SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

'Réamhaithriseoireacht, athdhéanamhchas srl.' Súil ar an nuathéarmaíocht le hAodh Ó Canainn

Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair ar Comhar, Samhain 1994. Ár mbuíochas d’Aodh Ó Canainn as ceadú dúinn é a athfhoilsiú.


RÉAMHAITHRISEOIREACHT, ATHDHÉANAMHCHAS, CAINNÍOCHTACHT AGUS BRISEADH GAOITHE

Geall le dhá scór bliain ó shin agus mé ag obair i Maidrid, iarradh orm lámhleabhar radair a aistriú ó Bhéarla go Spáinnis. Ní raibh mé ach tosaithe ar Spáinnis a fhoghlaim san am ach níor chuir sé sin beaguchtach orm. Shíl mé feabhas a chur ar an teanga Spáinnise trí chomhfhocail le fleiscín a iompórtáil ón Bhéarla agus gan am a chur amú leis na frásaí fada is dúchas don teanga. Ba ghearr go bhfuarthas obair eile dom le déanamh. Chuala mé, blianta ina dhiaidh sin, gur ghnách le muintir na monarchan magnus opus sin m’óige a thaispeáint do chuairteoirí  ar mhaithe le spraoi. Ar a laghad ar bith, ní dhearna siad páipéar tóna de! An lár ar baineadh an obair sin díom, d’fhoghlaim mé rud an-bhunúsach faoin aistriúchán – nach leor téarmaí a bheith ar eolas ag duine le haistriúchán a dhéanamh. Sin é go hachomair brí an ailt seo.

Is dócha gurb é cúrsa Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, trí mheán na Gaeilge, is mó atá ag tarraingt iúil ar cheist na téarmaíochta i láthair na huaire. Ní hionadh sin, ach tá réim na téarmaíochta níos fairsinge ná an t-oideachas. Téann téarmaí sainghrúpa i bhfeidhm ar ghnáth-theanga an phobail, béarlagair na bainistíochta agus na síceolaíochta, cuirim i gcás. A bhuíochas don dream a shaothraigh gort na Gaeilge le céad bliain anuas, tá an Ghaeilge go maith in ann do chumadh focal. Lena thuiscint cé chomh maith is atá obair na dtéarmaí Gaeilge, níor mhiste spléachadh a thabhairt ar theangacha eile. Seo, mar shampla, liosta focal a fuair mé i leagan Spáinnise de leabhar faoi airgeadas a scríobh compánach de mo chuid: ratio, cash flow, stocks, leasing financiero, pay-back, pay-out agus test ácido.1

Tá an ceart ag údar gan ainm an ailt ‘Téarmaí teicniúla ag teacht ina raidhse’ (Comhar, Iúil, 1994) dul chun cinn na téarmaíochta a cheiliúradh ach tá dhá cheist agam air. An mbainfear úsáid as an raidhse téarmaí? An mbeidh siad inúsáidte?

Téarmadóirí2

Ní gliomaigh thermidor ná fleascanna thermos ná fiú thermometers atá i gceist agam ach na daoine geanúla a chuireann Gaeilge ar na focail chéanna. D’fhéadfaí Flaithrí Ó Maolchonaire a lua mar dhuine acu nó dul siar go tús aimsire ach, chomh fada is a bhaineann sé le mo scéalsa, is dream iad a tháinig chun cinn ag tús an chéid seo.

Bhí Pádraig Mac Piarais agus Eoin Mac Néill ina mbaill de Choiste na dTéarmaí a bunaíodh sa bhliain 1907. An bhliain chéanna, foilsíodh liosta de théarmaí cuntasaíochta agus ceann eile de théarmaí leictreachais, teileagrafaíochta agus teileafónaíochta. Ach bhí an tAthair Peadar ar an fhód rompu. Chuir seisean liosta fada de théarmaí leictreachais ar fáil sa bhliain 1899! B’shin tús le drochnós Gaelach: daoine gan saineolas ar an ábhar ag dul i mbun na téarmaíochta agus, níos measa arís, ag tabhairt faoin aistriúchán teicniúil.

Tiomsú focal a bhí ann cheana seachas focail a chumadh a rinne formhór théarmadóirí na seanlaethanta. Cuireadh cnuasaigh focal ar fáil trí chomórtais an Oireachtais. Mar shampla, bhain Tomás Mac Coistealbha (‘Fionn-bhéarra’) an chéad duais agus R. Ó hAodha (‘An Mangaire Súgach’) an dara duais in Oireachtas na bliana 1903 lena liostaí de théarmaí leighis. Foilsíodh an dá liosta le chéile faoin ainm Foclóir an Leagha3  sa bhliain 1905. Is léir ó liosta Uí Choistealbha go raibh na baill ghiniúna i bhfolach faoi éadach na Gréigise agus na Laidine ach go raibh cead ag Gaeil, seachas bodaigh an Bhéarla, bheith ag briseadh gaoithe agus ag scaoileadh tuthóige!

