarla go daingean ar an nGaeilge dár n ainneoin. Níl aon dul uaidh. Cuirimid ina choinne go dian ar shlí agus siúd ag sleamhnú isteach ar shlí eile é.  An Ghaeilge a labhraítear sa Ghaeltacht, níl sí saor ná geall le bheith saor, ó rian an Bhéarla. Níl sa Ghaeltacht ach cuid bheag d’Éirinn. Nach measa go mór a bheidh an cúrsa, maidir le Béarlachas, nuair a bheidh an Béarla díbeartha agus an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre uile? Nach fíor go mbeidh  an Ghaeilge lofa le Béarlachas ansin? Measaim féin nach mbeidh an scéal chomh dona sin ar fad. Nuair a léim Breatnais, teanga atá go fíorálainn d’ainneoin (nó le cúnamh?) a bhfuil de Bhéarlachas inti, tuigim gur trí neamh-aire a ligeadh formhór an Bhéarlachais isteach inti. Má líontar an Ghaeilge de Bhéarlachas ní trí neamh-aire a dhéanfar é ach dár n ainneoin, d’ainneoin dhícheall na scríbhneoirí. Dá mbaileoinn le chéile a bhfuil d’abairtí Béarlúla le fáil inar scríobhadh de leabhair Ghaeilge ón mbliain 1900 déarfá go bhfuil an Ghaeilge damanta, ach ag léamh na leabhar féin dúinn is ar éigean a thugaimid na habairtí sin faoi deara – anois is arís feicimid ceann acu. Tríd is tríd déarfainn go bhfuil ár gcuid leabhar Gaelach go maith agus gur Gaelaí fós a bheidh siad ar ball. Beidh dea-Ghaeilge na leabhar ag síoroibriú ar aigne na ndaoine, ag cosc na droch-Ghaeilge agus á gcur i bhfeabhas diaidh ar ndiaidh. I láthair na huaire bíonn formhór lucht foghlamtha na Gaeilge sásta má bhíonn roinnt bheag droch-Ghaeilge acu. Ach ní mar sin a bheidh i gcónaí. Tiocfaidh an t-am a mbeidh siad chomh haireach i dtaobh a gcuid Gaeilge is a bhíonn dream cultúrtha ar bith i dtaobh a dteanga féin. Ach má theipeann sin orainn, cad é an díobháil é? An teanga a bheidh ag muintir na hÉireann i gceann dhá chéad bliain, dá mhéad de rian an Bhéarla a bheidh uirthi,  beidh sí ina huirlis chainte ar leithligh, ina rud dúchasach (chomh dúchasach ann féin leis an mBéarla ar aon chuma) a bheidh tar éis fás de bharr dhá theanga a bheith ag troid le chéile chun máistreacht a fháil ar aigne an Éireannaigh. Idir an dá linn níl ag an aistritheoir ach bheith ar a dhícheall chun go mbeidh a chuid oibre chomh Gaelach agus is féidir é a dhéanamh. Tuigeadh sé, áfach, go bhfuil mórán Eorapachais sa Bhéarla agus nach náire dúinn sin a ghlacadh chugainn, pé méid de is féidir a chur in oiriúint don Ghaeilge. Dá mba mhaith liom bheith dána rachainn níos sia ná sin agus déarfainn gur fíor sin freisin i dtaobh cuid den fhíor-Bhéarlachas féin – go bhféadfaimis é a ghlacadh chugainn gan éigean a dhéanamh ar nádúr dúchasach na Gaeilge. Nuair is féidir fíor-Laidineachas a chur in oiriúint do theanga cén fáth nach bhféadfaí é a dhéanamh, agus cad é an dochar é a dhéanamh, le Béarlachas, le Francachas, Gearmánachas, etc? Má dhéantar go maith é beidh go maith.3 Beidh ort gach taobh den scéal a bhreithniú in aon chás áirithe a bhuailfidh leat. Má bhímid ró-eaglach ní fhásfaidh an Ghaeilge go deo mar uirlis mhachnaimh agus má bhímid ródhána,4 ag ceapadh caintfhoirmeacha nach bhfuil sa teanga saothraithe a dóthain fós chun iad a ghlacadh, is ionann é agus bheith ag iarraidh í a chur ag fás dá hainneoin, cé gur fíor ina dhiaidh sin gur beag smaoineamh nach bhféadfadh scríbhneoir cúinseach a nochtadh i slí go dtuigfí é. Maidir leis sin, cuimhnigh nach do dhaoine aineolacha a bheidh tú ag scríobh, de ghnáth, ach do dhaoine a bhfuil léann dhá theanga acu mar a bhí ag Céitinn – amhail a bhí an Laidin don sean-Ghael is mar sin atá an Béarla d’Éireannach na haimsire seo. Ná tuigtear as sin go molaim aithris a dhéanamh ar an mBéarla ach ba bhaoth an obair duit scríobh amhail is nach mbeadh an dara teanga ag nach mór gach éinne a léifidh do leabhar. Ní nach ionadh, pé réiteach a dhéanfaidh tú ar fhadhb caithfidh tú féachaint chuige nach réiteach gránna é.
   Gheobhaidh tú gur maith an chabhair duit, in obair aistriúcháin, bheith inniúil ar theanga iasachta seachas an Béarla a léamh. Cosnóidh sin thú ar dhia beag a dhéanamh den Bhéarla. Nuair a bheidh ag teip ort aon cheart a bhaint d’abairt Bhéarla féach conas a d’aistreofaí chun na treas teanga sin í. Mura cabhair duit é sin fiafraigh díot féin conas a déarfadh an Béarlóir simplí aineolach é – is minic nach mbíonn san abairt léannta ach smaoineamh atá á chur in iúl go simplí i ngach teanga leis na cianta. Uaireanta eile ní bheidh agat ach do chaint féin a uaisliú beagáinín – léigh leathanach nó dhó den Fhoras Feasa, mar a dúirt mé, féachaint an gcuirfeadh sé seift mhaith i gcuimhne duit.
   B’fhurasta an abairt “John made this chair” a aistriú dá bhfaighfí i lár scéil í. Thuigfí ón gcomhthéacs cé acu “rinne Seán an chathaoir seo” nó “is é Seán a rinne an chathaoir seo” nó “is í an chathaoir seo a rinne Seán” ba cheart a scríobh. Ach ní bhíonn sé chomh saoráideach sin i gcónaí an focal a mbíonn an treisiú air a aimsiú, go mór mór más in abairt fhada chasta nó in abairt dhoiléir dhroch-chumtha a bhíonn sé. Ní mór í a scrúdú go géar agus go minic. Tar éis í a aistriú duit, feicfidh tú nach bhfuil brí leis an aistriú nó, an bhrí atá leis, nach bhfuil sí de réir chúrsa argóna an bhunúdair. Má theipeann ort an cheist a réiteach, iarr ar dhuine éigin an abairt a léamh os ard duit. Tharlódh go gcuirfeadh seisean an treise ar an bhfocal ceart. Ach ná scar leis an abairt go mbeidh an fhadhb réitithe agat, nó fág ansin í agus fill uirthi uair éigin eile.
