SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí stíle as Gnás na Gaedhilge (2)

II. – Cor diúltach a chur ar an abairt.

667. – Úsáidtear  dhá dhiúltú d’fhonn treise a chur le habairt dhearfach.
    Mar seo, féach:

Níl bata sa tigh sin nárbh éigean seisreach a ghabháil chun é a thabhairt abhaile ón gcoill. B.7.
(i.e. b’éigean seiseach a ghabháil chun gach aon bhata sa tigh sin a thabhairt abhaile ón gcoill.)
Níl duine dá fheabhas nach fearrde é oideachas a fháil. DD. 25.
Ní bhuailtí buille ná titfeadh fear leis. N. 50.
Ní raibh aon uair a chrúití bó ná cuimhnítí ar Iubhdán. E. 75.

Níl aon tslat insa choill ná fuil snaidhm ina bun nó ina barr;
Níl aon bhreac insa linn ná héiríonn ar bharr uisce ag snámh;
Níl aon tsagart sa ríocht ná héiríonn chun Aifrinn do rá;
Ach ó d’imigh sí uaim, ní mór go mothaím an lá.
Ní bheidh garsún i gCorcaigh ná beidh an véarsa san ina bhéal amárach aige. CD. 23.

Níl ríocht de ríochtaí móra an domhain nach ndearna a bheag ná a mhór d’alpaireacht lena linn. GA. 60.
Ní raibh aon bhuachaill sna Rosaibh nach rachadh amach ar an fharraige ina dhiaidh. CiD. 89.
Ní raibh aon lá a mbíodh sé fá bhaile nach mbeadh sé ar an bhealach. CiD. 59.

668. – Uaireanta is focal a mbíonn brí dhiúltach leis a bhíonn sa chéad chuid den abairt.
    Mar seo:

Is beag fear i gCúige Uladh ná bíonn an bhuairt chéanna air. E. 99.
Is annamh riamh a chonac duine ná bainfeadh an namhaid eile dá bhonnaibh é. S. 274.
Is corr-oíche nach mbíodh mná i mo chuideachtain ag déanamh aoibhnis dhom. An Chéad Chloch. 25.

669. – Uaireanta in ionad ‘nach’ sa dara cuid den abairt, is ‘ná go’ a bhíonn ann.
    Mar seo, féach:

Is deacair a rá ná go bhfuil gá agamsa leis. N. 274.
Ní bhíodh a fhios ag aoinne ná gur dhuine de mhuintir na tíre é. N. 138.
Ní aithneodh aoinne a thiocfadh ann mar sin ar cuairt ná go raibh caradas idir an mbeirt. N. 163.
Ní raibh aon choinne agam ná gur bhuachaill simplí oscailte deá-chroíoch é. N. 175.
Ní raibh aon lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin ná gur cheap sí an uile neomat gurbh é an Caitliceach a bhíodh chuici an doras isteach nuair a airíodh sí aoinne ag teacht. S. 98.

670 – Is minic leis a dhéantar abairt a bhogadh leis na focail seo: ‘ní deirim ná go,’ ‘ní baol ná go,’ ‘ní miste a rá go,’ ‘ní fheadar ná go,’ ‘cá bhfios ná go,’ ‘níl aon teip ná go,’ agus a leithéidí, d’fhonn machnamh dearfach a rá le treise.
    Mar seo, féach:

Ní fheadair aoinne sa tigh ná go raibh an chailís dhaor úd sa bhosca iarainn. N. 115.
Cheapadar ná raibh aon teip ná go mbeadh an bua acu. AR. ii. 217
Ní miste a rá ná gurbh álainn an ghluaiseacht san. B.6.
Ní baol daoibh ná go leanfadsa ag cur mo ghuí chun an Tiarna ar bhur son. BN. Iii. 356.
Níl aon mhearthal oraibh anois ná gur mé bhur ndeartháir Iósaf. BN. i. 103.
Cá bhfios dom ná go bhfuil sí camshúileach? DC. 42.
Ba bheag ná gur bhain sí radharc a shúl de. BN. v. 603.