Maidir le téarmaíocht theicniúil, bhí tábhacht le leabhar a foilsíodh sa bhliain 1919, is é sin Comhacht Uisce in Éirinn.4  Leabhar ceannródaíoch a bhí ann, toradh ar choimisiúin Dháil Éireann faoi thionscail agus fhoinsí aiceanta na tíre. An rud is suimiúla faoi gur i nGaeilge a foilsíodh é; ceapadh, is léir, go raibh an Ghaeilge le teacht i réim dáiríre! Chuir bunú an Stáit le leathnú na teanga i réimsí nua agus bunaíodh coiste téarmaíochta a mhair ón bhliain 1928 go 1939. Chuir an cogadh deireadh leis, de thairbhe deacrachtaí taistil. Bhí liosta téarmaí innealtóireachta a d’ullmhaigh Earnán de Siúnta (‘An Buachaillín Buí’), múinteoir innealtóireachta sa Choláiste Teicniúil, Sráid Bolton, os a chomhair nuair a scoireadh an coiste. Níl fáil anois air.

Clann altrama de Bhaldraithe

Nuair a tháinig borradh faoin téarmaíocht arís sa bhliain 1946, ceapadh coiste de chúigear: Traolach Ó Raifeartaigh, Gearóid Ó Murchú, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’) agus Cormac Ó Cuilleanáin. Bhíothas i ndiaidh liostaí focal a lorg ar mhúinteoirí gairmoideachais ar aon ábhar déag, déanamh cliabh is ciseán ina measc, agus ba é aidhm an choiste rogha a dhéanamh idir na focail éagsúla Ghaeilge a tugadh. D’éirigh an coiste as, Márta 1948, ar chúiseanna éagsúla. Mheas baill an choiste nach raibh dóthain eolais acu ar na hábhair agus, thar gach rud eile, bhí tosaithe ar an fhoclóir Béarla–Gaeilge faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe sa bhliain 1945. Shíl baill an choiste gurbh fhearr a dhéanfadh lucht an fhoclóra an gnó. Ghlac lucht an fhoclóra le prionsabal fíorthábhachtach, gur i gcomhairle le daoine a bhí ina saineolaithe sna hábhair a shocrófaí na téarmaí. Leanadh den phrionsabal céanna nuair a tosaíodh ar obair na bhfochoistí téarmaíochta ar ball. Fada sin ó théarmaí leictreachais an Athar Peadar! Tá sé thar am ag aistritheoirí glacadh leis an bprionsabal céanna.

Buanchoiste

Chuir an siollabas úr oideachais borradh faoin téarmaíocht sna seascaidí. Bunaíodh coistí don eolaíocht, don bhitheolaíocht agus don tíreolaíocht agus foilsíodh foclóirí sna trí ábhar sin sna blianta 1966, 1968 agus 1972. Bunaíodh an buanchoiste téarmaíochta sa bhliain 1968 agus d’aimsigh sé modh oibre atá ag feidhmiú i dtólamh, is é sin fochoistí a cheapadh chun plé le hábhair faoi leith. Ní fhaigheann na baill aon íocaíocht ach, más buan mo chuimhne, ní raibh aon chaill ar an lón. Is é an suaitheadh intinne agus an spraoi an tairbhe phearsanta is mó a bhaineann na baill as. Is cuimhin liom an greann a bhain le disk-jockey a aistriú, duine amháin ag maíomh gur ‘mútálaí ceirnín’ ab fhearr mar nach mbíonn ar bun acu ach útamáil.

Tá na bunrialacha a leagadh síos sna tríochaidí le focail a chumadh úsáideach i dtólamh5 ach tá sofaisticiúlacht úr ag baint leis an obair ar fad. Feictear dom, áfach, go bhfuil riail amháin in easnamh – inghlacthacht. Tóg, cuir i gcás, na téarmaí ‘réamhaithriseoireacht’,6  ‘athdhéanamhchas’7  agus ‘cainníochtaíocht’8  atá i dteideal an ailt seo. Sin iad na trí theist ar mhodh na heolaíochta.9 Tá mé barúlach gur leanadh do na rúibricí nuair a scríobhadh an leabhar ach sílim go bhfuil na trí fhocal sin fíorghránna agus nár cheart dúinn glacadh leo. Cibé duine a cheap nó a cheadaigh iad ba chóir dó dul i mbun oibre arís. Dá mbeadh pobal fairsing Gaeilge ann agus neart daoine ag plé le hábhair nua, ní ghlacfaí leo. Comhartha laige na teanga muid a bheith inár dtost.

bhFuil laíght ar do bhaídhc?

An fíor go bhfuil Gaeilge na Gaeltachta ag tanú de réir mar atá an téarmaíocht a bhain le talmhaíocht, seancheirdeanna agus iascaireacht ag dul as úsáid? Tá an dá thuairim ann. Os cionn deich mbliana ó shin, thaispeáin Peadar Mac an Iomaire10 an tionchar a bhí ag an tionsclaíocht ar Ghaeilge Chonamara. Ar easpa pholasaí teanga Ghaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta a d’fhág sé an locht faoi laige na Gaeilge iontu.

