SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Léirmheas ar an Chaighdeán Oifigiúil, 2012

Gramadach na Gaeilge
An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe

Seirbhísí Thithe an Oireachtais, 2012

Sa réamhrá leis an athleagan seo den Chaighdeán Oifigiúil (CO) maíonn Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, go bhfuil ‘Rannóg an Aistriúcháin bródúil as an méid atá bainte amach aici ó bunaíodh an Stát chun an teanga oifigiúil agus dhlíthiúil a fhorbairt.’ Tá ábhar acu a bheith bródúil; tá tionchar a gcuid oibre le brath ar réimsí teanga i bhfad níos fairsinge ná an reachtaíocht. Is ar éigean a bheifí in ann cur síos i nGaeilge ar chúrsaí polaitíochta, tráchtála agus sóisialta murach saothar fhoireann na Rannóige i ngort na téarmaíochta agus i ngort na gramadaí.

An chomaoin ba mhó a chuir siad ar scríbhneoirí Nua-Ghaeilge ná Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: an Caighdeán Oifigiúil, a foilsíodh in aon leabhar amháin sa bhliain 1958. Sin í an bhunchloch ar ar tógadh Foclóir Gaeilge–Béarla (FGB), Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (GGBC) agus na foinsí tagartha eile a chuireann ar ár gcumas dúinn an Ghaeilge a scríobh le cruinneas agus le comhleanúnachas. Ceart go leor, tá athruithe ar an CO molta ag tráchtairí áirithe ach is leasú seachas athscríobh a bhí i gceist acu sin. Is fíor fosta go bhfuil dúshláin nua tagtha chun cinn sa teanga scríofa nach bhfuil trácht orthu in CO 1958. Bíodh sin mar atá, bhí CO 1958 chomh héifeachtach sin agus go mba leor, dar liomsa, dornán alt nua a chur leis agus alt nó dhó a leasú. Ina ionad sin tá saothar úrnua ann a bhfuil roinnt mhaith laigí air ó thaobh cur i láthair agus ó thaobh an ábhair de. 

Táthar ag iarraidh ar lucht na Gaeilge a dtuairimí i dtaobh an CO nua a chur in iúl, chun go gcuirfear san áireamh iad tráth a dhéanfar é a athbhreithniú i gceann trí bliana. Molaim do gach duine a bheith páirteach sa phlé sin, le meon na comrádaíochta. Is é atá sa léirmheas seo ná tuairimí aistritheora a bhíonn ag oiliúint aistritheoirí eile. Is iad na lochtanna a fheictear domsa a bheith ar an CO nua:

• Rialacha a chuireann le castacht na Gaeilge scríofa.
• Rialacha gan bhunús a chuirfeadh cosc ar struchtúir atá ceart, dúchasach.
• Easpa comhthéacs úsáide i gcás go bhfuil roinnt struchtúr ceadaithe.
• Teannas idir an ghné shaintreorach (prescriptive) agus an ghné thuairisciúil (descriptive).

Rialacha a chuireann le castacht na Gaeilge scríofa

Ceann de na critéir a leagadh síos nuair a bhí CO 1958 á dhréachtú ná ‘an rialtacht agus an tsimplíocht’ a lorg. Tá sciar maith de CO 2012 ag dul i dtreo na castachta.

Níl aon ghné den Nua-Ghaeilge is mó a chuireann lagmhisneach ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí cumasacha ná an séimhiú idir ainmfhocail. Mhaíodh an tOllamh David Greene gur cheart rialacha an tséimhithe ‘a cheilt ar an aos óg’ ar fhaitíos go gcuirfí scanradh orthu, ach caithfidh mo leithéidse iad a theagasc ar dhóigh éigin. Féadaim a rá go nglacfainn le réiteach saorga féin faoin am seo ach is réiteach saorga gan a bheith éifeachtach atá sa CO nua. Tuigim gur iarracht a bhí ann tuiscintí úra a chur i bhfeidhm ar fhadhb an tséimhithe. Déantar ionannú, cuir i gcás, idir tionchar an ainmfhocail bhaininscnigh san uimhir uatha (cloch bhua) agus tionchar an ainmfhocail iolra a bhfuil deireadh caol air (leabhair phróis) agus moltar sraith amháin rialacha a chuimsíonn an dá rud. Cuirtear dhá chineál ginidigh inár láthair: an ginideach aidiachtach agus an ginideach comhbhainte agus pléitear an séimhiú i gcomhthéacs na gcoincheap sin. Dar liom féin go dteipeann ar an iarracht agus go bhfuil na rialacha dofhoghlama, dotheagaisc. An locht is mó ná gur deacair dealú idir an dá ghinideach seo. Tugtar saoire bhreoiteachta agus uimhir theileafóin mar shamplaí den ghinideach aidiachtach. Is furasta an méid sin a thuiscint – is amhlaidh atá an dara hainmfhocal ag feidhmiú mar aidiacht. Cén cineál saoire í? Saoire bhreoiteachta. Molann an CO nua an cineál sin a shéimhiú. Ní shéimhítear an ginideach comhbhainte, áfach, m.sh. scéim teanga, baill coiste. Anois, is maith an té a dhealódh idir na samplaí sin agus na samplaí den ghinideach aidiachtach. Tá teanga agus coiste á n-úsáid mar aidiachtaí, nach bhfuil? Cén cineál scéime í seo? Scéim fostaíochta? Ní hea, ach scéim a bhaineann le teanga. Is úsáid aidiachtach é sin, de mo dhóighse. Ná níl mórán cabhrach sa sainmhíniú ar an ghinideach chomhbhainte:

Léiríonn an dara hainmfhocal cad leis a mbaineann an chéad ainmfhocal, nó cén earnáil lena mbaineann sé, nó cad chuige é, etc. Feidhmíonn an dara hainmfhocal mar chomhlánú ar an gcéad ainmfhocal trí chomhbhaint a léiriú… (:200)

Anois, déanaimis iarracht an riail sin a chur i bhfeidhm. Cuir baill agus beatha le chéile. An baill bheatha a bhí agat (mar a bhí sa Ghaeilge riamh anall) nó baill beatha, ar an ábhar go léiríonn beatha cad leis a mbaineann na baill seo nó cad chuige iad? An ginideach aidiachtach nó ginideach comhbhainte atá ann nó an cuidiú dúinn na coincheapa seo ar chor ar bith?

Is amhlaidh a chuirfeadh cuid de na rialacha a mholtar sa CO nua le deacracht an tséimhithe. Teagascadh domsa, mar shampla, go séimhítear ainmfhocal i ndiaidh focail bhaininscnigh a chuireann méid nó miosúr cinnte in iúl (cloch phrátaí). Shílfeá gur deacair go leor do dhaoine dealú idir sin agus méid éiginnte (barraíocht prátaí) ach tá tuilleadh beachtú déanta ar an riail sa CO nua: 

...ní shéimhítear ginideach cainníochta más aonad cainníochta fisiciúla de dhéantús an duine atá i gceist: gloine beorach (= gloine de bheoir), mias cáise…(:201)

Cad is fiú a leithéid de riail a leagan síos – riail nach raibh iomrá riamh uirthi agus atá ag teacht salach ar fhoinsí údarásacha, m.sh. spúnóg shiúcra in GGBC? Shílfeá gur déantús de chuid an chine dhaonna an spúnóg chéanna, nó arbh fhéidir a mhaíomh nach í an spúnóg féin atá i gceist ach an méid siúcra agus a líonfadh spúnóg? Nach doiligh dúinn a leithéid de thaighde a dhéanamh gach uair is mian linn trácht ar mhéid agus ar mhiosúr? Mise ag rá leat go dteastódh grinneas agus géarchúis an fhealsaimh chun na rialacha seo a thabhairt slán. A leithéid seo: 

má tá brí nithiúil agus brí theibí leis an ainmfhocal céanna, pléitear leis an ainmfhocal de réir na brí atá i gceist — fadhb chloiche … ach fadhb taighde. (:203)

Ná bí buartha mura n-éireoidh leat an riail sin a chur i bhfeidhm. Theip ar aistritheoirí na Bruiséile fosta, mar d’aistrigh siadsan environmental problem le fadhb chomhshaoil. Agus theip ar an gCoiste Téarmaíochta fosta nuair a cheap siadsan fadhb dhaonchaidrimh mar leagan ar human relations problem. Is cosúil go dteipfeadh ar chuid de na daoine is oilte agus is cumasaí sa Nua-Ghaeilge na rialacha seo a chur i bhfeidhm – ollúna ollscoile, iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, eagarthóirí agus aistritheoirí gairmiúla. Tá rogha againn, mar sin: an locht a chur ar na daoine nó an locht a chur ar na rialacha. Is ar an ábhar sin a deirim go gcaithfear diúltú go láidir don chuid seo don CO nua. Ní dhéanfaidh sé ach beaguchtach agus mearbhall a chur ar phobal teanga leochaileach.