671. – Nuair is mian linn diúltú iomlán a bheith san abairt, ní foláir leanúint den diúltú tríd an abairt síos, nuair nach mbíonn aon rogha ann, is é sin, nuair nach mbíonn dul ón diúltú ag aon chuid den abairt.

Níor leogas-sa tosach riamh fós le rí ná le ruirigh, i réidh ná in achrann, i gcoilltibh ná i gcoigríochaibh, agus ní leogfad anois. B. 36.
Ní raibh blúire cuimhne aige ar an lá breá a bhí aige ar an gcnoc, ná ar an radharc álainn, ná ar na dúthaíbh breátha, ná ar shiúl na gcnoc dó, ná ar phiocadh na mónadán dó, ná ar an tsólaiste a thug Neas dó, ná ar an gcuma inar fhill sé abhaile, ná ar an sníomh a bhí ar a aigne agus é ag feitheamh leis an bhFear Dubh, ná ar theacht an Fhir Dhuibh, ná ar an abhcóideacht a bhí eatarthu, ná ar an gcuma inar scaradar le chéile. S. 291.
Bhí ár sinsir dílis don chreideamh sin, chomh dílis sin dó nár fhéad saibhreas ná bochtaineacht, plámás ná fearg, pionós ná pianta, claíomh ná cróch ná aon tsaghas eile drochíde, a chur d’fhiachaibh orthu an greim a bhí acu air a bhogadh. STF. ii. 36.
Ní raibh aon tuairisc sa leabhar ná ar chiumhais an leabhair ar cad é an caisleán é ná ar cá raibh sé. MSF. 101.
Ní raibh tuairisc ná cuimhne ar bháire ná ar liathróid ná ar chomhchalán ná ar cheol. CL. 67.
Ní hionadh nach raibh oideachas ná foghlaim acu, nach raibh aird acu ar theangain ná ar thír. GA. 45.
Ní raibh an cúl toraic acu ná cumhacht an airgid mar a bhí ag an dream eile. GA. 55
Níl ríocht ná oileán acu ab alpartha ná Sasana ná is mó a rinne éagóir ná leatrom ar aon ríocht dá raibh fúthu ná a rinne Sasana ar Éirinn. GA. 60.

672. – Agus féach go gcuirtear crot diúltach ar abairt leis na focail seo: gan, in éagmais, in ionad, teip, cosc, beag, mairg, baoth, leamh, neamhní, leisce, olc, dearmad, le heagla, deacair, cuma, staon, díth céille (nó nuair is amhlaidh sin a thuigtear an chúis a bheith), sula, dá agus má (uaireanta), mura, pé agus aon uaireanta.
Agus, mar sin, i gcás nach mbíonn togha ná rogha ar chor ar bith, ní foláir an abairt go léir a dhéanamh diúltach agus ‘ná’ a bheith ann á thaispeáint go leanann an diúltú tríd an abairt síos go deireadh.
    Mar seo, féach:

Gan
 

Do bhuail sé tríothu isteach gan ionga ná fiacail a chur in aoinne acu. G. 141.
Bhí an ceol chomh hálainn sin gur fhanadar gan labhairt ná aon chor a chur díobh ar feadh tamaill mhaith. LMC. 6.
Is maith an té a d’fhéadfadh iad a stiúradh agus eolas a dhéanamh dóibh agus gan a ligean do dhuine ná do bheithíoch acu iomard ná toirmeasc a dhéanamh do dhuine ná do bheithíoch eile acu. TBC. 47.
Toisc gan eolas ná aithne ná taithí a bheith agam ar na póirsíbh, do chuas amú. CD. 93.
Gan suim ar bith a chur in aon tsaghas pionóis ná in aon tsaghas báis ab fhéidir a imirt air. STF. ii. 20.
Gan údarás ná cead. SM. i. 130.
Gan súil a bheith aici uaidh sin amach le brabach dá mbarr ná oibleagáid ar bith uathu. TU. 13.
 