‘Cheap cuid mhaith daoine a raibh imní orthu faoi thodhchaí na Gaeltachta go mba leor an pobal a bheith coinnithe sa bhaile le go mairfeadh an teanga mar go raibh an oiread sin imirce feicthe acu le blianta fada roimhe sin. Thuig an lucht bainistíochta agus riaracháin a d’fhostaigh Údarás na Gaeltachta, agus nach raibh an teanga ar a dtoil acu, gur chuma le go leor de mhuintir na Gaeltachta faoin teanga, ach postanna a bheith acu.

...Ba ghearr gur mar seo a bhí an cás: an Béarla mar theanga riaracháin sna monarchana agus an Ghaeilge mar theanga chumarsáide idir an fhoireann oibre ar urlár na monarchan.’

Thug Mac an Iomaire samplaí den chineál Gaeilge a bhí á labhairt i monarchana ón Spidéal go dtí an Cheathrú Rua. Bhí sí lán d’iasachtaí ón Bhéarla mar gheall is nár cuireadh na téarmaí Gaeilge ar fáil i dtús ama. Tá ábhar dóchais san alt fosta mar léirítear chomh maith is a glacadh le téarmaíocht Ghaeilge in oifig an Údaráis féin agus i gcomharchumainn – áiteanna inar cuireadh an téarmaíocht ar fáil in am agus ina raibh an Ghaeilge ina teanga riaracháin. Blianta ó shin, nuair a bhí cúram monarchana sa Ghaeltacht orm féin, rinne mé cinnte de gurbh í an Ghaeilge an teanga riaracháin. Shíl mé, agus sílim go fóill, go bhféadfadh monarcha tacú leis an Ghaeilge agus cur lena húsáid i réimsí úra an tsaoil. Is maith liom an dóchas céanna a bheith le léamh ar alt a scríobh Tomás de Bhaldraithe faoi Ghaeilge Chonamara ina dtugann sé freagra orthu siúd a deir go bhfuil Gaeilge na Gaeltachta ag meath agus gur gearr nach mbeidh inti ach criól:

‘Ní hamháin go bhfuil pobal fuinniúil meabhrach ann – más beag féin é – a bhfuil sí mar aonteanga dhúchais acu, ach gur ag méadú atá an chuid sin den phobal atá oilte ar í a scríobh agus í a labhairt go poiblí ag cruinnithe agus ar an raidió, agus sin i dtaobh gnáthchúrsaí an tsaoil nua seo sa bhaile agus thar lear.’11

Caithfear an teanga a shaibhriú de shíor le téarmaíocht úr ach níl pobal na Gaeltachta mór go leor leis sin a thabhairt i gcrích. Tá an-tábhacht ag baint le saothar na dtéarmadóirí ach sílim go bhfuil siadsan ag brath, i ndeireadh thiar, ar lucht úsáidte na dtéarmaí, idir scríbhneoirí agus craoltóirí. Bainfear úsáid as téarmaí a shíleann lucht cumarsáide a bheith inúsáidte.

Ní téarma go húsáid

Sílim gur deacair do bhaill aon choiste téarmaíochta, fiú saineolaithe san ábhar atá i gceist, téarmaí a cheapadh in vacuo. Is nuair a théitear i mbun ailt nó leabhair a thuigtear ciall an fhocail i gceart agus a fheictear an deacracht aistriúcháin. Níl dóthain ábhair tríú leibhéil á dteagasc trí Ghaeilge, ná dóthain taighde á fhoilsiú sa teanga chéanna, le go gcuirfí na téarmaí ar a dtriail. Níl pobal léitheoireachta na Gaeilge sách fairsing le go bhféadfaí sainirisí a chur á bhfoilsiú, rud a fhágann gur beag ábhar foilsithe atá ar fáil ag na téarmadóirí le fómhar a chruinniú as.

Baineann iriseoireacht na Gaeilge, den chuid is mó, le litríocht agus le polaitíocht. Maidir le polaitíocht, seanmóintí agus sílteagasc is mó a bhíonn ann agus téarmaíocht chúng sheanchaite ag roinnt leo. Rí-annamh a fhoilsítear aon cheo a bhaineann leis na heolaíochtaí daonnachtúla. Is mó cleachtadh atá ag léitheoirí ar liodán an tsóisialachais ná ar fhoclóir na socheolaíochta. Fágann an easpa cleachtaithe ar léamh sna hábhair sin deacracht ag an léitheoir agus, dá bharr sin, ag an scríbhneoir.

Maidir le foilsiú téarmaí teicneolaíochta, feictear dom go raibh an scéal ní b’fhearr san am atá caite. Bhí baint agam féin le sraith altanna Gaeilge ar iris san am. Maireann An Roth, fochuid Ghaelach de Chumann na nInnealtóirí, agus foilsítear gearrchuntas ar a gcuid cruinnithe in iris an Chumainn.12  Is maith ann é aon ghrúpa saineolais a dhéanann a gcuid féin den Ghaeilge trína gcuid oibre agus trína gcuid foilseachán. Ní fheicim an oiread sin deacrachtaí le téarmaí innealtóireachta, cuntasaíochta ná tráchtála. Rinne Ollscoil na Gaillimhe obair cheannródaíoch sa tráchtáil agus tá na téarmaí cuntasaíochta i ngnáthúsáid ag leithéidí Ghael-Linn le fada an lá. Sna heolaíochtaí daonnachtúla atá an fhadhb is mó, creidim.

