SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 8

Tá áthas ar Aer Lingus fáilte a chur romhat ar bord.
 

Tá foireann an chábáin anseo le cinntiú go mbainfidh tú taithneamh1 as do thuras. Mar sin de, ná bíodh leisc2 ort cabhair ná3 comhairle a iarraidh orthu. Ar mhaithe le do chompord agus do shábháilteacht, iarrann muid4 ort aird a thabhairt ar an bhfoireann ag tús na heitilte agus iad ag taispeáint conas a n-úsáidtear5 an fearas slándála. Iarrtar ort an cárta threoracha slándála6 atá i bpóca an tsuíocháin ós7 do chomhair a léamh leis.

Sábháilteacht
Is féidir le fearas leictreonach in-iompartha8 cur isteach ar threalamh an eitleáin, rud a d’fhéadfadh bheith contúirteach. ‘Sé9 príomhchúram Aer Lingus ná sábháilteacht ár gcuid paisnéirí10 agus, dá bharr sin, iarrtar ort aird a bheith agat ar an eolas sa mír11 seo a leanas:


• Caithfear teileafóin phóca a mhúchadh nuair a dhruidtear doirse an eitleáin nó ar ordú duine den bhfoireann.12
• Is ceadmhach leas a bhaint as gléasanna a bhfuil cadhnraí mar fhoinse chumhachta13 acu, m.sh. uaireadóir leictreonach, áis éisteachta digiteach.14
• Ní cheadaítear d’éinne15 tobac a chaitheamh in aon chuid den eitleán roimh, le linn nó tar éis na heitilte.

Seirbhísí bia agus dí
Bíonn rogha leathan bia agus dí le fáil ar sheirbhísí Aer Lingus ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa – bia d’fheoilshéantóirí16 san áireamh. Ní mór íoc as deochanna de chuile17 chineál sna seirbhísí sin. Ní mór íoc as deochanna meisciúla inár gcuid seirbhísí tras-Atlantacha18 freisin, ach cuirtear deochanna neamh-mheisciúla ar fáil gan costas.19 Tá eolas ar chúl na hirise seo faoi na béilte20 agus na deochanna is féidir a cheannach.

 

Tráchtaireacht


1. taithneamh = TAITNEAMH.

2. leisc = LEISCE.

3. ‘cabhair nó comhairle’ ba cheart a scríobh. In abairt dhiúltach a bheadh ‘ná’ ann, m.sh. ‘Níl cabhair ná compord agam’. Seans go measfadh an léitheoir dul diúltach a bheith ar an abairt thuas toisc ‘ná bíodh leisce ort’ a bheith inti.

4. Tá an fhoirm scartha ‘iarrann muid’ inghlactha de réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (CAO) a d’fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin sa bhliain 2012. Tá le feiceáil cén glacadh a bheidh ag pobal na Gaeilge leis an leasú sin nó cén toradh a bheidh ar an athbhreithniú a dhéanfar ar an CAO amach anseo. Más téacs fada atá le cur in eagar, ní mór a chinntiú go bhfuil leanúnachas ann agus nach bhfuil meascán d’fhoirmeacha táite (‘iarraimid’) agus d’fhoirmeacha scartha ann.

5. ‘conas a úsáidtear’ ba cheart a bheith ann. Coibhneas díreach a leanann ‘conas’ i gcónaí.

6. Is é atá le déanamh anseo ná ‘cárta’ a chur leis an bpéire focal ‘treoracha slándála’. Is minic a bhíonn séimhiú lochtach ag scríbhneoirí Gaeilge ina leithéid seo de chás, i.e. séimhíonn siad túslitir an phéire focal fiú nuair is ainmfhocail éiginnte iad. Féach an iontráil SÉIMHIÚ LOCHTACH: BATA FEAR SIÚIL sa bhunachar Cruinneas.

7. Féach an iontráil OS NÓ ÓS?

8. Níl feidhm le fleiscín idir na míreanna ‘in-‘ agus ‘iompartha’.

9. Ba cheart an chopail a scríobh amach go hiomlán: ‘Is é...’

10. ‘Paisinéirí’ an litriú ceart.