In ionad, in éagmais

In ionad formad agus éad a bheith ag a chomhrádaithibh leis mar gheall air sin is amhlaidh a bhí breis grá acu dó. AR. i. 4.
In ionad cabhair ná cúnamh ná bia ná deoch a thabhairt daoibh is amhlaidh a bheidh siad ag teacht romhaibh ar an slí. AR. cviii.
Agus nach mó cuma inarbh fhéidir don rí óg comaoin a chur ar a ghiolla in éagmais é a phósadh le haon mhnaoi, íseal ná uasal? DC. 195.
In ionad cuimhneamh ar Dhia ná ar a bpeacaí, caithid an aimsir ag caint. SM. i. 118.

Teip

Do theip ar aoinne acu bun ná barr a fháil ar an scéal.  S. 117.
Theip air glan aon phioc eolais den tsórt san a fháil, ná aon eolas eile, orthu féin ná ar aon ní a bhain leo. LMC. 31.
Do theip air a aigne a chur chun suaimhnis ná an oíche a chodladh. S. 158.
Bhí teipthe air na Fairisínigh ná na Scríbhneoirí a chur ar a leas. CMD. iii. 407.

Cosc, staon

Iarrtar air fanúint i dTeamhair agus a shlóite a chosc ar chreachadh ná ar argain a dhéanamh ar an dtír mórthimpeall. N. 78.
Ar an aigne sin níor staon sé oíche ó thrioblóid ná ó chostas. Mac. i. 73.
Coscann Dlí an Nádúir orainn dul thar teorainn ár gcoda féin ná baint lena gcuid siúd, gan údarás ná cead. SM. i. 130.
Ná déin goid, i.e. aithne a choscann gan aon rud a thógáil ná a choimeád go bhfios ná i ngan fhios, le gliceas ná le tréine. SM. i. 133.

Ar éigean

Is ar éigean atá eolas ar bith ag formhór na gConnachtach ar an lucht amhrán ná ar na filí a bhí sa gcúige le dhá chéad bliain anuas. GA. 18.
Is ar éigean a chorróchas sé cos thar a chéile leis an mbealach a fhágáil do dhea-dhuine ná do dhrochdhuine. TU. 31.

Beag

“Geallaim duit,” ar sise, “gur róbheag an sárú ná an marú a bheidh ar do chumas a dhéanamh um an dtaca ina mbead-sa scartha leat.” LMC. 4.
Ní miste a rá gur róbheag an sult ná an t-aoibhneas ná an caitheamh aimsire a bhain an chuideachta as an méid a bhí gan caitheamh. B. 86.
Leor leis féin a mhéad do fhlaith
Beag a shuim i maith ná i maoin. DG. 2.
Dá laghad baint a bheidh agamsa ná ag aoinne eile leis an scéal is ea is fearr a dhéanfar é a shocrú. N. 93.
Na daoine is lú eolas ar Éirinn ná ar ghnó na hÉireann is iad a chuirtear chugainn anall ó Shasana chun na hoibre ná tuigidh siad a dhéanamh. CL. 45.
Is róbheag den phobal Eabhra a dhein breithniú ceart ar thairngreachtaibh na bhfáidh ná ar an gcaint a bhí iontu nár ar bhrí na cainte. STF. i. 113.
Is beag a ghoill sin ar an Sasanach nár a pháirtithe. GA. 66.

Mairg

Is mairg a mhaífeadh air pé solas ná pé compord is dóigh leis féin atá ar an saol so aige. STF. i. 90.
Is mairg a bheadh ag brath ar chat ná ar mhadra ná ar fhear tábhairne chun ruda a dhéanamh ar mhaithe leis agus é féin ábalta ar rud a dhéanamh ar mhaithe leis féin. SG. 102.

