SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 5

San Iaróm: saol agus saothar

Is iomaí gairm agus ceird a shamhlaítear (1) naomh ar leith léi. Cuireann tiománaithe tacsaithe (2) a gcuid paidireacha (3) i láthair San Chríostóra, (4) éarlamh na dtaistealaithe. Gairm chomh úrnua (5) leis an ríomhaireacht, fiú amháin, tá a éarlamh (6) féin aici. Agus tá éarlamh dá gcuid féin ag aistritheoirí, is é sin San Iaróm.
    In Štrigova a rugadh é, timpeall na bliana 347. Tá a bhaile dúchais anois ina chuid den Chróit, in aice le teorainn na Slóivéine. Agus é fós ina óigfhear (7) d’imigh Iaróm leis chun na Róimhe, mar a rinne (8) sé staidéar faoi stiúr (9) dhuine (10) de na scoláirí ba (11) iomráití san ardchathair. Dhealródh sé go raibh Iaróm lán chomh drábhlásach (12) le mac léinn ar bith eile ar feadh seal, (13) ach gur tháinig aithreachas agus fonn siúil air i ndiaidh tamaill.
    Is ait mar a cheapann muidne (14) inniu gur rud nua atá sa taisteal idirnáisiúnta. Chomh luath agus a bhí Iaróm réidh lena chuid staidéir sa Róimh, d’imigh sé féin agus scata carad (15) ar aistear fada tríd an Áis (16) chomh fada le hAintíoch sa tSiria. Aistear maslach anróiteach a bhí ann. Fuair beirt chompánach leis bás go luath i ndiaidh dóibh an chathair a shroichint. (17) Ar éigean nár cailleadh Iaróm féin le tuirse is le tinneas. Ba le linn dó a bheith á théarnamh (18) a gheall sé go dtabharfadh sé cúl feasta don léann saolta agus go luíodh (19) sé isteach ar an mBíobla a léamh. Ní fhéadfadh sé áit níos fearr ná Aintíoch a roghnú. Ionad mór léinn a bhí ann agus bhí scoláirí de gach cine agus de gach creideamh ag cur fúthú (20) ann. B’ann ar (21) chas sé le hIúdaigh (22) a mhúin an Eabhrais dó.
    Ba le linn an ama seo a rinneadh Críostaí d’Iaróm. Chaith sé seal ina dhíthreabhaí, (23) i bhfad ó chuideachta dhaoine (24) agus ó shócúl an tsaoil. Ornaíodh (25) ina shagart é sa bhliain 379. Bhí sé i ndán dó filleadh ar an Róimh sula i bhfad. Damasas I a bhí ina phápa san am agus d’fhostuigh (26) sé Iaróm mar rúnaí agus leabharlannaí.
    Ach fear siúlach ab ea (27) Iaróm, agus siúd chun siúil in (28) athuair é, i dtrátha na bliana 386. Go Iarúsailéim (29) a bhí a thriail, (30) áit a bheadh (31) suaimhneas agus deis oibre aige i measc manaigh (32) an bhaile. Is liosta le n-áireamh (33) na saothair a chuir Iaróm ar fáil idir sin agus deireadh a shaol. (34)  An saothar ba thábhachtaí díbh (35) ná a leagan Laidne (36) den Bhíobla Naofa, ar a dtugtar ‘an Vulgáid’ air. (37) Éacht oibre a bhí ann, a chuir comaoin mór (38) ar ealaín an aistriúcháin. Go dtí sin ní dhéantaí aon aistriúchán díreach ón Eabhrais. In (39) áit sin, bhí aistritheoirí ag brath ar leaganacha Gréigíse (40) den tSean-Tiomna. (41) Bhí Iaróm ábalta aistriúchán díreach a dhéanamh idir an Eabhrais agus an Laidin. Roghnaigh sé ‘canúint beo’ (42) an 4ú céad A.D. agus dhiúltaigh don (43) Laidin na bhfilí a bhí á úsáid (44) go forleathan i dtús-ré (45) na hEaglaise Críostaí. Bhí an Vulgáid á léamh i measc Críostaithe (46) na hEorpa ó 400 A.D. go 1530 A.D.
    Agus muid ag iarraidh thionchar (47) cultúrtha Iaróm a mheas, ní fearr rud a dhéanfaimis ná cuairt a thabhairt ar dhánlann ar bith ina bhfuil cnuasach d’ealaín chráifeach na hEorpa. Tá na mílte pictiúir (48) d’Iaróm fós ar marthain. Ní gá dul i bhfad – is i nDánlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath, atá ‘San Iaróm san Fhasach’ (49) leis an bpeintéir (50) Spáinneach Luis de Morales.