Interfacing with enterprise culture, on a level playing-field, at this point in time.

Tá mé ag magadh, ar ndóigh. Ní mholfainn an dríodar sin a aistriú, ach taispeánann sé go bhfuil béarlagair á shú isteach sa ghnáthchaint agus go gcaithfear an chuid de a mhaireann a aistriú. Is deacra na gnáthfhocail nua seo – agus cinn nach bhfuil chomh nua sin ar fad – a aistriú ná téarmaí úra ríomhaireachta. Ní hé go bhfuil téarmaí Gaeilge in easnamh sna foclóirí ach ní fhreagraíonn cuid acu don chiall shocheolaíochta nó bhainistíochta atá leis na focail sin inniu. Seo cuid de na gnáthfhocail atá ag déanamh buartha dom i dtólamh.

Achievement. Is é ‘cur i gcrích’ an leagan is sine ach ní thugann sé ciall nua-aimseartha an fhocail Bhéarla leis. Is fearr ‘féin-réaladh’ don té a thuigfeadh é.13

Belief sa chiall a bhaineann le haon rud a chreidtear. Níl a fhios agam an ligfeadh na húdaráis eaglasta dom an téarma ‘alt creidimh’ a ghoid?

Commitment. ‘Ceangaltas’ a thugtar ach ní chuireann sin an dílseacht, géillsine agus féintíolacadh atá i gceist in iúl. Tá rúnaí an Choiste Téarmaíochta i ndiaidh an téarma ‘gealltanas’ a mholadh dom. Tá cuma na maitheasa air sin, cé gur le pósadh is mó a shamhlaítear é.14

Culture sa chiall shocheolaíoch. Síleann formhór údair na Gaeilge aon chiall amháin, éigse agus ealaín, a bheith leis an fhocal. Fiú amháin sa leabhar suimiúil sin Idir Dhá Chultúr,15 is é an chiall atá le ‘cultúr’ teanga agus litríocht. Cloisim léachtóirí ag scoileanna Merriman ag úsáid an téarma ‘cultúr’ don chiall shocheolaíoch. Tá dáimh agam leis an fhocal ‘béascna’ ach b’fhéidir go bhfuil sé róchúng.

Luaim na focail sin thuas lena thaispeáint gurb iad na focail ‘shimplí’ is deacra a aistriú. Mura ndéantar fairisingiú ó am go chéile ar na cialla a d’fhéadfadh bheith le focal, beidh aistritheoirí atá gann ar eolas faoin ábhar nó faoin teanga, ag roghnú focal atá míchruinn.

Ní aistritheoir go scríbhneoir

Cuimhním ar fhógra de chuid Údarás na Gaeltachta faoi ‘planda’ a bhí le tógáil i nGaeltacht éigin. An duine a rinne an t-aistriú meicniúil sin, déarfainn nach raibh cleachtadh aige ar léamh na Gaeilge. Tá an tÚdarás le moladh as a chumas dóthain Gaeilge a thabhairt d’fhostaithe Galltachta nár chuir suim sa teanga sular ceapadh iad ach ní leor foclóir cúng an aon phoist amháin le dul ag cumadh nó ag aistriú. Ní taise don scríbhneoireacht chruthaitheach é; tá easpa Gaeilge agus easpa breithiúnais i roghnú focal le tabhairt faoi deara i gcuid de na gearrscéalta a foilsíodh in Comhar, mí Feabhra, cuirim i gcás.

Ní leor dea-Ghaeilge ach oiread le dul i mbun aistriúcháin. Ní mór don aistritheoir bheith eolach ar an ábhar nó comhairle leanúnach a fháil ó dhuine atá. Ní mór dó tuiscint a bheith aige do chumas na léitheoirí. Tá na buanna sin ar fad le léamh ar an chuid is mó de na haistí atá sa leabhar An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht.16 Ar ndóigh, ní aistriúcháin iad ach buntéacsanna. Anuas air sin, tá siad bunaithe ar chainteanna a tugadh ag siompóisiam. Níl bealach ar bith níos fearr le téacs a dhéanamh sothuigthe ná é a ullmhú mar chaint. Déanta na fírinne, bhí mé ag caint liom féin cuid mhór den am agus mé i mbun aistriúcháin ar Platero y Yo.17

Éasca a léamh, deacair a scríobh

An oíche fadó ar léigh Máirtín Ó Cadhain ‘Uige sa Seol’18  in Óstán Shíol Bhroin, bhí cuid mhór dá raibh i láthair ar buile leis mar go raibh sé dothuigthe. Sheas fear agus dúirt sé go raibh sé in am do Mháirtín leabhar a scríobh a bheadh éasca a léamh. Arsa Máirtín: “Níl sé éasca leabhar a scríobh, cén fáth sa diabhal go mbeadh sé éasca a léamh?” Rinne Umberto Eco an neamart céanna ina chuid léitheoirí nuair a dúirt sé faoi The Name of the Rose: ‘those first hundred pages are like a penance or initiation, and if someome does not like them, so much much the worse for him’.19  Níor thairg sé a gcuid airgid ar ais, áfach, don dream a cheannaigh an leabhar ach nár tháinig slán ón phionós. Seans gur ag magadh a bhí Máirtín Ó Cadhain ach bhí an ráiteas sin aige iomlán mícheart.