Baoth

Is baoth an té a chuireann a mhuinín as daoine, ná as aon rud cruthaithe. AC. 11.
Is leamh an obair duit do mhuinín a bheith in aon duine eile, ná áthas a fháil in aon duine eile. AC. 75.
Bhí sé fánach ag Éireannaigh bheith ag dul i gcomórtas leis ná bheith ag iarraidh mealladh a bhaint as. GA. 25.

Neamhní

Is neamhní dó baisteadh ná creideamh, Aifreann ná ord, sagart ná sacraimintí. Is neamhní dó flaitheas ná aingil ná aoibhneas. STF. i. 97.

Leisce

Tá an leisce chéanna orainn roimh aon tsaghas pionóis a chur orainn féin ná aon smachtú a dhéanamh ar ár ndrochmhianaibh nár ar ár ndrochbhéasaibh. STF. i. 75.
B’fhada uaidh neamhshuim a thabhairt sa bhfaoistin um Nollaig ná um Cháisc ná aon uair eile ina luífeadh aon pheaca marbh ar a choinsias. SM. i. 123.

Olc

Admhaíonn tú gur peaca duit an tsaoire a bhriseadh, gníomhartha ná cainteanna drúisiúla a dhéanamh. STF. i. 80.
Nach mór an bharbarthacht don athair ná don óglach a bhíos ag gearán i dtaobh sé pingine sa mí a dhíol as scolaíocht a mhic. SM. i. 187.
An té go ngoillfeadh sé chomh daingean san air achasán a bheith le casadh leis féin ná le haoinne a bhainfeadh leis, is mó cruatán a d’fhulaingeodh sé.
Bhí sé i gcoinnibh dlí na haimsire sin a fhiafraí do dhuine iasachta cérbh é ná cad a thug é ná cad a bhí uaidh, go dtí gur mhaith leis féin a ghnó a insint. LMC. 30.
Is oth liom go mór Mainchín á mheas go ndéanfainnse magadh faoi ná go dtabharfainn easonóir dó ar aon chuma eile ach chomh beag. CD. 123.
Is eol daoibhse conas mar is urghráin d’fhear Iúdach baint ná comhluadar a dhéanamh le cine iasachta. Gn. X. 28.

Dearmad

Bhí na daoine tar éis dearmad a dhéanamh d’aon bhia a thabhairt leo ón mbaile ná ó aon áit ar an slí. STF. ii. 79.

Deamhan

Dheamhan bacadh ná cosc a féadadh a chur ar an nGearmánach go ndeachaigh sé trí fichid míle. GA. 10.
Dheamhan greim a ithim ná a ólaim go brách mura n-inse tú dom fáth do gháirí. BO. iii. 37.
Dheamhan teach ná áras a fhágas an Blácach agam mar gheall ar an gcú. PCF. 106.

Le heagla

D’fhéachtaí na slabhraí go cruinn le heagla aon lúb lag ná aon lúb bhriste a bheith in aon tslabhra acu. AR. 18.
Le heagla go gcasfaí ina achasán leis ina dhiaidh sin ná le haoinne a bheadh i ngiorracht seacht nglúine gaoil dó. CL. 169.
D’fhaitíos go mbeadh fios na hainme sin aige ná ag aon duine eile. FFE. Ii. 172. (2665).
Fairidh le faitíos go n-íosódh sí gráinne salainn ná tada. BO. iii. 70.
Le faitíos go bhféadfadh rud ar bith é a thabhairt as a lámha, ná iad a scaradh leis. BO. v. 104.
Ar fhaitíos go mbeadh séanas dá laghad, briseadh ná bearnú san alt seo. SS. 87.

