SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 5

Caithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos ó pháipéar samplach de chuid Scrúdú Creidiúnaithe d’Eagarthóirí Fhoras na Gaeilge (féach www.gaeilge.ie/Tearmai_&_Aistruchain/Coras_Creidiunaithe_dEagarthoiri.asp). Caithfear gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú agus cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil tríd síos.

Modh oibre
• Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
• Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
• Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
• Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
• Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
• Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le 'Nótaí ar Chleachtadh Eagarthóireachta 5.’

San Iaróm: saol agus saothar

Is iomaí gairm agus ceird a shamhlaítear naomh ar leith léi. Cuireann tiománaithe tacsaithe a gcuid paidireacha i láthair San Chríostóra, éarlamh na dtaistealaithe. Gairm chomh úrnua leis an ríomhaireacht, fiú amháin, tá a éarlamh féin aici. Agus tá éarlamh dá gcuid féin ag aistritheoirí, is é sin San Iaróm.

In Štrigova a rugadh é, timpeall na bliana 347. Tá a bhaile dúchais anois ina chuid den Chróit, in aice le teorainn na Slóivéine. Agus é fós ina óigfhear d’imigh Iaróm leis chun na Róimhe, mar a rinne sé staidéar faoi stiúr dhuine de na scoláirí ba iomráití san ardchathair. Dhealródh sé go raibh Iaróm lán chomh drábhlásach le mac léinn ar bith eile ar feadh seal, ach gur tháinig aithreachas agus fonn siúil air i ndiaidh tamaill.
    Is ait mar a cheapann muidne inniu gur rud nua atá sa taisteal idirnáisiúnta. Chomh luath agus a bhí Iaróm réidh lena chuid staidéir sa Róimh, d’imigh sé féin agus scata carad ar aistear fada tríd an Áis chomh fada le hAintíoch sa tSiria. Aistear maslach anróiteach a bhí ann. Fuair beirt chompánach leis bás go luath i ndiaidh dóibh an chathair a shroichint. Ar éigean nár cailleadh Iaróm féin le tuirse is le tinneas. Ba le linn dó a bheith á théarnamh a gheall sé go dtabharfadh sé cúl feasta don léann saolta agus go luíodh sé isteach ar an mBíobla a léamh. Ní fhéadfadh sé áit níos fearr ná Aintíoch a roghnú. Ionad mór léinn a bhí ann agus bhí scoláirí de gach cine agus de gach creideamh ag cur fúthú ann. B’ann ar chas sé le hIúdaigh a mhúin an Eabhrais dó.

Ba le linn an ama seo a rinneadh Críostaí d’Iaróm. Chaith sé seal ina dhíthreabhaí, i bhfad ó chuideachta dhaoine agus ó shócúl an tsaoil. Ornaíodh ina shagart é sa bhliain 379. Bhí sé i ndán dó filleadh ar an Róimh sula i bhfad. Damasas I a bhí ina phápa san am agus d’fhostuigh sé Iaróm mar rúnaí agus leabharlannaí.
    Ach fear siúlach ab ea Iaróm, agus siúd chun siúil in athuair é, i dtrátha na bliana 386. Go Iarúsailéim a bhí a thriail, áit a bheadh suaimhneas agus deis oibre aige i measc manaigh an bhaile. Is liosta le n-áireamh na saothair a chuir Iaróm ar fáil idir sin agus deireadh a shaol.  An saothar ba thábhachtaí díbh ná a leagan Laidne den Bhíobla Naofa, ar a dtugtar ‘an Vulgáid’ air. Éacht oibre a bhí ann, a chuir comaoin mór ar ealaín an aistriúcháin. Go dtí sin ní dhéantaí aon aistriúchán díreach ón Eabhrais. In áit sin, bhí aistritheoirí ag brath ar leaganacha Gréigíse den tSean-Tiomna. Bhí Iaróm ábalta aistriúchán díreach a dhéanamh idir an Eabhrais agus an Laidin. Roghnaigh sé ‘canúint beo’ an 4ú céad A.D. agus dhiúltaigh don Laidin na bhfilí a bhí á úsáid go forleathan i dtús-ré na hEaglaise Críostaí. Bhí an Vulgáid á léamh i measc Críostaithe na hEorpa ó 400 A.D. go 1530 A.D.
    Agus muid ag iarraidh thionchar cultúrtha Iaróm a mheas, ní fearr rud a dhéanfaimis ná cuairt a thabhairt ar dhánlann ar bith ina bhfuil cnuasach d’ealaín chráifeach na hEorpa. Tá na mílte pictiúir d’Iaróm fós ar marthain. Ní gá dul i bhfad – is i nDánlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath, atá ‘San Iaróm san Fhasach’ leis an bpeintéir Spáinneach Luis de Morales.