Is fíor go bhfuil corrleasú i dtreo na simplíochta ann. Is ceadmhach feasta Polaiteoir ab ea é a scríobh – moladh a bhfuil an-chiall leis. Go dtí seo, bhíothas ag moladh do dhaoine polaiteoir ba ea é a scríobh gan ab a úsáid ach amháin sa chlásal choibhneasta, m.sh. Ba é an polaiteoir ab fhearr riamh é. Riail a bhí ann a bhí thar acmhainn cuid de na mic léinn ba chumasaí a bhí agamsa riamh, agus ní go rómhaith a bhí sí ag teacht le caint na Gaeltachta. Go rómhinic ar fad, áfach, roghnaítear an gnás is deacra ar fad de na gnásanna éagsúla atá tagtha chun cinn sa Nua-Ghaeilge scríofa. A leithéid seo:

I gcás gur i bhfigiúirí a scríobhtar na huimhreacha, moltar an t-athrú tosaigh is cuí don fhigiúr deiridh a chur i bhfeidhm ar fhoirm chuí an ainmfhocail de réir chóras na mbunuimhreacha:-

…15 ghluaisteán…99 gcloigne…982 chloch…999 gcipín… 6,551 bhord (:164–65)

Ní hamháin sin, ach is riachtanach sa CO nua claochlú tosaigh a chur i bhfeidhm ar an aidiacht fosta, fiú má scríobhtar an uimhir ina figiúirí. Is é a bheadh ann ná 999 gcipín bheaga agus 6,551 bhord bhána

I gcead don CO, is 999 cipín beag agus 6,551 bord bán a scríobhfaidh  agus a mholfaidh mise. Is baolach gur mar seo a bheidh cúrsaí Gaeilge feasta – scríbhneoirí  ag tabhairt isteach don CO i gcásanna áirithe agus ag glacadh chomhairle an Ghúim et al i gcásanna eile. Is ionann sin agus a rá go mbeifear anonn is anall idir dhá chaighdeán.

Rialacha gan bhunús a chuirfeadh cosc ar struchtúir atá ceart, dúchasach

Déarfadh duine, b’fhéidir: ‘Is le Rannóg an Aistriúcháin an CO – níl aon dualgas orthu aitheantas a thabhairt do nósanna atá in úsáid lasmuigh dá n-oifig féin.’ Tá go breá, ach cuimhnigh nach foilseachán beag inmheánach é seo ach doiciméad a mbeidh tionchar aige ar an Ghaeilge scríofa i ngach áit. Is cinnte nár cheart a thabhairt le fios go bhfuil nósanna atá in úsáid go fada fairsing mícheart. A leithéid seo:

Ní shéimhítear ainmfhocal i ndiaidh ainmfhocal firinscneach uatha a chríochnaíonn ar chonsan caol sa ghinideach, e.g., bord údaráis creidiúnúcháin, feidhmiú an achtacháin cánachais sin, síniú an choinbhinsiúin cóipchirt. [:199]

Mo thrua an foghlaimeoir bocht a léifeadh sin i ndiaidh dó GGBC a léamh, áit a bhfuil an chomhairle seo:

Séimhítear tuiseal ginideach ainmfhocail éiginnte nó ainm briathartha atá faoi réir ag ainmfhocal eile … nuair a chaolaítear san uatha consan deiridh an chéad ainmfhocail trí infhilleadh: toirtín aráin choirce; sárú gealltanais phósta.

Tá a fhios againn go léir an séimhiú sin a bheith forleathan. Mar sin de, ní leor ‘Ní shéimhítear…’ mar chur síos air i leabhar an CO. Ní shéimhítear in oifigí Thithe an Oireachtais, ach tá Éire níos fairsinge ná sin.

Sampla eile: múineadh domsa gan an t-ainmfhocal a infhilleadh i ndiaidh an ainm bhriathartha nuair atá an t-ainmfhocal sin ina chuid d’fhrása réamhfhoclach seanbhunaithe, m.sh. ag fágáil slán le daoine, ag baint úsáid as seanuirlis, ag tabhairt aghaidh ar na scrúduithe. Tá iarracht déanta sa CO nua an nós sin a bheachtú, agus dar liomsa go ndeachthas in abar ann:

Más rud é go bhfuil réamhfhocal ag teastáil chun brí thabharthach áirithe a thabhairt do chlásal ainm bhriathartha nach mbeadh leis gan an réamhfhocal, nó más rud é nach mbeadh an clásal iomlán gan an réamhfhocal, is iondúil nach ndéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal. (:66)

De réir na tuisceana sin bheadh Ag tabhairt cúnaimh do m’athair mícheart. Chaithfeá Ag tabhairt cúnamh do m’athair a scríobh chun an riail atá mínithe thuas a chomhlíonadh. Anois, ní fheictear domsa ag tabhairt cúnaimh do a bheith mícheart ar chor ar bith agus b’fhurasta na céadta sampla a bhailiú as téacsanna dea-Ghaeilge chun tacú leis sin. Is mó a bheinn in amhras faoi chuid de na samplaí a thugtar sa leabhar seo chun an riail nua a mhíniú: ag déanamh eagarthóireacht ar leabhar, cuir i gcás. Agus éiríonn an scéal níos casta fós:

Ach, más rud é gur dlúthchuid den chlásal ainm briathartha an t-ainmfhocal, déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal:—

