SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí stíle as Gnás na Gaedhilge (1)

 

Treise

641. – Ní leor leis an gcainteoir maith líofa ná leis an scríbhneoir oilte lom-abairt mhaol, gan bhrí, gan mhaise, gan bhlas a thabhairt dá lucht éisteachta ná dá lucht léite. Tugann sé iarracht ar a smaointe a chur amach agus a rá mar is fearr agus is foirfe a rachaidh siad i bhfeidhm ar chroí agus ar aigne acu, is é sin, cuireann sé treise nó fuinneamh faoi leith leis na habairtí, leis an abairt go léir le chéile nó le focail faoi leith inti, nuair is gá é, dar leis.

Is féidir an treise sin a chur le habairt nó le focal ar a lán slite, mar atá:

I. An abairt a bhogadh le focal áirithe;
II. Cor diúltach a chur ar an abairt;
III. Cor ceisteach a chur ar an abairt;
IV. Ionad áirithe san abairt a thabhairt don fhocal faoi leith is mian a threisiú;
V. Iarmhír nó focal eile a chur leis an bhfocal is mian a threisiú;
VI. Focail ar aon bhrí, nó ar aon bhrí geall leis, a chur as a chéile d’fhonn an treise a dhéanamh; nó focail ar aon chonsan nó ar aon ghuta tosaigh, agus iad ar aon bhrí san am céanna, a chur as a chéile mar sin;
VII. Focal ar chodarsnacht brí dá chéile a úsáid;
VIII. Athlua.

I. – Abairt a bhogadh le focal áirithe: is amhlaidh

642. – Is é an gníomh nó an staid an ní is mó tábhacht san abairt de ghnáth. Sin é an chúis gur i dtosach na habairte is minice a bhíonn an briathar. Nuair is é riachtanas is mó, áfach, an t-aireachas a dhíriú ar mhodh an ghnímh nó na staide, téitear i muinín ‘is amhlaidh’ chun an scéal a bhogadh:

(1) D’fhonn gníomh nó staid a chur i gcodarsnacht do ghníomh nó do staid eile;
(2) D’fhonn ceist a bhogadh, toisc ionadh an té a chuireann an cheist an scéal a bheith amhlaidh;
(3) Chun eolas áirithe in abairt a bhogadh, d’fhonn an lucht éisteachta a ullmhú chun rud nach raibh aon choinne leis a chlos – rud a bheadh bunoscionn lena machnamh nó lena mbarúil féin;
(4) Toisc gurb ionann ‘amhlaidh’ agus ‘mar é (seo)’: a thaispeáint conas a tharlaíonn nó conas a dhéantar gníomh, nó conas a bhítear, nuair nach mbíonn aon trácht ar a mhalairt ná aon tagairt do;
(i) agus ina leithéid sin de chás, is minic a bhíonn ‘agus’ tar éis ‘is amhlaidh.’

Féach gur briathar a bhíonn tar éis ‘is amhlaidh’ i gcónaí, pé acu ag neartú ar bhrí an bhriathair féin a bhíonn sé nó ag cur gnímh i gcodarsnacht do ghníomh eile nó ag léiriú mar a rinneadh gníomh áirithe nó mar a bhítear uair áirithe. Agus is í gnáthfhoirm an bhriathair, mar a bhíonn san fhochlásal aidiachta, a bhíonn ina dhiaidh, féach.
Feic §493(c).