Deacair

Is deacair a rá cad é an saghas duine mé, ná cad atá uaim. S. 87.
Is deacair a rá cad é an saghas é ná cad é an bhrí atá lena chaint. CL. 204.
Is crua an obair le cur ar aon duine é a chur, cois baile ná i ndúthaíbh iasachta, ag lorg ruda nach féidir a fháil. G. 207.
Ba ródheacair fir ba threise aigne ná ba ghéire caint a fháil an uair sin. MSF. 113.
Bhí sé ana-dheacair scéala a chur ó Éirinn go dtí an Róimh ná ón Róimh go hÉirinn. OP.T. vi. 4.
Measaim gur ródheacair aon chor a thabhairt dóibh ná aon eolas a imirt orthu a dhéanfadh iad a leigheas. CL. 100.
Is doiligh grá dá Dhia ná dá thír a chur in iúl dó. GA. 72.
Is doiligh dó rith maith ná drochsheasamh féin a dhéanamh. DD. 8.
Is doiligh liom bheith ag caint ná ag clamhsán fúithi. SS. 82.

Cuma

Is cuma cad é a laghad ná a shuaraíocht. AC. 25.
Ba chuma leis as sin amach cad a dhéanfadh bean ná clann, saibhreas ná bochtaineacht, cíos ná fiacha, airgead ná ór, Dia ná an diabhal. CL. 103.
Ba chuma le Séadna an domhan cé a bhí chuige, ná cá raibh an namhaid. S. 249.
As sin amach is cuma leo cad a dheineann buairt ná trioblóid, gnó ná cúram, an saol so ná an saol eile, aoibhneas na bhflaitheas ná tinte Ifrinn. STF. i. 231.
An fhaid ná bainfí neamh de, ní mór gur chuma leis cad a bhainfí de ná cad a fágfaí aige. STF. ii. 33.

Díth céille

Gurab é an diabhal a bhéarfaidh a bhfuil de Ghallaibh in Éirinn leis, agus an uile dhuine acu a chreidfidh focal uathu ná go mbeidh aon iontaoibh aige astu. AR. cxviii.
Mo mhallachtsa go deo d’aon fhear atá beo
A dhíolfadh a bhó ná a chaora. CNO. 70.
Brón ar an athair a fuair do shaothar.
’Thug teas, tine, foscadh ná díon duit. CNO. 40.
Bheirimse mo mhallacht don té a phósfadh an tseanchaile
Mar gheall ar bhuaibh ná ar chaoirigh. CNO. 70
Is Críostaí gan chiall an Críostaí a ligfeadh do shaibhreas an tsaoil seo ná do shólás an tsaoil seo, ná do chumhacht ná do chreidiúint an tsaoil seo, teacht idir é agus Dia. STF. i. 40.
Ba róbhaol...go gcuirfidís ina luí ar a n-aigne...gurbh amadán an té a déarfadh a mhalairt sin. STF. ii. 90.
Dúirt mé go mba údar náire d’athair ar bith mac ná malrach leis ag déanamh a leithéid sin de chleas. SS. 76.
B’aisteach an mhaise dó margadh a shamhailt ná cur isteach ar thada. TU. 50.

Sula

Na céadta bliain sula raibh aon trácht, i leabhraibh ná i mbéalaibh daoine, ar ríthibh Shacsan, ná ar shinsearaibh na ríthe seo go bhfuil a gcumhacht anois ar thíorthaibh na hEorpa. AR. 2.
Thabharfainn cúis mo cháinte dóibh sula dtabharfainn an bia ná an deoch dóibh. CL. 110.
Sula a raibh fios fáil ná rún ag Eoghan Mór ná ag Art mac Coinn ar cad a bhí chucu. LMC. 50.
Cad é an bac a bheadh orainn anois ár gcúnamh a ghléasadh...sula a mbeadh a fhios acusan ná ag fearaibh Éireann cad a bheadh ar siúl. TBC. 199.
Sula a ndéanfadh sé beart sprionlaithe ná beart lag.
Má bhíonn aon chuid acu cruinnithe tiocfaimid orthu sula mbeidh cóiriú ná eagar i gceart orthu. TBC. 117.
Bhí an chéad ghreas codlata go sámh ag Mac Conghlinne sular fhéad Mainchín ná aoinne dá mhanachaibh síneadh ar leabaidh in aon chor. CD. 39.