I measc na samplaí a thugtar chun an méid sin a shoiléiriú tá ag déanamh eagarthóireachta ar airgead. Fág saoithiúlacht na samplaí as an áireamh tamall (cé a dhéanann eagarthóireacht ar airgead?)  – léifidh múinteoirí Gaeilge an t-alt sin, agus titfidh a gcroí. Is le mórchuid dua a dhéanfaidh siad riail thacair mar sin a mhúineadh. Ní chuirtear an riail i bhfeidhm sa Rannóg féin, mar is léir ó spléachadh gairid ar www.achtanna.ie, agus samplaí mar ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí. Níl a fhios agam cén fáth ar cinneadh a leithéid seo de riail a chur sa CO nua. B’fhéidir gur pléadh samplaí ar nós ag fágáil slán le duine agus gur féachadh le riail uilíoch a dhéanamh de. Ar a laghad ar bith, ba cheart an treoir a thugtar sa CO nua a cháiliú: is ceadmhach gan athrú an ghinidigh a dhéanamh ar an ainmfhocal...

Bheadh foirmle focal den chineál céanna úsáideach i gcásanna eile. A leithéid seo:

Nuair a thagann ainmfhocal éiginnte idir réamhfhocal comhshuite agus frása aidiachtach
nó clásal coibhneasta, is iondúil nach ndéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal
[NB: Is athrú ar an gCaighdeán Oifigiúil é seo.]:–
le haghaidh aon leasú ar an mBille
d’ainneoin aon cheist eile den sórt sin
i gcás Acht ar bith
in éagmais aon airleacan a bheadh ceadaithe
de bharr scéim ar tháinig deireadh léi.
(:67)

B’fhearr go mór liom, má táthar chun an ‘riail’ sin a chur inár láthair ar chor ar bith, go n-úsáidfí is ceadmhach (is féidir) gan athrú an ghinidigh a dhéanamh ar an ainmfhocal. Mar níl aon ní mícheart le leaganacha ar nós i leith scéime a riarann an tAire i gcás Achta lena mbaineann mír (a). Is i dtéacsanna Rannóg an Aistriúcháin a d’aimsigh mé an dá shampla sin. Cá bhfuil an locht orthu? Cad chuige a gcuirfimis fuinneamh amú ag ceartú leaganacha nach raibh mícheart an chéad lá riamh?

Sna hiontrálacha atá in FGB le haghaidh na n-orduimhreacha dara, tríú srl. ceadaítear infhilleadh nó neamh-infhilleadh sa tuiseal ginideach m.sh. Bás an dara beanbás na dara mná. Imítear uaidh sin sa CO nua: ‘i gcás na n-orduimhreacha eile go léir, ní dhéantar díochlaonadh riamh ar an ainmfhocal, e.g., mac an dara bean, mac an dara fear.’ (:196) Is ceartú eile é sin ar rud nach bhfuil mícheart. Níl samplaí de gann i gcorpas na Rannóige féin, go háirithe i seantéacsanna: i ndiaidh na ceathrú bliana, i seilbh na deichiú coda. Tá an chuma air gurb é gnás na Rannóige faoi láthair cloí leis an ainmneach, ach ní cúrsaí ‘ceart nó mícheart’ atá ann. Chabhródh foirmle éigin ar nós Is é gnás na Rannóige… ina leithéid seo de chás.

Is deacair dom a shamhlú go nglacfaidh pobal na Gaeilge le cuid den treoir atá sa CO nua. Ar leathanach 60, mar shampla, moltar AE, NA srl. a scríobh mar ghiorrúcháin ar theidil eagraíochtaí mar An tAontas Eorpach agus Na Náisiúin Aontaithe, is é sin, an t-alt a fhágáil ar lár. Gan amhras, chuirfeadh sin ar ár gcumas dúinn deacrachtaí uimhreach a shárú (An NANa NA?) ach sin a bhfuil le maíomh air. Is ait liom leaganacha mar idir AE agus SAM agus, an ceann is measa ar fad, in AE (= san Aontas Eorpach). Cuirfidh iriseoirí agus scríbhneoirí an t-alt leis na giorrúcháin sin (san AE) agus an ceart uile acu.