643. – (1) D’fhonn gníomh nó staid a chur i gcodarsnacht do ghníomh nó do staid eile:

In áit muintir na hÉireann a éigniú isteach san arm is amhlaidh a rinne sé ina n-arm láidir ina aghaidh iad. GA. 52.
Cheap seisean go mbeadh a mháthair chuige amach. Ina ionad san, is amhlaidh a d’fhill Sadhbh agus árthach ina láimh. S. 77.
In ionad teacht isteach in éineacht liom féin go dtí séipéal Dé, nach amhlaidh a d’fhanaid cois na gcladhthacha ag díol agus ag ceannach? SM. i. 118.
Thuigeadar go léir an méid sin go maith agus ní raibh aon chur ina choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas orthu fear a bheith os a gcionn a bheadh ábalta ar iad a smachtú dá mba ghá é. N. 22.
Is é nádúr an ocrais go leigheasfadh bia é. Is é nádúr an tarta go sásódh deoch mhaith é. Ach an t-ocras so atá ortsa, is amhlaidh a mhéadaíonn an bia é, agus an tart atá ort is amhlaidh a mhéadaíonn an deoch é. CD. 95.

644. – Is ionann agus ‘mar é’ ‘is amhlaidh,’ agus, mar sin, is cuma nó an forainm réamhthagrach é, agus, sa tseanaimsir agus inniu, leis, is minic a úsáidtear an forainm réamhthagrach ‘ea’ nó ‘é’ thar a cheann.
    Mar seo, féach:

Is ea.
Tabhairse fé ndeara leis go gcuirfinn d’iachall ar na háiteanna annso mé phógadh.
Om briathar féin mhuis, arsa mise, gurab ea chuirfidís d’iachall ort iad do phógadh. FBF. 297.
In áit go mbíodh glug glag roimis sin is ea bhí fuaim uafásach leis. FBF. 297.

Is é.
In áit an Fairisíneach do dhul ag moladh Dé, is é a chuaigh sé ag moladh a dhea-ghníomhartha féin. Gall. 106.
Nuair do shíl sé é féin d'ardú os cionn an tsaoil, is é do íslíodh é chomh híochtarach le hifreann. Gall. 106.
In áit seo do chur i ngníomh, is é a chuaigh sé ag brath agus ag díol a mháistir lena namhaid. Gall: 167.
Ní bheidh brí i d’fhaoistín, ach is é mhéadós tú do pheaca. Gall. 36.
Ní chualas och ná osna, mairg ná éagnach, as béal na muintire seo. Is é do bhí siad go soilbhir sásta. Gall. 179.

645. – Is ionann ‘is é rud’ i gCúige Uladh agus ‘is amhlaidh,’ i gCúige Mumhan, go minic, féach:

In áit a bheith ag cruinniú céille, is é rud atá sé ag cailleadh cibé a bhí aige. CO. 39.
An lá faoi dheireadh thairg mé ortha an déididh a dhéanamh dó. Is é rud a fágadh dubh leis na gáirí fúm é. CO. 118.
D’iarr an sagart ar na daoine a ghabháil amach go suaimhneach agus gan dada a ligean orthu féin ach bogadh leo ’na bhaile. Ach níor ghlac na daoine a chomhairle. Is é rud a chruinnigh siad thart ar na saighdiúirí dubha. CO. 114.
Tháinig Babaí ’na bhaile. Bhí an fhearg ar shiúl dena muintir idir an dá am. Agus is é rud a bhí lúchair...fána coinne nuair a tháinig sí. CO. 126.
“Nach gcaithfidh sé bheith uaigneach agaibh ansin?”
“Cá háit? Loch Caol? Is é nach mbíonn uaigneach... Is é rud a bhíos cumhaidh orainn ag teacht ’na bhaile dúinn i dtús an Fhómhair. CID. 11.
San am a ndeachaigh sé is é a shíl sé an saol a bheith fuar searbh nimhneach. Ba é rud a bhí sé ag teitheadh roimhe. CID. 76.
“Seo,” arsa Conall, “níl maith a bheith ag caoineadh.”
Is é rud a tháinig racht níos tréine uirthi. CID. 76.
In áit bisiú le linn mé a bheith ag dul i méadaíocht, sér'd a d’éirigh mé ní ba mheasa. DDH. 5.
In áit amharc ar Shadhbha, is é rud a dhruid sé a shúile. EC. 92.