   Ní féidir liom rialacha a leagan amach a chabhróidh leat chun gach ceist a réiteach ach is féidir liom roinnt bheag leideanna a thabhairt duit:
1. Tabhair aire don litir ach tabhair a sheacht n-oiread aire don spiorad. Dúirt duine éigin liom gurbh fhearr leis an bhFrancach drochaistriú a dhéanamh ar an Soiscéal féin ná droch-Fhraincis a scríobh. Tar éis dom píosa Béarla a aistriú, lá,  fiafraíodh díom "cá bhfuil an t aistriú ar any agat?" "Níl gá leis," arsa mise, "ach oiread is atá leis an bhfocal any san abairt Bhéarla." Is leor duit smaoineamh an bhunúdair agus fós an t-atmaisféar ina bhfuil sé, a bhreith leat go cruinn san aistriú. Má scaoileann tú corrfhocal tharat gan Gaeilge a chur air nó corr-leathabairt nach bhfuil riachtanach chun an smaoineamh a thabhairt amach go cruinn – minic a leithéid riachtanach sa Bhéarla gan é a bheith riachtanach sa Ghaeilge nó vice versa, nó gan gá leis in aon teanga acu – má dhéanann tú sin ní measaide agus b'fhéidir gur fearrde an t-aistriú.
2. Tá rud ann ar a dtugtar "Jungle English." An té a bhfuil sé aige is féidir leis, i ngan fhios dó féin, rud a rá faoi dhó, faoi thrí, faoi cheathair! Tarraingíonn sé malairt focal chuige gach uair a deir sé é. Ná haistrigh é ach aon uair amháin.
3. Má chastar ort focal seanchaite a bhfuil na Béarlóirí féin cortha de um an taca seo, e.g. "the physcological moment," "a look of baffled rage," "the devouring element," etc., nó má chastar ort focal a bhfuil a dhealramh air go gcaithfear i leataobh ar ball é, ná haistrigh go litriúil é amhail is gur sheod é ach fiafraigh díot féin cad a déarfadh an Gaeilgeoir sa chás céanna agus cuir síos é sin nó focal nach bhfuil ró-neamhchosúil leis.
4. An locht úd ar a dtugtar an abairt bhacach ("Bhí Séainín....bhí sé...") agus an locht eile úd, sraith d'abairtí a thosú leis an aon bhriathar amháin ("bhí–bhí–bhí"), is deacair iad a sheachaint uaireanta in obair aistriúcháin. Bíonn an briathar faoi cheilt nach mór san abairt Bhéarla, ní ina fíorthosach ach in áit éigin laistigh di, ar chor nach miste don údar é a chur i leathdhosaen abairt as diaidh a chéile, ach má dhéanann tú aistriú lomdíreach orthu is i bhfíorthosach a bheidh sé agat. Ar do bhás seachain é sin, bíodh is go mbeidh ort an abairt a ionramháil i slí go bhféadfaidh tú an briathar a ligean ar lár ar fad.
5. Má bhíonn an abairt Bhéarla rófhada agus mórán fo-abairtí is abairtí idiraisnéise nó idirmhínithe inti i dtreo, dá n-éireodh leat í a aistriú, go mbeadh brí na Gaeilge doiléir, déan dhá abairt nó trí di, nó pé méid is gá – chun go dtuigfí é is ea a scríobhann duine agus mura féidir leis scríobh go soiléir is fearr dó éirí as an scríbhneoireacht.
6. Déan do dhícheall chun go mbeidh do stíl chomh hard le stíl an bhunleabhair agus, ar eagla nach mbeadh sí chomh hard sin, tabhair faoi é a dhéanamh níos airde. Ach ní héigean duit dán próis a dhéanamh de chuntas míosúil ar chúrsaí tráchtála.
7. Ná bíodh cúig fhocal déag agat san aistriú a dhéanfaidh tú ar chúig fhocal. An t-aistriú a dhéanamh chomh gairid, gonta, soléite leis an mBéarla bunaidh, sin é is ceart duit a chur romhat. Má thugann tú faoi bheart de réir na rialach sin is minic a bheidh do chuid abairtí féin níos giorra ná na cinn Bhéarla. Ní deirim gur féidir an chomhairle sin a leanúint i dtólamh mar is mó abairt Bhéarla a bhíonn craptha agus doiléir in éineacht, ar chor nach miste an t-aistriú a dhéanamh beagán níos sia ná í. Cuimhnigh i gcónaí go bhfuil neart briathar san fhoclóir gan aon fheidhm á baint astu agus go bhféadfá féin cinn nua a cheapadh, le cur in ionad gnáthchainteanna, ach an iarracht a dhéanamh.
8. Is fearr beirt ná aon duine amháin i mbun obair aistriúcháin ach an bheirt a bheith oiriúnach dá chéile. Ní hannamh a dhéanfadh an bheirt oiread oibre in uair an chloig is nach ndéanfadh duine acu ina aonar i dtrí huaire. An réiteach ar fhadhb nach gcuimhneodh duine acu air chuimhneodh a chomrádaí air. Chuirfeadh sin deireadh le mórán den chíoradh intinne is den mhallachtach a dhéanann aistritheoirí i ngan fhios don saol.
9. Déan staidéar ar na haistriúcháin Bhéarla i leabhair dhátheangacha, leabhair Mhuintir Harrap cuir i gcás, agus fós ar na haistriúcháin atá foilsithe ag an Roinn Oideachais. Foghlaimeoidh tú rud éigin fónta astu go léir bíodh nach mbeadh ann ach gur cheart duit, dar leat, mórán dá bhfuil iontu a sheachaint.
10. Bí ag cleachtadh aistriúcháin go minic. Chuige sin tarraing chugat gach sórt ábhair – fógraí, tuairiscí i bpáipéir nuachta, seanfhocail, ráite grinn, etc. Níorbh olc an tseift chun cleachta Béarla uasal a chur i ngnáth-Ghaeilge shimplí nó Béarla comhráiteach a thiontú i nGaeilge mhaorga Chéitinniúil. Agus más mian leat féachaint cad é an méid Gaeilge atá agat, nó nach bhfuil agat fós, agus mórchumas na Gaeilge féin a thástáil, tarraing chugat leabhar maith crua, leabhar is fiú duit a aistriú, agus bí ag obair air go mbeidh sé i nGaeilge ghlan nádúrtha agat.