Easpa comhthéacs úsáide i gcás go bhfuil roinnt struchtúr ceadaithe

Ceann de na heasnaimh a bhí ar leabhar 1958 ná nach raibh míniú sách soiléir ann ar fheidhm an CO, go háirithe na réimsí ina mbítear ag súil le scríbhneoirí téacs caighdeánach a chur ar fáil. Is ea, tá a fhios agam go bhfuil gnóthaí oifigiúla luaite sa réamhrá, ach níor leor é sin chun an mhíthuiscint a ruaigeadh. Ní hé an CO a thuill dímheas lucht na Gaeilge ach an róchaighdeánú, is é sin rialacha an CO a chur i bhfeidhm go docht is go dallintinneach ar théacsanna liteartha, ar ailt nuachta agus céad cineál eile téacs atá lasmuigh de réimse na húsáide oifigiúla. Níor tuigeadh i gceart an tsolúbthacht agus an tsaoirse atá sa CO agus i gcóras na leaganacha malartacha in FGB. Is maith liom go bhfuil nótaí sa CO nua a dhíríonn aird an léitheora ar na ceisteanna sin. A leithéid seo, ag tagairt d’fhoirmeacha iolra mar cláracha, postanna srl. a bheith sa chaint fad is atá an ‘t-iolra caol’ (cláir, poist) i réim sa CO: 

Is ceadmhach tréaniolraí den sórt sin a úsáid i gcáipéisí neamhoifigiúla ach, de bhrí go bhfuil an-éagsúlacht idir na leaganacha a bhíonn in úsáid sna canúintí éagsúla, moltar cloí leis na lagiolraí caighdeánacha i gcáipéisí oifigiúla. (:30)

Fíormhaith! An chéad uair eile a ‘cheartaíonn’ duine postanna ort in alt beag atá scríofa agat, bíodh an sliocht sin ar bharr do theanga agat agus cuir i gcuimhne dó go bhfuil a leithéid de rud ann agus comhthéacs. Tá an úsáid ag brath ar an seánra téacs.

Úsáidtear an fhoirmle chéanna chun cuid den doiléire a bhain leis an CO riamh a scaipeadh. De réir an tseanleagain, cuir i gcás, níor shárú ar bith ar an CO leaganacha tabharthacha mar ag an bhfuinneoiggreanta i gcloich a scríobh. Anseo, mínítear go bhfuil an nós sin ann ach gurbh fhearr ag an bhfuinneog a scríobh ‘i gcáipéisí oifigiúla’. Is frása úsáideach é agus is mór an trua nár cuireadh a leithéid le míreanna eile sa leabhar, mar a fheicfimid ar ball. An t-aon rud a chuirfinn leis, mar nod, ná sainmhíniú ar cad is ‘cáipéis oifigiúil’ ann. Tá an reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach ann, gan dabht, ach bítear ag súil le scríbhneoirí cloí leis an CO i dtéacsanna leathoifigiúla chomh maith, is é sin téacs faisnéise ar bith atá díríthe ar phobal léitheoireachta náisiúnta arna fhoilsiú ag comhlacht poiblí, m.sh. tuarascáil bhliantúil, doiciméid beartais nó comhairliúcháin, bileoga eolais, foirmeacha, suíomh Gréasáin agus araile.

Saintreoir faoi ghnéithe den Ghaeilge scríofa a theastaíonn ó úsáideoirí an CO, bíodh an saintreorachas san fhaisean i measc lucht teangeolaíochta nó ná bíodh. Ag léamh an CO nua dom, chonacthas dom go bhfuil drogall ar na húdair saintreoir a thabhairt. Cuir i gcás, an té a bheadh ag iarraidh a fháil amach an ceadmhach dó feasta leaganacha coibhneasta ar nós An té a dhéanfas an obair a scríobh i gcáipéis oifigiúil, ní cuidiú dó treoir dhoiléir den chineál seo:

De ghnáth, is féidir rogha a dhéanamh idir an fhoirm leithleach choibhneasta neamhspleách agus gnáthfhoirm ghnáthláithreach nó fháistineach den bhriathar. (:81)

Cad é a thuigeann tú as sin? Ní hionann is féidir agus is caighdeánach. Agus cén chiall atá le de ghnáth? An é go mbraitheann an úsáid ar an seánra téacs, ar aon dul le poist vs postanna? Cá bhfaighfeá an t-eolas a dheimhneodh sin? Bhuel, tá nod úsáideach curtha le cuid de na hiontrálacha, a dheimhníonn a stádas sa CO nua: 'Is athrú ar an gCaighdeán Oifigiúil é seo.' Níl an imprimatur sin curtha leis an iontráil i dtaobh na bhfoirmeacha coibhneasta, áfach – rud a mhéadódh ar amhras an úsáideora faoi cé chomh hinghlactha is atá leaganacha mar a bheas, a chuireas i gcomhthéacs oifigiúil. Agus féach freisin go soláthraítear an fhoirm choibhneasta den bhriathar taobh amuigh de na táblaí a léiríonn réimniú an bhriathair. An amhlaidh atá sé taobh amuigh den CO, mar sin? Mar bharr ar an donas, tá an réamhrá a cuireadh leis an chéad eagrán de CO 1958 curtha ar fáil arís i dtosach an fhoilseacháin seo. Is ann a léimid: ‘cé nach bhfuiltear á ligean isteach mar chaighdeán, ceadaíodh an fhoirm choibhneasta toisc bá mhór a bheith leis fós in dhá chanúint’. (:12) Bhí an méid sin doiléir riamh agus níl sé a dhath níos fearr inniu. Má socraíodh an fhoirm choibhneasta den bhriathar a dhéanamh lánchaighdeánach ba cheart sin a rá glan amach agus gan mearbhall a chur ar léitheoirí mar atá déanta anseo. Nó má tá an fhoirm choibhneasta fós taobh amuigh den CO ba cheart dul i muinín na foirmle focal a úsáideadh chun poist vs postanna a mhíniú: 'Is ceadmhach foirmeacha den chineál sin a úsáid i gcáipéisí neamhoifigiúla ach moltar cloí le gnáthfhoirmeacha na haimsire gnáthláithrí agus na haimsire fáistiní den bhriathar i gcáipéisí oifigiúla.'