646. – Agus go deimhin, ag an Athair Peadar, leis, uaireanta, is ionann ‘is é rud’ agus ‘is amhlaidh’, d’fhonn codarsnacht a thaispeáint, ach go n-úsáidtear an briathar ‘déan’ leis i gcónaí sa chás sin. Mar seo, féach:

Nuair iarradar an páipéar is é rud a dhéin an fear a bhí ina gharda ná caitheamh leo. S. 122.
“Tá a fhios ag an saol, a Dhiarmaid,” arsa Pádraig, “go raghairse...chun cónaithe sa tigh mór i dteannta Shadhbh agus Chormaic.”
“Am briathar, a Phádraig, nach é mo thuairim go raghad. Is dóigh liom gurb é rud a dhéanfad ná fanúint sa tsean-nid seo, mar atá agam.” S. 201.
Feic §656.

647. – (2) D’fhonn ceist a bhogadh, toisc ionadh an té a chuireann an cheist an scéal a bheith amhlaidh.

“Chuireas tráchtairí ag triall ort,” ar seisean, “ghá rá leat teacht. Cad ’na thaobh nár tháinís? An amhlaidh a mheasais ná féadfainn tú a dhíol?” BN. ii. 88.
Conas a d’fhéadfaidís teacht abhaile gan airgead acu chun díol as a bpasáiste? An amhlaidh a mheasfá dóibh an fharraige a shnámh! Sg. 112.
An amhlaidh a mheasfá a rá liom go raibh ceangailte orm an fear san do phósadh, mar gheall ar gur thug sé grá dom? DC. 112.
An amhlaidh a mheasfá a chur ina luí orm gur drochní déirc? S. 268.

648. – Sa tseanaimsir is ‘an ea’ a d’úsáidtí chun ceist den sórt sin a bhogadh. Mar seo, féach:

An ea ná tugann tú breith báis agus beatha annsoin san gcathaoir bhreithiúnais so atá i bhfolach ó shúilibh na ndaoine? SM. i. 14.
An ea ná scríobhann tú ar d’éadan féin cáilíocht do ghrá agus do cheanúlachta orm, nó mo dhaoirse is mo dhamant síoraí? Ibid.
An ea nach bhfuil uachtaránacht ag do dhroch-chlaontaibh agus ag do shaobhnósaibh fós ar do chroí meatha? SM. i. 19.
An ea nach bhfuil a fhios againn gur fhéachadar na hIúdaithe mallaithe gach meán dá raibh ina gcumhacht chun a thoirmiscthe agus a chlaochló? SM. i. 90.

649. – Rud a úsáidtear fós sa Bhlascaod, féach:

Cad é an fuadar atá fút nó an beadh fonn ort a bhfuil ar an mbóthar romhat a mharú? FBF. 202.
Dá mbeadh sé féin ag déanamh isteach fé chreatlach do naomhóig mhór throm gach maidean...anb eadh is dóigh leis go mbeadh an com céanna air féin agus atá? Ibid. 353.
Cé hiad so? Ar mise.
Anb eadh ná aithníonn tú Seáinín, Liam agus Muiris Cháit?” arsa m’athair ag gáirí. Ibid. 375.

650. – D’úsáidtí ‘an é’ ar an gcuma chéanna, féach:

An é dob áil let na daeine do damnadh? BCC. 18
An é nach faicí-si Colum Cille cugaind? BCC. 96.
An é nach bhfuil a fhís agat-sa? BCC. 188.
An é nach mó ná sin an dlúth-oibleagáid atá oraibhse inniú? SM. iii. 41.
An é nach fearra dhuit iad do bhochtanú ná a bheith ciontach ina ndamain síoraí? SM. iii. 129.
An é nach le líonmhaireacht a dteasghrá...do phréamhaíodar...creideamh agus crábhadh inár dtír álainn féin? SM. iii. 49.
An é nach bhfuil sé ró-náireach le faicsin go bhfuil an peaca so...ar measc na gCatoilicí féin? SM. iii. 117.
An é nach cóir an uile dhochar a fhulang ar son na beatha síoraí? TLC. 217.