1 …a samhlaítear…Coibhneas indíreach atá ann toisc an réamhfhocal ‘léi’ bheith ag tagairt siar go ‘ceird’ & ‘gairm’. 

2 …tiománaithe tacsaí… Is iomaí péire focal den chineál sin sa Ghaeilge, m.sh. ‘múinteoir scoile’ ‘fear tí’ nó ‘bean tí’ srl. Is gnách an dara mír, atá ag feidhmiú mar aidiacht dáiríre, a choimeád san uimhir uatha, m.sh. ‘múinteoirí scoile’, ‘mná tí’ srl.

3 …paidreacha...

4  ... i láthair San Críostóir… Ní chuirtear ainm sa ghinideach i ndiaidh ‘naomh’ nó ‘san’. Féach, mar shampla, ‘litreacha Naomh Pádraig’, ‘Sráid San Aindrias’ agus araile. Tá cuntas air seo in GGBC: 9.34.

5 ...chomh húrnua… Cuireann ‘chomh’ h le focail a thosaíonn le guta, m.sh. ‘chomh héasca is chomh haigeanta le gabhar sléibhe’.

6 …a héarlamh… Is ainmfhocal baininscneach ‘ríomhaireacht’.

7 ...ógfhear...Ní i gcónaí a chuirtear na seanrialacha faoi ‘caol le caol, leathan le leathan’ i bhfeidhm ar chomhfhocail. Go deimhin, is minic a chuireann na rialacha sin an focal ó aithne, m.sh. ‘bainchléireach’ (‘banchléireach’ inniu).

8 ... mar a ndearna sé staidéar… Tá an dá ‘mar’ ann (1) Fan mar atá tú (= fan sa chaoi ina bhfuil tú) agus (2) Fan mar a bhfuil tú (= fan san áit ina bhfuil tú). Coibhneas indíreach a leanann an dara ceann.

9 …faoi stiúir...

10 …faoi stiúir duine… Is fíor gur ainmfhocal baininscneach atá in ‘stiúir’ agus go mbeifeá ag súil le séimhiú ina dhiaidh. Ait go leor, is annamh a chuireann a leithéid séimhiú ar rud ar bith a bhaineann le daoine. Tá comhairle mhaith in Christian Bothers' New Irish Grammar: ‘It should be noted that the indefinite noun in the genitive is hardly ever aspirated when it denotes persons: aois páiste…airde fir…bainteach fir…clann feirmeora…máthair clainne.’

11 …ab iomráití… Tá úsáid ‘ba’ agus ‘ab’ san aimsir chaite an-trína chéile sa teanga labhartha. Seo mar a bhí go dtí seo:  ‘ab’ a úsáid i gclásal coibhneasta roimh fhocail a thosaíonn le guta nó fh + guta, m.sh. ‘An té ab athair dom’ (He who was a father to me), ‘An rud ab fhearr liom féin’ (That which I liked most). Ba ghnách ‘ba’ a scríobh i ngach cás eile, fiú roimh ghutaí, m.sh. ‘Múinteoir ba ea é’. De réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (COA), is féidir 'ab' nó 'ba' a úsáid roimh 'ea' i lár abairte. De réir na húsáide sin, bheadh 'Den lucht siúil ab ea iad' chomh maith céanna le 'Den lucht siúil ba ea iad.' Féach alt 7.2.1 den COA.

12 ...drabhlásach...

13 ...ar feadh seala...

14 Bheadh 'mar a cheapann muidne' inghlactha de réir an COA, a cheadaíonn foirmeacha táite nó scartha den bhriathar sa chéad phearsa iolra. 'Mar a cheapaimidne' a bheadh ann de réir CO 1958.

15 ...scata cairde… Is fíor go gceadaítear an ginideach iolra ‘carad’ in certain phrases de réir FGB, ach is leaganacha ‘reoite’ seanbhunaithe iad sin ar nós ‘Cogadh na gCarad’ agus a leithéid. Níor chóir riail a dhéanamh den eisceacht, áfach.

16 ...an Áise... Sin an leagan caighdeánach.

17 ...a shroicheadh... Sin an t-ainm briathartha caighdeánach.