Mholfainn go láidir an réamhrá leis an chéad eagrán a fhágáil ar lár, ó tharla é a bheith ag teacht salach ar chuid de na leasuithe ar an CO atá luaite i gcorp an téacs. Ar leathanach 110 léimid gur 'ceadmhach' chí a scríobh ach tá an méid seo sa réamhrá:

I gcás feicim bhí rogha le déanamh idir (a) cím, etc. san fhoirm neamhspleách agus ní chím, etc., san fhoirm spleách, (b) chímtím, etc., san fhoirm neamhspleách agus ní fheicim, etc., san fhoirm spleách, agus (c) feicim, ní fheicim, etc., sna foirmeacha sin. Ba é socrú ba shimplí agus ba rialta feicim a thoghadh mar chaighdeán. (:13)

Is é a thuigim as sin go bhfuil chím ceadaithe ach gurb é feicim an caighdeán. Ach bhí chím i gcónaí ‘ceadaithe’ mar leagan malartach in FGB. Cén fáth, mar sin, ar measadh gur ghá é a lua sa leabhar seo mura rabhthas ag tabhairt ‘ardú stádais’ dó? Níl léitheoirí an CO ag súil le suirbhé ar chanúintí na Nua-Ghaeilge. Is amhlaidh atá siad ag lorg eolais faoi na struchtúir atá ceadaithe sa teanga oifigiúil.

Glactar leis go bhfuil breaceolas ar an sean-CO ag an té a léifidh an leagan athbhreithnithe seo agus níl mé lánchinnte gur críonna an chomhairle é sin. Tá trácht ann, cuir i gcás, ar ‘chóras seanbhunaithe’ an CO i dtaca le hainmfhocail uatha sa tuiseal tabharthach, i.e.

ar an mbóthar (nó ar an bhóthar)
leis an dochtúir
• séimhiú a úsáid i ndiaidh den, don agus sa
• gan an réamhlitir ‘t’ a chur le hainmfhocal firinscneach (sa Seanad).

Ceann de na hathruithe is substaintiúla sa CO nua ná go bhfuiltear ag ceadú do scríbhneoirí a bheith ag urú leo agus leis an ndochtúirsa mbaile a scríobh. Agus tá cead ag an Ultach sa tSeanad a scríobh má tá a fhonn sin air. An t-aon choinníoll atá ann ná an claochlú tosaigh a bheith leanúnach ó thús deireadh an téacs. Mar seo a mhínítear an méid sin:

Moltar cloí le patrún dúchasach canúna faoi leith nó le córas seanbhunaithe an Chaighdeáin Oifigiúil.’ (:17)

Is é mo thaithí féin mar eagarthóir agus mar theagascóir Gaeilge nach léir d’fhormhór lucht na Gaeilge, cainteoirí dúchais san áireamh, cad is ‘patrún canúna’ ann ach iad ag séimhiú anseo agus ag urú ansiúd de réir mar a bhuaileann an nóisean iad. Lena gceart a thabhairt d’údair an CO nua, tá léiriú an-chuimsitheach ar na córais éagsúla tugtha i sraith táblaí ar leathanaigh 18–21. Tá léiriú ar chóras seanbhunaithe an CO ann agus, ag teacht díreach sna sála air sin, tá sraith táblaí ina léirítear ‘córas an úraithe’. Sin an chéad uair a úsáidtear an téarma sin chun cur síos ar na roghanna ag an nduine, den gcrann srl. Níor mhiste intreoir bheag a chur roimh an tsraith seo táblaí chun a léiriú d’úsáideoirí go bhfuiltear ag imeacht ón chóras sheanbhunaithe, agus gurb é ‘córas an úraithe’ an t-ainm atá ar an phatrún nua seo. Díreach ina dhiaidh sin tá sraith táblaí ina léirítear ‘córas an tséimhithe’ – an chéad uair a úsáidtear an téarma sin. Is maith an rud rogha a thabhairt do scríbhneoirí agus a gceart a thabhairt do nósanna canúna, ach caithfidh na roghanna sin a chur i gcomhthéacs éigin.