Tá sé de dhualgas ar scríbhneoir é féin a chur i dtuiscint don lucht éisteachta ar a bhfuil an saothar dírithe. Tá dua ag baint leis sin. Má tá blas ar chuid cainte agus scríbhneoireachta na dtrí Ghearóid: Ó Crualaoich, Denvir agus Ó Tuathaigh, agus iad ag plé le sainábhair, is mar gheall ar an dua a chaitheann siad leis é. Is scríbhneoir é an t-aistritheoir. B’fhéidir go bhfuil sé iomarcach a rá gur cheart dó téacs álainn a scríobh ach, ar a laghad ar bith, tá sé de dhualgas air éascaíocht a dhéanamh don léitheoir. Dúirt Brendan Mc Williams, údar an ailt ‘Weather Eye’ san Irish Times, go léann a a bhean chéile an script roimh ré agus, má shíleann sí aon chuid de a bheith dothuigthe ag an ngnáthléitheoir, déanann seisean athscríobh air. Faraor gan an cúram céanna á ghlacadh le téacsleabhair. Tá téacsleabhair mheánscoile i nGaeilge feicthe againn atá dothuigthe, cinn nach féidir le mic léinn ciall a bhaint astu gan an bunleagan Béarla a léamh fosta. Doiléire san áit a dteastaíonn soiléire. Mura n-éiríonn le haistritheoir éascaíocht a dhéanamh don léitheoir, cén tairbhe atá leis an obair ar fad? É a bheith le rá gur comhlíonadh an dualgas náisiúnta leagan Gaeilge a chur ar fáil?

Cad chuige?

Is é Cad Chuige an Ghaeilge?20  (Tovey et al, 1989) an foilseachán Gaeilge is mó ina bpléitear téamaí socheolaíocha. Tá an bunleagan Béarla Why Irish? agus an t-aistriúchán Gaeilge le fáil in aon leabhar amháin. Rinne mé mo dhícheall leis an leagan Gaeilge ach b’éigean dom an leabhar a iompú thart agus an buntéacs a léamh. Cuirfidh mé geall nár léigh oiread is duine an leagan Gaeilge tríd síos gan tagairt go mion minic don bhuntéacs. Tuigim do dheacracht an duine a d’aistrigh go Gaeilge é mar tá an buntéacs féin sách doiléir. Is dual d’údair shocheolaíochta a bheith doiléir ach tá eisceachtaí ann ar nós Elliot Aronson.21.

D’fhéadfaí leagan Gaeilge de Why Irish? a dhéanamh a bheadh níos soléite ná an bunleagan Béarla. Tá taithí agam ar theachtaireacht an Taoisigh i réamheolaire bliantúil an Fhorais Bhainistíochta a aistriú go Gaeilge. Ba é an chéad rud a bhí le déanamh agam gach uair ciall éigin a dhéanamh den rámás foclach bainistíochta a bhí curtha ina leith (is minic a bhíonn údair bhainistíochta míshoiléir; ligean struchtúr an Bhéarla dóibh bheith leisciúil, débhríoch). Níl an Ghaeilge go maith le cuma na stuaime a chur ar fhothram focal gan bhrí agus, tar éis na hoibre, ba mhó ciall a bhíodh leis an aistriúchán ná leis an bhunleagan Béarla.

Le leagan soléite a dhéanamh de Why Irish? ba é ba cheart a dhéanamh san am duine a raibh eolas ar an ábhar aige dul i mbun an aistriúcháin nó, ar a laghad, cuidiú leanúnach a thabhairt san obair. Ón uair nár tharla ceachtar acu, níl le rá ar son an aistriúcháin ach gur chomhlíon Bord na Gaeilge a dhualgas leagan Gaeilge a chur ar fáil.

Aoibhinn beatha an aistritheora?

Obair fhíordheacair atá san aistriúchán teicniúil. Cheal comhluadair shaineolaithe, cheal taighde nó foilseachán i nGaeilge sna réimsí teicniúla, is uaigneach an obair í. Gort úr a bhíonn le treabhadh ag an aistritheoir gach uair. Lena thaispeáint cé chomh deacair is atá sé, fiú agus téarmaí á soláthar ar mhuin a chéile, déanaim plé anseo thíos ar leabhar a shílim a bheith tábhachtach: Saoirseacht nó Sclábhaíocht.22 Fuair mé deacair an leabhar a léamh ach níor ghéill mé don chathú an bunleagan a chuartú go dtí go raibh an leagan Gaeilge léite ar fad agam. Fad is a bhí mé á léamh, bhí orm go leor abairtí a scrúdú le fáil amach cén bunús ba dhócha a bheith leo i mBéarla. A leithéid seo, cuirim i gcás:

‘...ragobair chórasach le cúiteamh as an ráta méadaitheach a mbeidh an meaisín ag dul as feidhm.’ (Lch 78)

Mar a deirtí faoi Inniu fadó, ní thuigfeadh Gaeilgeoir gan Bhéarla é sin. An locht atá air gur chloígh an t-aistritheoir go dlúth le focail an bhunleagain: systematic overtime to counter the increasing obsolence of the machine. Tá amhras orm faoi roghnú na dtéarmaí. An focal ‘córasach’, cuirim i gcás, tá sé cruinn ceart de réir an fhoclóra, ach ní thugann sé brí an bhéarlagair bhainistíochta leis. Ach oiread le go leor focal eile sa bhéarlagair sin a fuarthas ar iasacht ón eolaíocht, leithéidí interface, tá an téarma systematic curtha as a riocht. Mar dhuine a chleachtann an béarlagair, tuigim gurb é is ciall leis anseo, ‘pleanáilte’, ‘d’aon turas seachas de thaisme.’

Sílim go raibh an ceart ag an aistritheoir ‘as feidhm’ a thabhairt ar obsolescent ach féach cad é a tharlaíonn nuair a théann an léitheoir á lorg i bhfoclóir Uí Dhónaill nó in An Foclóir Beag. Níl tásc ná tuairisc ar an téarma ‘as feidhm’. De réir Foclóir Staidéir Ghnó is é an focal ‘críon’ ba chóir a úsáid, rud a chiallaíonn ‘seargtha’, ‘feoite’ de réir an chéad dá fhoclóir – na cinn is dócha a bheith ag an ghnáthléitheoir.

Fiú má fhágtar béarlagair as an áireamh, caithfear plé le focail a bhfuil níos mó ná ciall amháin leo. Sampla greannmhar den fhadhb seo an trácht ar ‘gnóthaí dubha’ (lch 159). Ní leis an eacnamaíocht dhubh a bhaineann siad, mar a shíl mé ar dtús, ach leis an chine gorm.23 Sampla eile an t-aistriúchán a rinneadh ar artificial stimulus, is é sin ‘spreagadh saorga’. (lch 103) Mura bhfuil dul amú orm, baineann ‘saorga’ le hábhair seachas le mothúcháin. Nárbh fhearr don aistritheoir tarraingt ar an Ghaeilge bhreá dhúchais atá aici agus leithéidí ‘bréagach’ a rá?

Dílis nó dána?

An rud atá mé a mhaíomh gur chóir don aistritheoir a bheith beagán mídhílis don bhuntéacs ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh don léitheoir. Tuigim go bhfuil sé sin deacair don duine nach bhfuil ag plé lena ábhar féin agus go gceapfadh sé go mbeadh sé níos sábháilte cloí go dlúth leis an bhunleagan. Má dhéanann sé amhlaidh, beidh sé go mór i dtuilleamaí na bhfoclóirí. É seo mar shampla:

‘...b’éasca do na gréasáin táirgbhunaithe iad féin a shocrú suas.’ (lch 156)

Tá an chuid dheireanach ina aistriúchán ar to establish themselves. Bhí iontas orm nach ‘buanú’, ‘daingniú’, ‘fódú’ nó a leithéid a roghnófaí ach bhí ag dul díom a thuiscint cén t-údar a bhí le ‘socrú suas.’ Ansin chuimhnigh mé gurb é ‘socraigh suas’ an téarma atá in Foclóir Ceirdeanna agus Teicneolaíochta ar set up, rud a chiallaíonn meaisín nó córas déantúsaíochta a chóiriú nó a chur i ngléas. Is léir go ndeachaigh an t-aistritheoir ar lorg malairt focal ar establish, gur chuimhnigh sí ar set up agus gur tharla sí ar théarma an-speisialta nár fheil, dar liom, don ghnó. Níl mé róshona faoi úsáid an ‘socrú suas’ sin san innealtóireacht ach, mar a deireann corrdhuine ar Raidió na Gaeltachta, ‘tá sé suas duit féin.’

D’fhéadfaí breathnú ar na difríochtaí idir struchtúr na Gaeilge agus na dteangacha as a dtarraingítear téacsanna socheolaíochta agus bainistíochta mar dheacracht; an bhfuil gá, cuirim i gcás, le frása i nGaeilge san áit a bhfuil focal nó dhó i mBéarla. Tá soláthar aonfhoclach na dtéarmaí nua Gaeilge ina chuidiú don té ar mhaith leis an téacs Gaeilge a ghiorrú ach tá an baol ann go n-úsáidfí iad in ionad frásaí atá níos dúchasaí, níos cruinne agus níos soléite.