Fonótaí

1.Theip orm ar fad simplíocht agus atmaisféar an Bhéarla a bhreith liom. Mar sin, dar liom, ní haistriú in aon chor é.

2. Ceist: an faillí sa taobh seo den obair faoi deara a lán de na haistriúcháin Ghaeilge a dhéantar a bheith gan aon bhlas de dhraíocht na mbunoibreacha iontu?

3. Dúirt péintéir liom, tráth: “Má fhéachann do phictiúr go maith do shúil an dea-bhreithimh is pictiúr maith dáiríre é d’ainneoin prionsabail uile na dea-phéintéireachta a bheith briste agat.”

4. Léigh na haistrithe ar abairtí Laidine in Trí Biorghaoithe an Bháis. Dlúthaistrithe mórán acu, ach is furasta iad a thuiscint – cé go n-aithnímid rian iasachta orthu. Is minic ab fhéidir aistriú chomh dlúth céanna a dhéanamh ar shaghsanna áirithe abairtí Béarla – chomh maith sin nach dtuigfí gurbh aistriú é mura mbeadh aduaine na smaointe a bheadh á nochtadh ann. Ar éigean a cheapfá gur aistriú an Astronomical TractRosa Anglica.

Tá tuilleadh eolais faoi Liam Ó Rinn le fáil sa bhunachar beathaisnéise www.ainm.ie.