651. – Rud atá minic go maith i gConnachtaibh agus in Ultaibh fós, féach:

An é go síleann tú go bhfuil drogall báis orm? SS. 48.
Nó an é go raibh sé i ndán don domhan dall dona san am sin? SS. 52.
An é go mba mheasa Mullach ná Maol? SS. 61.
An é nach bhfuil tú ag dul a dhíol an chíosa? SgO. 37.
An é nach ligfidh tú do ghasúr bocht isteach? SgO. 47.
An é nach dtig leat na caoirigh sin a díol? CCH. 66.

652. – Féach gur ‘na nach’ (nó nach, ne nach) is minice a deirtear i gCúige Uladh.

“Na nach bhfuil sí fá bhaile ar na laetha seo?” ar seisean. CO. 244.
“Na nach n-aithníonn tusa mise, ’Bhabaí!” ar seisean. CO. 245.
“Na nach bhfuil fágtha anseo ach tú féin?” ar seisean. CO. 245.
Ná nach bhfuil eagla ort roimh na deamhain? DDH. 4.
’N-e nach bhfuil eagla ort? CCH. 57
’N-e nach fearr corrán a thabhairt leat? CCH. 58
Nó nach dtáinig Dónall aníos? RB. 193.
Nó nach mbíonn uaigneas ort? RB. 79

Is mar a chéile ‘na nach’ agus ‘an ea nach,’ rud is ionann agus ‘an amhlaidh nach,’ dár ndóigh:

In do dhénamh breithemhnais ar lochtaibh cáich, no ne nach mó thainic tú d’iarraidh t-slaintí t’anma féin? IPV. 132.

653. – Uaireanta eile is ‘an é rud’ a úsáidtear i gCúige Uladh thar ceann ‘an amhlaidh,’ féach:

Pádraig Ó Dálaigh a bhualadh fríd an bhéal! An é rud a chaill tú do chúig céadfaí corpartha? CO. 81.
An é rud a chonacthas di mé a bheith cosúil le bean acu seo? EC. 51.

‘An rud é go’ ag an Athair Peadar:

An bhfanfaidh sé ar a shuaimhneas lastuaidh...ag ól na bhfleá, nó an rud é go dtiocfaidh sé ag déanamh achrainn. CRR. 31.

654. – Agus is ‘nach é rud’ a úsáidtear thar ceann ‘nach amhlaidh,’ féach:

“Níor chuala mé gadaíocht curtha síos dó riamh,” arsa Séimidh. “A dhuine bhoicht, is leamh atá do cheann ort,” arsa Mícheál Dubh. “”Nach é rud a ghoid sé an teach mór atá aige. Nach é rud a ghoid sé na fáinní óir agus na cultacha síoda atá ar a chuid níonach.” CO. 150.

655. – (3) Chun eolas áirithe a bhogadh, d’fhonn an lucht éisteachta a ullmhú chun rud nach raibh aon choinne leis a chlos – rud a bheadh bunoscionn lena machnamh nó lena mbarúil féin: –

Is amhlaidh mar atá an scéal, a mhic ó, caithfeam féin an obair a dhéanamh. A. 13.
Is amhlaidh mar a bhíonn an scéal ag ríthibh, bíonn eagla acu roimis na fearaibh fónta níos mó ná roimh dhaoine gan mhaith. C. 7.
Is amhlaidh mar atá sé, a dhuine uasail, is duine mé nár léigh aon leabhar seanchais riamh. DC. 84.

656. – Agus i gCúige Chonnacht, féach:

Is é an chaoi a bhfuil an scéal, tá mé i gcruachás. GA. 4.
Is é an chaoi a bhfuil an scéal, níl ag éirí le Seán Ramhar sa saol seo. GA. 39.
Is é an chaoi a bhfuil an tír sin na hIodáile suite, tá cuid di ina scoith amach sa bhfarraige. GA. 10.