B’fhéidir go raibh aistritheoir an leabhair seo ag iarraidh an leagan Gaeilge a bheith chomh gearr gonta leis an leagan Béarla nó gar dó. Tóg mar shampla ...to reduce his or her expectations to an absolute minimum. Is é an t-aistriú a rinneadh air sin ná ‘a mian a chriogadh’ (lch 37). Gonta, ceart go leor, ach cén chiall a bhainfeadh an léitheoir as? Fonn, dúil nó ábhar na dúile (m.sh. ‘mian mo chroí’) atá i gceist le ‘mian’, de réir na bhfoclóirí. An bhfuiltear le ‘mian croí’ duine éigin a bhualadh? Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair aon fhocal amháin Gaeilge a aimsiú don chiall áirithe den fhocal expectations. Seans go raibh an t-aistritheoir tinn tuirseach de bheith ag iomrascáil le ‘dóchas’, ‘tnúth’, ‘ionchas’ agus ‘súilíocht’ (eyeing?) agus gur shocraigh sí an t-iomlán dearg a chaitheamh i dtigh an diabhail. Dá mbeadh sí fíordhána, dhéanfadh sí abairt níos faide as seachas ceann giortach.

B’fhearr glacadh leis an difríocht idir an dá theanga agus í a chur chun leasa, in ionad amharc uirthi mar dheacracht. B’fhearr cuimhneamh ar aistriúchán, ní mar mhacasamhail don bhunleagan, ach mar shaothar nua a bheadh bunaithe air. Ar aon nós, bíonn luachanna difriúla saoil á n-iompar i dteangacha éagsúla. An sampla is túisce a ritheann liom an neamhfhoirmeálacht agus easpa postúlachta in Éirinn ar toradh é, creidim, ar leagan den fhocal Mister a bheith in easnamh ar an teanga shinsir. Tá sé deacair Gaeilge a chur ar leithéidí deployment of human resources. Níl an Ghaeilge mídhaonna go leor. Go raibh sí fada amhlaidh!

Má bhíonn aistritheoirí ag cloí ródhlúth leis an bhuntéacs, cuirfidh sé friotal ar luachanna nach réitíonn go maith lena chultúr féin. Tá aistritheoir an leabhair seo, mar shampla, chomh dílis sin don bhuntéacs go bhfuil trácht ar ‘briogáid an gin-and-tonic’ (lch 136)!24  Níor mhór cuimhneamh ar nath éigin níos dúchasaí ná sin. Mura bhfuil sa Ghaeilge ach culaith ar smaointe agus ar leagan amach an Bhéarla, an fiú bacadh léi?

Clabhsúr agus clabhstra

Táimid go mór faoi chomaoin ag na téarmadóirí. Tá siad ar na dreamanna a rinne athnuachan ar an Ghaeilge agus a thug slán ón dímheas agus ón tréigean í. Leis na bealaí oibre agus modhanna cumtha focal atá aimsithe le tamall acu, beidh ar a gcumas téarmaí a cheapadh ina raidhsí. Más maith is baolach.

Is é laghad phobal na Gaeilge is cúis leis an dá fhadhb atá luaite agam: cumadh téarmaí in vacuo agus mí-úsáid na dtéarmaí sin ag aistritheoirí. Ar bhealach, táimid ag iarraidh athréim na Gaeilge a shamhlú, réalaíocht a dhéanamh den bhrionglóid, nuair a thógaimid struchtúr téarmaíochta. Tá mínádúr ag baint le saothar na téarmaíochta mar gheall is nach bhfuil pobal láidir teanga againn ag éileamh téarmaí agus á bpromhadh. Is ar aos scoile atá saothar na téarmaíochta dírithe le fada. Ní hiad is fearr le téarmaí nua a phromhadh.

Tá an baol ann go mbeidh cuid de na téarmaí a chumfar do-úsáidte taobh amuigh de bhallaí na scoile. An baol eile go mbeidh an soláthar nua de théarmaí teicniúla ag cur cathú ar aistritheoirí tabhairt faoi ábhair nach dtuigeann siad agus go mbeidh siad chomh mór sin i dtuilleamaí an fhoclóra nach gcuirfidh siad an dua orthu féin tarraingt ar a gcuid samhlaíochta ná ar shaibhreas na teanga. Má dhéanann siad dearmad gur scríbhneoirí iad agus gur dual don scríbhneoir bheith intuigthe, ní chuirfidh siad na téarmaí nua, dá líonmhaire is dá chliste iad, chun leasa na teanga.

Ní bheidh leigheas ar an dá fhadhb, is dócha, go dtí go mbeidh pobal na Gaeilge níos fairsinge. Idir an dá linn, ní mór scríobh agus foilsiú ábhair theicniúla a bhrostú. B’fhearr dá bhfoilseofaí altanna i sainirisí atá ar fáil cheana ag lucht gairme ach, i gcásanna nárbh fhéidir sin a dhéanamh, níor mhiste irisí nua a fhoilsiú i nGaeilge.

Ar ámharaí an tsaoil, cuireann an deascfhoilsitheoireacht ar ár gcumas iris shlachtmhar a chur ar fáil do líon beag daoine ar chostas íseal. Is é an toradh a bheadh ar fhlosc foilsitheoireachta den chineál seo go mbeadh fómhar le baint ag na téarmadóirí agus cead againne insint dóibh faoi na téarmaí nach ansa linn.