De réir mar a bhí mé ag léamh bhí amhras ag teacht orm faoin chomhthéacs ina n-úsáidfí leis an ndochtúir seachas leis an dochtúir agus mar sin de. Is ceadmhach (an focal sin arís) sa mbosca a scríobh ach an mbeifeá ag súil le sa bhosca i gcáipéis oifigiúil? Ní deirtear sin glan amach ach tá roinnt focal sna samplaí úsáide a mhéadaigh ar m’amhras. Tugtar an sampla sa bhosca sa tábla a léiríonn córas seanbhunaithe an CO. Tá sin chomh caighdeánach agus a chonaic tú riamh. Sa tábla a léiríonn córas an úraithe, áfach, tugtar an sampla insan/(in)sa mbosca. Tugann insa le fios go bhfuiltear ag cur síos ar úsáid chanúnach, nó sin an bhrí a bhain mise as. Sampla eile atá ann den teannas idir an cur chuige saintreorach (nós amháin a mholadh thar na nósanna eile) agus an cur chuige tuairisciúil (na nósanna uile a léiriú) sa CO nua. Tá seacht leathanach den leabhar tugtha suas do chlaochlú tosaigh sa tuiseal tabharthach. Shilfeá go raibh spás ann le haghaidh nóta treorach den chineál a cuireadh le poist vs postanna, a léireodh don úsáideoir cén stádas atá ag leaganacha mar leis an ndochtúir, sa tSeanad srl. sa teanga oifigiúil. Faoi mar atá, tá mé in amhras faoi stádas na leaganacha seo agus faoi stádas na bhfoirmeacha scartha agus táite den bhriathar. De réir an CO nua, is ceadmhach don Mhuimhneach chuabhair (seachas chuaigh sibh) a scríobh. Ceadaítear chuadar (seachas chuaigh siad) don Chonnachtach agus chuaigh muid (seachas chuamar) don Ultach. Ach an bhfuil a leithéid sin inghlactha i gcomhthéacs oifigiúil? Ba chabhair dúinn nod.

Luaigh mé thuas an fhoirmle úd ‘Is athrú ar an gCaighdeán Oifigiúil é seo.’ Is nod úsáideach é ach tá sé in easnamh i gcuid de na míreanna. A leithéid seo, ar leathanach 134:

Ní chuirtear h roimh ghuta i ndiaidh ní ar ainmfhocail, aidiachtaí ná dobhriathra ach amháin i gcorrchás, e.g., ní hamhlaidh, ní haon dóithín é, ní hionann an dá charr, ní heol dom cad é.

Is athrú ar an CO é sin (moltar i leabhar 1958 gan 'h' a chur riamh) agus ba cheart sin a chomharthú. Tá an treoir easnamhach fosta. Ní cuidiú don úsáideoir ‘i gcorrchás’. Déarfá gur mioncheist é ach bain triail as leathanach amháin Gaeilge a scríobh gan an fhadhb seo teacht aníos. Ní (h)inmholta comhairle chomh doiléir a chur ar léitheoirí agus ní (h)éasca í a chur i bhfeidhm. 

Teannas idir an ghné shaintreorach agus an ghné thuairisciúil

Ní atheagrán de CO 1958 é seo ach saothar úrnua ina bpléitear a lán gnéithe den teanga scríofa nach raibh iomrá ar bith orthu sa CO bunaidh. Go deimhin, tá iarracht den leabhar stíle sa CO nua agus tá treoir faoin dea-úsáid ann a théann i bhfad níos doimhne ná deilbhíocht agus litriú. Éiríonn go seoigh le cuid den phlé sin. A leithéid seo:

Ní chuirtear séimhiú ná urú ar an bhfocal billiún i ndiaidh uimhreacha. Is féidir míle milliún a úsáid (de rogha ar billiún) mar ainm ar an bhfigiúr 1,000,000,000. (:153).