18 ...ag téarnamh... Faí ghníomhach a theastaíonn. Bheadh ‘Bhí sé á théarnamh’ rud beag cosúil le He was being recovered i mBéarla. 

19 ......go luífeadh sé...Foirm na haimsire gnáthchaite atá sa téacs thuas.

20 ...fúthu... Ní scríobhtar síneadh fada ar 'u' deiridh na bhforainmneacha réamhfhoclacha, in ainneoin fuaim fhada a bheith air.

21 B’ann a chas sé... Is coibhneas díreach a bheadh ann. Féach, mar shampla: ‘Chuamar a chónaí i gCorcaigh, mar is ann atá príomhoifig na heagraíochta’. Ní déarfá choíche ‘is ann a bhfuil príomhoifig na heagraíochta’.

22 ...…le Giúdaigh…Leagan malartach is ea ‘Iúdach’.

23 ... ina dhíthreabhach… Leagan malartach is ea ‘díthreabhaí’.

24 …ó chuideachta daoine… Féach nóta 10 thuas.

25 Oirníodh

26 ...d'fhostaigh...

27 Tá ab eaba ea inghlactha de réir an COA. Féach nóta 11 thuas.

28 …an athuair… Sin nó is féidir an t-alt a fhágáil ar lár ar fad: 'siúd chun siúil athuair é.' Féach ‘athuair’ in FGB.

29 Go hIarúsailéim...

30 …a thriall... Is ionann ‘triail’ agus trial.

31 …áit a mbeadh… Coibhneas indíreach a leanann ‘áit’ nuair a úsáidtear go dobhriathartha é, m.sh. 'An áit a bhfuil sé ina chónaí’ (The place in which he lives).

32 …i measc mhanaigh an bhaile… 

33 …liosta le háireamh…I nGaeilge Chonnacht, cuirtear ‘n’ idir ‘le’ agus ainmfhocail a thosaíonn le guta, m.sh. ‘greim le n-ithe’, ‘gloine le n-ól’ srl. Ní mar sin atá sa CO, áfach. ‘h’ a bhíonn ann i gcónaí.

34 ...deireadh a shaoil.

35 …díobh… Caithfidh dealú idir ‘díbh’ (an dara pearsa iolra) agus ‘díobh’ (an tríú pearsa iolra).

36 …leagan Laidine…Teastaíonn an ‘i’ sin sa litriú caighdeánach. Is fíor go ritheann an ‘d’ agus an ‘n’ isteach ina chéile sa chaint, go ndéantar ‘n’ dúbailte díobh (‘leagan Lainne’). Ach ní hionann an chaint agus an teanga scríofa.  

37 ...a dtugtar an Vulgáid air ar a dtugtar an Vulgáid...Ná bíodh an réamhfhocal 'ar' ann faoi dhó.

38 …comaoin mhór…Is ainmfhocal baininscneach é ‘comaoin’.

39 Ina áit sin... Más mír thaispeántach atá i gceist, úsáidtear an aidiacht shealbhach tríú pearsa firinscneach i gcónaí: ‘dá dheasca sin’, ‘ina dhiaidh sin’, ‘lena linn seo’ srl.

40 ...Gréigise...

41 Bheadh den tSean-Tiomna ceadaithe de réir an COA, bíodh is nár ghnách réamhlitir 't' a chur le hainmfhocail fhirinscneacha dar tús 's'. Bheadh den Sean-Tiomna inghlactha chomh maith.

42 ...canúint bheo...

43 ...do Laidin na bhfilí...Tá ‘Laidin na bhfilí’ cinnte cheana féin agus ní dhéantar an t-alt a chur leis, ach oiread agus a chuirfeá an t-alt le ‘fear an tí’.

44 ...a húsáid... Ó tharla 'Laidin' a bheith ina ainmfhocal baininscneach.

45 ...i dtúsré... nó ...i dtús Ré na hEaglaise Críostaí...

46 ...i measc Chríostaithe na hEorpa...

47 ...ag iarraidh tionchar cultúrtha Iaróm a mheas... Ní shéimhítear ‘tionchar’ mar ní sa tuiseal ginideach atá sé. Tá ‘tionchar’ ina chuspóir i gclásal infinideach, rud a chuireann an ginideach ar cea;. Féach freisin: ‘Chuaigh sé chun na Fraince chun an Fhraincis a fhoghlaim’.

48 ...na mílte pictiúr...

49 ...san Fhásach...

50 ...leis an bpéintéir...