11. De réir Chaighdeán Oifigiúil 1958, is séimhiú a leanann ‘den’, ‘don’ agus ‘sa’ i gcónaí. Más amhlaidh atá, is ‘sa mhír’ ba cheart a bheith ann. Tá séimhiú nó urú ceadaithe tar éis na réamhfhocal sin de réir an CAO, rud a d’fhágfadh go bhfuil ‘sa mír’ inghlactha mar ní féidir 'm' a urú.

12. Bheadh ‘den bhfoireann’ ceadaithe de réir an CAO. Tá an patrún traidisiúnta ‘den fhoireann’ ceadaithe chomh maith. Arís, is é an leanúnachas is tábhachtaí ar fad. Ná bíodh meascán den urú agus den séimhiú ann. An beart is sábháilte, de mo dhóighse, ná cloí leis an seanphatrún.

13. An ‘foinse chumhachta’ nó ‘foinse cumhachta’ ba cheart a scríobh? Tá na samplaí ar www.focal.ie an-mhíleanúnach. Tá ‘foinse cumhachta’ ann agus ‘foinse mhoráltachta’. Úsáidtear an sampla ‘foinse solais’ i leabhar an CAO chun coincheap an ‘ghinidigh chomhbhainte’ a mhíniú:

‘Léiríonn an dara hainmfhocal cad leis a mbaineann an chéad ainmfhocal, nó cén earnáil lena mbaineann sé, nó cad chuige é, etc. Feidhmíonn an dara hainmfhocal mar chomhlánú ar an gcéad ainmfhocal trí chomhbhaint a léiriú, e.g., cos cathaoireach, foinse solais, scéim teanga, baill coiste, duáin cailín, cumais comhairleora.’ (:200)

Ní mór coincheap sin an ‘ghinidigh chomhbhainte’ a chur i gcodarsnacht leis ‘an nginideach aidiachtach’,  atá mínithe ar an gcaoi seo i leabhar an CAO:

‘Feidhmíonn an dara hainmfhocal mar cháiliú simplí ar an gcéad ainmfhocal mar a dhéanfadh aidiacht, e.g., oíche ghaoithe (oíche ghaofar), bileog pháipéir (bileog atá déanta as páipéar), bean chéile, culaith chadáis, gaoth mhara, saoire bhreoiteachta, uimhir theileafóin.’

Séimhítear, mar sin, i gcás an ghinidigh aidiachtaigh agus ní shéimhítear i gcás an ghinidigh chomhbhainte. Ní fios fós cén glacadh a bheidh ag pobal na Gaeilge leis na moltaí sin. Níl mise dóchasach as córas ar bith a chuireann iallach ar ar an úsáideoir breithiúnas caolchúiseach a dhéanamh faoi fheidhm na bhfocal i bpéirí ainmfhocal den chineál seo – cé acu atá an dara hainmfhocal ag feidhmiú mar aidiacht nó ag léiriú comhbhainte. Ceist níos bunúsaí fós: an bhfuil bunús ar bith lena leithéid de dhealú? Nach amhlaidh atá an dara hainmfhocal ag feidhmiú go haidiachtach i ngach uile chás, i.e. ag soláthar eolais faoi chineál an chéad ainmfhocail den phéire?

Bheadh fonn ar an eagarthóir seo, de cheal treorach, glacadh le ‘foinse chumhachta’ ná le ‘foinse cumhachta’.

14. Áis éisteachta dhigiteach’ a bheadh ann. Focal baininscneach é ‘áis’ agus séimhíonn sé an aidiacht ar bith atá inséimhithe, fiú má tá aidiacht lom eatarthu. Féach freisin an iontráil SÉIMHIÚ: BEAN DHUBH NÓ BEAN DUBH?

15. éinne = AON DUINE.

16. Is é ba cheart a scríobh ná ‘d’fheoilséantóirí’. Ní shéimhítear, de ghnáth, idir na míreanna i gcomhfhocail, m.sh. ‘spotsolas’, ‘cúldoras’ srl.

17. chuile = GACH UILE.

18. Is é ba cheart a scríobh: ‘trasatlantacha’.

19. ..gan chostas...

20. Is é iolra caighdeánach an fhocail ‘béile’ ná ‘béilí’.