Sin blúire eolais nár mhiste do chraoltóirí a thabhairt dá n-aire. Féach cé chomh soiléir simplí is a chuirtear inár láthair é. Ach fiú dá mbeadh na míniúcháin ar fad chomh beacht leis an sampla thuas, tá faitíos orm go mbítear ag súil le cineál eile faisnéise i leabhar a chuireann síos ar chaighdeán scríofa. Seo a bhun is a bharr: tá lucht na Gaeilge ag súil le lámhleabhar ina leagtar amach go lom na struchtúir sin is gá a úsáid i dtéacsanna oifigiúla agus leathoifigiúla. Sa chomhthéacs sin, níl a fhios agam arbh fhiú dul isteach i mioncheisteanna caolchúiseacha áirithe, m.sh. an difear idir Tá saghas ocras orm  (= tá ocras orm, saghas) agus Cén saghas ocrais é sin agus gan faic a ithe le dhá lá anuas? Tá cuid den phlé ar chúrsaí stíle an-aisteach ar fad. Ar leathanach 15, mar shampla, pléitear an leagan múinteoir Kate agus maítear nach léir cé acu atáthar ag trácht ar (1) múinteoir a bhíonn ag múineadh Kate nó (2) múinteoir arb ainm di Kate. Níl a fhios agam an bhfuil débhríocht thromchúiseach ar bith ann le fírinne nó arbh fhiú leabhar an CO a ramhrú lena leithéid. Fiú mura mbeadh an bhrí soiléir ón chomhthéacs, b’fhurasta dealú idir múinteoir Pól agus múinteoir Phóil, cuir i gcás. Ar aon chaoi, moltar do dhaoine an Múinteoir Kate a scríobh chun an débhríocht a chur ar ceal. Is ait an leagan é – freagra ar cheist nár cuireadh.   

Samhlaím fosta go mbeidh úsáideoirí idir dhá chomhairle san áit a bhfuil rogha idir dhá struchtúr. Cuir i gcás, tugtar an struchtúr ríomhaire de chuid na hoifige, iománaí de chuid na Gaillimhe (:61) agus maítear sa chéad alt eile:

Is minic...gur feiliúnaí ceann de na focail ionadacha ceann, cuidduine a chur in ionad an chéad ainmfhocail: ceann de ríomhairí na hoifige, duine d’iománaithe na Gaillmhe... (:62).

Mar atá ráite agam thuas, beidh léitheoirí an CO ag súil le saintreoir. D’fhéadfaidís tuiscint an-lochtach a bheith acu ar an is feiliúnaí sin agus a cheapadh gur fearrgur 'caighdeánaí' an dara struchtúr ná an chéad cheann. B’iontach leat mar a bhaintear míbhrí as treoir ar bith a bhfuil oiread na fríde den athbhrí inti. Duine ar bith a theagasc Gaeilge riamh, tá a fhios aige nach bréag dom é. Ar a laghad ar bith, ba cheart alt nó dhó a chur leis an réamhrá chun a chur ar a súile do léitheoirí nach ionann é seo agus leabhar 1958 – go bhfuil trácht sa leabhar seo ar roghanna agus ar chiútaí stíle chomh maith le cúrsaí ‘caighdeánach nó míchaighdeánach’.

Impleachtaí

I ndiaidh dom an CO nua a léamh cúpla uair, feictear dom go ndéanfaidh sé dochar do choincheap an chaighdeán scríofa. Tá sé lochtach ó thaobh cur i láthair de agus ní féidir glacadh le cuid de na rialacha ann. Rud is iontaí ná sin, déanann an CO féin lagú ar chuid de na tuiscintí agus na nósanna a bhfuil caighdeán scríofa na Gaeilge ag brath orthu. Ceann acu sin is ea córas na leaganacha malartacha in FGB. Ceadaítear sa CO nua (cibé ciall atá le ‘ceadú’) tchí, chí, cí agus . Nár leor leagan amháin de? Ní mharódh sé mise chím a scríobh bíodh is gur tím a deirim. Más freastal cuimsitheach ar na canúintí go léir a theastaíonn, bheadh orainn na foirmeacha tríú pearsa chíonn agus tíonn a chaitheamh isteach sa phota chomh maith. Ná ní thuigim cad chuige a gceadaítear feicim/chím ach nach gceadaítear déanaim/ghním, deirim/abraim, faighim/gheibhim agus mar sin de. Ón uair a chuir chí bearna i gcóras leaganacha malartacha FGB, cén cosc a bheadh ar a lucht gaoil briseadh amach?

Tá a fhios agam gur le fonn plé agus díospóireachta a cinneadh tabhairt faoi athbhreithniú ar an leagan seo den CO i gceann trí bliana ach tá faitíos orm gur caighdeán beag sealadach atá againn dá bharr – caighdeán atá in iomaíocht le treoracha eile stíle. Ina measc sin tá Treoir Eagarthóireachta d’Aistritheoirí a d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sna Se Chontae agus Stíl Tí an Ghúim. Ní bheadh ionadh orm, fiú amháin, má shocraíonn daoine cloí le CO 1958 agus neamhaird a dhéanamh ar an leagan athbhreithnithe. Is baolach go méadóidh go mór ar an neamhréir idir gnásanna úsáide san ollscoil seo nó sa eagraíocht siúd; gach dream ag dul a mbealach féin. Cad é mar a tharla sé, agus a oiread sin cainte ann i dtaobh pleanáil teanga, gur fágadh idir dhá nó trí chaighdeán muid?

Antain Mac Lochlainn