    Agus is d’fhonn codarsnacht a léiriú a úsáidtear ‘is é an chaoi’ anseo, féach:

I leabaidh an tír a bheith ag feabhsú is é an chaoi a bhfuil sí ag dul chun donachta. DD. 71

Agus i gCúige Uladh:

Sílfidh sí gurb é an rud a buaileadh bob ortsa fosta. EC. 117.
B’fhéidir gurb é an rud a rinne an tseanbhean dearmad. CCM. 93.
Is é rud a d’iarr sé orm ciall a bheith agam agus gan a bheith i m’amadán. CID. 106.

657. – (4) A thaispeáint conas a tharlaíonn nó conas a dhéantar gníomh nó conas a bhítear:

Marbhán muicí a thugtaí mar leasainm ar Mharbhán mar is amhlaidh a bhí tréad muc aige sa ghleann agus é ghá n-aédhreacht. G. 35.
Mheas gach duine acu gurbh amhlaidh a bhí sé féin ar meisce, bhí an fíon chomh láidir sin. G. 73.
B’fhéidir gurab amhlaidh a d’fhágas im’ dhiaidh sa bhaile í. S. 77.
Is amhlaidh do rinne Críost sin, sileadh do chur i gcuid do luaithreadh na talmhan. TBB. 6.

658. – Agus sin mar is gnáthaí a úsáidtear é, toisc gurb ionann ‘amhlaidh’ agus ‘mar é (seo, sin).’

Dá chur i gcéill gurb amhlaidh a theagmhas don duine amhail ’theagmhas don lathaigh. TBB. 10.
Más amhlaidh atá, is fada go mudh léar dúinn é. SS. 14.
Is amhlaidh do ghní an diabhal le hanam an pheacaigh, amhail do ghní an cat leis an luch. SM. i. 147.
Ní hamhlaidh sin ’bheidh sé. Ó! ní hamhlaidh. SM. i. 95.
Ní mar sin ro rigne an Sailmidhe Ríoghamhail. Ó! ní hamhlaidh. SM. i. 104.

659. – Uaireanta, sa chás sin, cuirtear ‘agus’ roimh an bhfocal a ndéanann ‘amhlaidh’ tagairt dó:

Is amhlaidh a bhí an liathróidín agus í chomh solasmhar agus ná féadfá féachaint díreach uirthi nó do dhallfadh sí thú. S. 92.
Is amhlaidh do bhí an cheard, agus crochán ar deil aige. TBB. 10.
Is amhlaidh do bhí an lá, agus fearthainn chrua ghéar, agus gaoth aduaidh ann. TBB. 71.
Is amhlaidh do bhí an íomhá mhór sin ina seasamh agus í ard. TBB. 2.

660. – Féach gur mar a chéile ‘is amhlaidh’ agus ‘is ea’ ag Céitinn ina leithéid sin de chás:

Is amhlaidh do ghnídís na Rómhánaigh, na coirp do losgadh. TBB. 159.
Is ea do ghnídís lucht na hÉigipte, gach marbh d’adhnacal ina thigh féin. TBB. 160.

661. – Rud is minic sa Bhlascaod inniu:

Cad so, cad so déanta agat leis na páistí bochta laga? arsa an sagart. Ó, a Athair, ar sise, faighim pardún agat, is ea ’bhíos chun beagáinín eagla a chur orthu. FBF. 19.
Do chonac uaim tigh mór geal. Chuas féna dhéin; is ea ’bhí doras mór cruinn gan aon chomhla air. FBF. 24. 
Nuair a chuas isteach, is ea ’bhí Eibhlín, Seán agus Mícheál ag gléasadh a mbróg i gcomhair na máireach. FBF. 61.
Aniar liom arís agus is ea ’bhí an stróinséir sínte ar a fhaid agus ar a leithead ar an bhféar. FBF. 211.
Do chuimhníos arís gur dócha gurb ea ’bhí an ionad dúil sa ghal aige. FBF. 197.
Ar mhuscailt an dorais dom go lánmhoch ar maidin, is ea do bhí an dá dhíthreabhach i mbéal an dorais. AI. 158.
Casadh súl dár thugas idir mé agus an tobar is ea bhí radharc iontach agam le feiscint. AI. 56.