Dá agus Má agus Mara

Bain an chluas díom má bhíonn gíocs ná míocs as aoinne againn. S. 28.
Má thagann focal eile as do bhéal i dtaobh muilinn úcaireachta, ná i dtaobh aon tsaghas eile muilinn, iompóchad ort agus imreod muileann ort, féach! DC. 187.
Cuirfear tinneas id’ chnámhaibh ar maidin, má chítear meirg ná cré ná fuil ar aon arm díobh. TBC. 174.
Dá bhfaigheadh sí aon locht ar an éan ná ar an gceol, is amhlaidh a bheadh gach aoinne ar buile chuci. G. 46.
“Éist do bhéal, a bhrealláin,” arsa Grassus. “Dá mbeadh aon léas meabhrach agatsa ná ag muintir na cathrach so, ní bheadh an tsail sin i bhfolach ansan agaibh chomh fada.” Mac. 84.
Má tá coir déanta agam ná aon ní a thuillfeadh bás, níl aon chur i gcoinnibh an bháis agam. Gn. Xxv. 11.
Dúirt seisean má bhí aon duine ná aon dream de mhuintir na hÉireann in ann ceart a bhaint amach le troid ar a shon ná ar aon bhealach eile nach raibh locht aige féin ar an scéal agus nach gcuirfeadh sé ina aghaidh. GA. 26.
Dá mbeadh muintir na hÉireann chomh leibideach ná chomh géilliúnach is a bhíodh, d’éireodh leis go réidh. Tá malairt chomhairleach orthu mar a bhí. GA. 52.
Cad atá le déanamh, a mháthair, mura ligtear dóibh dul linn ná fanúint inár ndiaidh? TBC. 39.
Ní fhaigheadh na daoine maireachtain dá mbeadh neart dóibh lámh láidir, goid, ná rógaireacht a imirt ar a chéile. SM. i. 130.

Fear macánta dob ea Mícheál Réamainn pé diabhlaíocht a bhí aige ná ná raibh. Bithiúnach dob ea an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ná ná raibh. S. 151.
Níor airíos riamh gur staon Rí Chaisil ó chath a thabhairt do namhaid, pé neart a bheadh sa namhaid ná pé cruatán a bheadh sa chath. CD. 73.
Pé séideadh a dhéanfaidh an ainsprid fé dhuine, ná pé tathaint a dhéanfaidh a dhrochmhian féin air, ní féidir dó peaca a dhéanamh ach le saorthoil. BN. i. 8.
Pé duine a thiocfaidh ná ná tiocfaidh tiocfair-se féin. TBC. 29.
Toisc a fhios a bheith agam, pé duine a théann as ná ná téann as, ná téann fear na hidrghabhála as. DC. 68.

Aon, aon duine

Aon duine agaibh, uasal ná íseal, a chorróchaidh cos leis chun í a leanúint, luífidh m’fheargsa go trom air agus go mear. DC. 114.
Tá a fhios aige go maith...gur mhasla dá chreidiúint féin aon rud a dhéanamh a thabharfadh masla di féin ná dá seanathair. G. 136.
Do ceapadh an Soiscéal chun eolais a thabhairt dos na daoine, eolas a bheadh níos tairbhí go mór dóibh ná aon eolas dá bhfuaireadar riamh roimis sin ó scoláirí móra na Gréige ná na Róimhe. STF. i. 92.
Duine ar bith thall a labhróchas ar son an Ghearmánaigh ná a labhróchas ar son an chirt, tá sciúirse agus pionós mór á chur air. GA. 56.

A

Sin a n-iarrfad anois de dhíre agus d’eineachlann ar Mhainchín. CD. 124.
Sin a bhfuil d’eolas ná d’aithne agamsa air. G. 48.

Tá Clár na Nod le fáil i Nótaí Stíle as Gnás na Gaedhilge (3).