An rud ba mhaith liom a fheiceáil, i ndeireadh thiar, go gcuirfeadh na téarmadóirí a gcuid moltaí ar fáil do lucht úsáidte na dtéarmaí, go mbainfids siúd triail astu (trí mheán na n-irisí thuasluaite, b’fhéidir) agus go ndéarfaidís cé acu a bhí inghlactha agus cé acu nach raibh. Bíodh siad ina dtéarmaí sealadacha go dtí go dtabharfadh lucht a n-úsáide breithiúnas orthu.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá an bhrionglóid ar tí a fíoraithe sa chúrsa nua in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, trí mheán na Gaeilge. Tugann an cúrsa seo, agus cinn eile a thiocfaidh ar ball de bharr fás an mheánoideachais trí Ghaeilge, dúshlán léachtóirí agus mic léinn araon. Beidh siad ag promhadh téarmaíochta a bheas ina gcuid thábhachtach de ghnáthchaint an lae amárach. Is é tátal mo chuid argóna chomh fada is a bhaineann sé leosan go bhfuil roghnú agus láimhseáil na dtéarmaí níos práinní ná cumadh na dtéarmaí.

Ní chumfar friotal nádúrtha go leor, nó, má deirim é, álainn go leor, mura mbíonn fáil ar shaibhreas na teanga Gaeilge ag lucht a scríofa. Ná bíodh siad ag brath an iomarca ar fhoclóirí. Níl teacht ar an saibhreas seo ach le tréan cainte agus tréan léitheoireachta.

B’fhéidir go bhfuil sé iomarcach bheith ag súil le léachtóirí ilchumais, daoine ar féidir leo an dá thrá a fhreastal, ceann na heolaíochta agus ceann na litríochta. Ní miste a mheabhrú gur daoine ilchumais a bheas i mbainisteoirí na todhchaí. Bíodh a gcuid céimithe ina measc.

Nótaí

1. Ratios Clave para la Dirección de Empresas, le Ciaran Walsh, Folio (1994).
2. ‘Téarmeolaí’ an leagan faofa.
3. Tá an téacs iomlán le fáil ar www.archive.org/details/foclirleaghaic00macc.
4. Annraoi Breathnach agus Pádraig Ó Domhnaill a scríobh. Tá an téacs iomlán le fáil ar www.archive.org/details/comhachtuiscein00breauoft.
5. Gheofar cuntas orthu san alt ‘Scéal na téarmaíochta sa chóras oideachais’ le Tomás Ó Floinn, Teangeolas 17 (1981): 27–33.
6. Predictability. ‘Intuarthacht’ is mó a deirtear inniu.
7. Is dócha gur repeatability atá i gceist. Ní thugtar an leagan in aon fhoinse chlóite. ‘In-atrialltacht’ a mholtar ar www.focal.ie – más fearr é sin!  
8. Quantifiability, is dócha. Ní mholtar leagan ar bith ar www.focal.ie le haghaidh an choincheapa seo. 
9. De réir mar a chuirtear síos orthu sa leabhar Saoirseacht nó Sclábhaíocht le Mike Cooley, Tiobraid Árann ag Labhairt Teo, 1994.
10  ‘Tionchar na tionsclaíochta ar Ghaeilge Chonamara Theas’ le Peadar Mac an Iomaire in Teangeolas 16 (1983): 9–18.
11. ‘Nóitíní ar staid inmheánach na teanga’ le Tomás de Bhaldraithe in Teangeolas 32 (1993): 25–28.
12. Maireann sé i gcónaí. Féach www.engineersireland.ie/community/societies/an-roth.
13. Tá ‘gnóthachtáil’ i ndiaidh teacht chun cinn, go háirithe i réimse an oideachais. 
14. Tá ‘tiomantas’ in úsáid choitianta sa chiall sin inniu.
15. Idir Dhá Chultúr, le Declan Kiberd. Coiscéim (1993).
16. In eagar ag Diarmuid Ó Gráinne & Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim (1992).
17. Saothar próis le Juan Ramón Jiménez. Aodh Ó Canainn a d’aistrigh go Gaeilge. Coiscéim (1992).
18. Gearrscéal a foilsíodh faoin teideal ‘A Simple Lesson (Uige sa Seol)’ sa chnuasach An tSraith ar Lár. Áirítear é ar cheann de na scéalta is dúshlánaí a d’fhoilsigh an Cadhnach.
19. Reflections on the Name of the Rose, le Umberto Eco. Secker & Warburg (1989).
20. Cad Chuige an Ghaeilge? Teanga agus Féiniúlacht in Éirinn Ár Linne, le Hilary Tovey,  Damian Hannan & Hal Abramson. Bord na Gaeilge, 1989.
21. The Social Animal, le Elliot Aronson. Routledge & Kegan Paul (1973).
22. Aistriúchán a rinneadh ar Architect or Bee? le Mike Cooley.
23. Is é sin, gnólachtaí atá i seilbh daoine gorma.
24. Tá abairt sa téacs anseo ar deacair a dhéanamh amach cén gaol atá aici leis an méid atá roimpi agus ina diaidh: ‘Uair amháin agus mé ag tabhairt cúrsa i gCathair na hAithne (ní ghlacaim leis ‘An Ataen’), chuir an teangaire Gréigise fainic orm don bhinb!’ Tá an chuma air gur fágadh cuid den abairt ar lár.