Agus in Oileán Dairbhre, féach:

Tar éis machnamh dom ar feadh tamaill is ea ’bheartaíos ná banbh a bhí againn do thiomáint isteach san gharrdha. Sean-aim. 15.
Nuair a iarradh a mháthair air so nó siúd a dhéanamh is ea ’dheineadh seisean a mhéar a chraidhmsiú chun an Ghárlaigh. Ibid. 33.

662. – Is ar an gcuma chéanna a úsáidtear ‘ní hamhlaidh,’ féach:

Bhain an ghaoth únfairt as. “Ó! greadadh chugat, mar ghaoith!” ar seisean. “Ní hamhlaidh a tabharfá cúnamh dom.” A. 54.
Ní hamhlaidh a déarfainn go bhfuil a bhreith ródhian. Mar cad ’fhéadfadh bheith ródhian ar a leithéidibh? Is amhlaidh a mheasaimse go bhfuil a bhreith bunoscionn leis an stát seo againne. C. 50.
Ní hamhlaidh atá ceapaithe agam aon chosaint a dhéanamh orm féin i gcomhairle nua. C. 32.
Ní hamhlaidh ná fuil ar mo chumas na fiacha atá orm im’ ainm féin do dhíol as mo shealbhas féin. C. 32.
Is é mo chroíse a d’éalaigh uaim ag triall ar Fhionabhair agus ní hamhlaidh a d’éalaigh sé uaim. Is amhlaidh a sceinn sé uaim. TBC. 201.
Ní hamhlaidh a mheasfá dom Béarla do labhairt leis. Sg. 87.

663. – Agus ‘ní hea’ ag Céitinn air sin, féach:

Ní headh is iontuigthe a briathraibh Dáibhidh, go raibhe an anam somharbhtha, acht is eadh is fáth dó, na peacthaigh bhíos go hárd...go dteilgthear ré fánaidh i n-ifreann iad. TBB. 119.

Rud a bhí ann ní ba dhéanaí ná sin, leis:

Ní hea go raibh aon amhras ar Eoin Baiste ann. SM. i. 1.

664. – Rud a ndearnadh ‘ní hé go’ i nGaeilge an lae inniu de, féach:

Ní hé go bhfuil aon locht acu Éire a bheith go maith ná go bhfuil siad in aghaidh na tíre. GA. 49.
Ní hé go bhfeicfidh aoinne an tAthair, ach an té atá ó Dhia, do chonaic sé sin an tAthair. CMD. ii. 261.
Ní hé go raibh díthmhian ar na falsóirí ladar a chur sa gcaint. TU. 82.
Ní hé nach mbíonn tnúthán an domhain againn leis an ní ceart. TU. 1.
Ní hé nach féadfadh Colum Cille fen sin do cosc. BCC. 186.
Ní hé nach raibh athair agus máthair aige. ESA. 26.

