SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 4

Ag seo thíos tráchtaireacht agus leaganacha eiseamláireacha de na cúig abairt lochtacha. Thiocfadh iad a leasú ar go leor slite eile.

1. Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan nár mhair i bhfad ar an 10 Márta 1980. 

Tráchtaireacht: Faoi mar atá an abairt thuas, shílfeá gurbh iad na mná nár mhair i bhfad, seachas an Cór.

Athleagan: Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan ar an 10 Márta 1980. Ní raibh sé i ndán don Chór sin maireachtáil i bhfad eile, áfach.

2. Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta agus freisin ó lasmuigh díobh, rannpháirteachas iomlán a cheadú.

Tráchtaireacht: Ní léir cé acu ‘lasmuigh de na mná’ nó ‘lasmuigh de na Fórsaí Cosanta’ a bhí an dara dream ban a luaitear san abairt. Tá ‘freisin ó lasmuigh’ an-ait. Is gnách ‘freisin’ a chur i ndeireadh na faisnéise in abairt shimplí mar seo: ‘Bhí scoth an bhia ann, agus fíon deas freisin.’ seachas ‘Bhí scoth an bhia ann agus freisin fíon deas.’

Athleagan: Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta, agus ó mná eile, rannpháirteachas iomlán a cheadú.

3. “Tá naoscairí, píolótaí, meicneoirí agus liosta eile le háireamh ar mná iad ag obair san arm.”

Tráchtaireacht: Nath seanbhunaithe is ea ‘Is liosta le háireamh é’ ach is ait linn ‘Is liosta eile le háireamh é’. Tá an coibhneas indíreach (‘ar mná iad’) beagán casta nuair a thiocfadh eagar i bhfad níos simplí a bheith ar an abairt.

Athleagan: Is liosta le háireamh iad na poist a bhfuil mná ag gabháil dóibh san arm, idir naoscairí, phíolótaí, mheicneoirí agus eile. 

4. Sin an céatadán atá sna fórsaí cosanta i bhformhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil in Éirinn mar gur féidir le mná cur isteach ar ról nó post ar bith, agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír.

Tráchtaireacht: Is iomaí locht ar an abairt seo. Bheadh faitíos orm a rá go bhfuil ‘formhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa’ mícheart amach is amach, ach is mó a bheifeá ag súil le ‘formhór na dtíortha in Iarthar na hEorpa’ nó fiú amháin ‘formhór thíortha Iarthar na hEorpa.’

Tá iarracht den spladhsáil camóige le brath ar an gcuid seo den abairt ...a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil...  B’fhearr abairt nua a thosú seachas an dá chlásal a chónascadh le ‘ach’. Gheofar míniú maith ar an locht stíle sin anseo: http://grammartips.homestead.com/splice.html. (Tá an locht céanna ar an gcónasc ‘agus’ i gclásal deireanach na habairte: agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír.)

Dá mbeifí chun abairt nua a scríobh is amhlaidh a thosódh sí le ‘Tá sé difriúil in Éirinn...’ Teastaíonn bealach éigin chun a chomharthú gur cuid cainte an Uasail O’Connor atá á dtuairisciú i gcónaí.

Seans nár mhiste an réamhfhocal a athrá sa chuid seo den abairt: ar ról nó post ar bith.

Is ait linn an briathar 'tarlaigh' i ndeireadh na habairte. Ní 'tharlaíonn' rud ar bith ach gur ceadmhach do mhná cur isteach ar phoist áirithe.

Athleagan: Is é an céatadán céanna atá sna fórsaí cosanta i bhformhór thíortha Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor. Tá an méid seo de dhifear ann i gcás na hÉireann, dar leis: gur féidir le mná cur isteach ar ról nó ar phost ar bith, rud nach bhfuil ceadaithe ina lán tíortha eile.

5. Áfach, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 6% fós an-íseal.

Tráchtaireacht: Níor cheart abairt a thosú le ‘áfach’.

Athleagan: ‘Bíodh sin mar atá, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 6% fós an-íseal.