665. – Agus is uaidh sin a tháinig na focail úd ‘ní hea amháin (go)...ach,’ agus ‘ní hé amháin go...ach’:

Ní hea amháin gurb í an tsláinte shíoraí obair is riachtanaí...ach fós gurb í an aonobair is riachtanach í. SM. i. 27.
Ní hea amháin go n-oileann agus go neartaíonn an tAiséirí ár gcreideamh, ach fós cosnaíonn suas ár ndóchas. SM. i. 94.
Ní hea amháin go mbeireann an peacach an créatúir de rogha that mhórdhacht Dé; ach, fós, cuireann a phaisean thar a chumhacht. SM. i. 161.
Ní hea amháin gur chuir Pádraig iad uile as Éirinn, ach fós, d’impigh ó Dhia gan aon cheann díobh do ghiniúin inti choíche. SM. i. 78.
Tabhair th’aire co ndubhairt Pedar nach edh amháin is cóir umhla do thabhairt dona dainibh maithi...acht dona dainibh sgailteacha. IPV. 112.
Ní hed amháin ro-crochsabar he acht a bualadh is a fhanámut. PH. 123 (2934)
Ní head amháin atá in goit fá’n aithne-si, acht ata in égen. PH. 252 (7557).
Ní hé amháin go bhfuil Clanna Gael ar fáil fós ach nach dtabharfadh siad suí suaimhnis dóibh féin. GA. 1.
Ní hé amháin gur staon Poimpéas ó aon ní a thógaint...ach d’ordaigh sé an áit a choisreacan arís. Mac. i. 71.
Ní hé amháin go dtaispeánann sí an obair dúinn ach tá dlí daingean déanta aici chun a chur féachaint orainn an obair a dhéanamh. STF. i. 2.

666. – Toisc gurb ionann ‘is amhlaidh’ agus ‘is mar sin,’ tá a leithéidí seo d’fhocail i gConnachtaibh agus in Ultaibh:

Ní hé sin do rothaí an tsaoil. GA. 99.
Níorbh é sin dósan é. CCM. 21.
Ní hé sin do na seanchosáin. CCM. 27.
Ní hé sin duitse is domsa. SS. 44.
Níorbh é sin do Shéimidh é. CO. 136.
Gurab é duit. CCM. 143.

Cleachtadh

Na tuathail sna ráite seo thíos a cheartú agus fáth an cheartaithe a insint:

1. Ar an lá san is amhlaidh a rugadh Críost.
2. Ní hamhlaidh go mbíonn sé róleisciúil.
3. Ní hamhlaidh gur sagart gan mhaith é.
4. Ní hamhlaidh ag laghdú a bhí an dúil sin.
5. Is amhlaidh gur tháinig sé róluath.
6. Agus is amhlaidh in ionad freagra a thabhairt dóibh is é rud a thit amach ná luigh tocht ar fhlaith na bhFiann.
7. D’inis sé don rí gurb amhlaidh gur tháinig sé ar an gcuach agus gur bhain sé aisti a raibh inti.
8. Is amhlaidh ó phíobán na cuaiche a bhí an ceol ag teacht.
9. Is amhlaidh gur bodhar a bhí sé.
10. Is amhlaidh á dtabhairt uaidh a bhí sé.
11. “An amhlaidh a shuíonn sé síos.” “Níl go deimhin.”
12. Is amhlaidh ní bheidh.
13. Más é go bhfuil sé ar a chumas.

 

Nóta eagarthóra
Cé nach bhfuil sé i gceist iomlán an leabhair Gnás na Gaedhilge a athfhoilsiú anseo, measadh gurbh fhiú go mór na caibidlí a bhaineann le cúrsaí stíle a chur ar fáil arís. Ní dhearnadh d’eagarthóireacht ar na sleachta athfhriotail ach mionleasuithe amhail ‘ina’ agus ‘is é’ a scríobh de réir nós na linne seo agus mionfhocail mar ‘ag’ agus ‘a’ a bhreacadh isteach. Is iad na hathruithe is mó ar théacs Uí Chadhlaigh ná ‘ainm’ a athrú go ‘ainmfhocal’; forainm próleipteach’  a athrú go ‘forainm réamhtagrach’ agus ‘iarmhír’ a scríobh in áit ‘iarmbéarla’.

Tá Clár na Nod le fáil i Nótaí Stíle as Gnás na Gaedhilge (3).