SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí Stíle as Gnás na Gaedhilge (3)


III. – Cor ceisteach a chur ar an abairt.

673. – Is minic a chuirtear cor ceisteach ar abairt d’fhonn treise a chur, in ionad an abairt a bhogadh le mír dhiúltach. Ina leithéid sin de chás, cuirtear ‘ná’1 san abairt Ghaeilge, cé gur ghnách ‘or’ nó ‘and’ a bheith ina leithéid chéanna de cheist reitriciúil sa Bhéarla. Is d’fhonn a thaispeáint nach aon cheist ag fiafraí eolais an cheist reitriciúil agus nach aon chúrsaí rogha é ach gur d’aon ghnó chun treise a chur le machnamh diúltach a chuirtear an cheist.
    Mar seo, féach:


Cad a d’fhéadfadh caint aon duine a dhéanamh ort, ná éagóir ó aon duine? Is dó féin a dheineann sé an díobháil agus ní duitse. AC. 173.
Cad é an tairbhe Soiscéal a léamh ná seanmóin a thabhairt do dhaoinibh den tsórt san! Níl ann, mar a dúirt an Slánaitheoir, ach ag caitheamh an tsíl i measc na sceach. STF. i. 107.
Agus nuair atá an maithiúnas tabhartha agam dó, cad é an díobháil a dhéanfaidh an míshásamh aigne ná an díomá? Imeoidh siad san leis an aimsir. STF. ii. 14.
Cé a bhí beirthe ná caillte leis an rud a dhein an t-aoinne amháin agus nár dhein an naonúr? Ní raibh aoinne beo beirthe ná caillte leis ach an t-aoinne amháin agus an naonúr. STF. ii. 141.
‘Nuair a bhuailfeadh cuid den mhuintir “ghalánta” um aoinne den chúigear san amiuigh ar ball, an dóigh leat an mbeadh aon bhagairt súl ná aon chogarnach ar siúl?’
‘Ambasa, a Thaidhg, ní dóigh liom go mbeadh. Agus dá mbeadh aon phioc ar siúl de, ní dóigh liom go rachadh sé i bhfad.’ CL. 148.

    Féach mar a léiríonn na freagraí ar na ceisteanna sin go léir nach ceisteanna ag fiafraí eolais in aon chor iad ach gur ceisteanna d’aon ghnó chun neartú leis an machnamh diúltach a bhí in aigne an té a chuir iad. Is é an dála céanna é ag na ceisteanna seo thíos, féach:

Conas a d’fhéadfadh cleasaíocht ná púicíní a bheith i ngnó chomh soiléir? L. 141.
Conas is féidir dúinne ná dom’ dheartháir scéal na Tána ná aon scéal eile a fháil ó dhuine atá imithe as an saol le cúig chéad bliain? G. 207.
Conas is féidir do mhnáibh bochta compord ná slacht ná glanachar a bheith acu, ar a dtigh ná ar a gclainn ná orthu féin, más i dtigh an tábhairne a fhágtar an t-airgead? CL. 59.
Cé a thráchtfaidh liomsa ar cheannasacht ná ar thrua agus san mar sin? C. 55.
Cé a fhéadann gach aon rud a fheiscint roim ré, ná an t-olc atá le teacht a sheachaint roim ré? AC. 188.
Ach má bhíonn beirt nó fiche duine nó míle duine, guala le gualainn,...feiceam cé a dhéanfaidh aon chuimilt leo, ná a mheasfaidh aon tarcaisne a thabhairt dóibh! CL. 178.
Cad a d’fhéadfainn a rá ná a dhéanamh? DC. 228.
Cad atá de bharr do shaothair agat le daichead bliain? Cad é an tairbhe atá déanta agat d’Éirinn ná do mhuintir na hÉireann? CL. 145.
‘Agus, ar ndóin, an té ná tiocfaidh saor ón gcath,’ arsa Amhlaoibh, ‘cad é sin dósan cad a dhéanfaidh an Ardríocht?
‘Ná an Ardríon, an ea?’ arsa Sitric. N. 296.
Cad é an tairbhe a d’fhéadfadh gastacht ná gliceas a dhéanamh do Chonchúr, nuair a bhí an éagóir sin á dhéanamh air i ngan fhios dó? Sg. 96.
Cad é sin duitse so ná súd? AC. 149.
Cad é sin dúinne cé atá ann, ná cé hiad atá cruinnithe ann? G. 212.
Cad é sin dá leithéid sin cad a dhéanfaidh Cathal mac Finguine, ná fir Mumhan, ná muintir Chorcaí, ná Mainchín, ná a mhainistir, ná aon ní eile ar an saol so! CD. 53.
Cá bhfios dúinne ná d’aoinne eile cad iad na grásta a thug Dia dóibh? STF. i. 232.
Cá bhfios duitse ná domsa, a dhuine uasail, gur shagairt iad? DC. 170.
Cá bhfuil an té a dheineann cosc ná ciotaí duit níos mó ná mar a dheinid na mianta gan smacht atá istigh i do chroí féin? AC. 6.
An bhfuil aon duine in Éirinn, óg ná aosta, gan a fhios go soiléir aige gur le haon chorp eagla roimh Dhia nár scar muintir na hÉireann leis an gcreideamh? ED. Iv. T. i. 4.
‘An bhfacabhair riamh,’ ar seisean, ‘curadh ná cathmhíle dob fhearr ná aoinne de na curaibh agus de na cathmhílibh atá sa tigh so anocht?’ E. 5.
‘A ardmhaithe Lochlann, ó tharla d’aon láthair sibh, insidh dom an aithnid daoibh locht ná aineamh orm féin mar rí agus róthiarna? BC. 1.2

Cleachtadh

Na tuathail sna ráite seo thíos a cheartú agus fáth an cheartaithe a thabhairt:

1. Cá bhfuil an file ar féidir é a chur i gcomparáid le Hóiméar nó an seanchaí ar féidir é a chur i gcomparáid le Livias?
2. Conas is féidir do dhuine post maith nó aon phost in aon chor a choimeád má bhíonn an locht san aige?
3. Cad atá déanta agatsa nó ag d’eaglais chun a thaispeáint?
4. Cá bhfuil an chuid oibre atá déanta agat chun do chreideamh a chur in iúl dúinn agus a chuirfeadh d’fhiachaibh orainn urraim agus onóir a thabhairt dó?
5. An bhfuil airgead nó rud eile mar é le fáil ag Éireannach a théann thar sáile toisc an Ghaeilge a bheith aige? Is eagal liom nach bhfuil.
6. Duine a bheadh ag maireachtáil ina aonar, conas an bhfaighfeadh sé a chuid éadaigh nó a chuid bia nó aon ní eile atá ag teastáil uaidh?
7. Cá bhfuil Seán nó Séamas anois agus tusa sa chás so?
8. Ar thugadar airgead nó aon chabhair eile riamh dúinn?
9. Is ró-annamh a thagann na capaill mhaide nó aon chaitheamh aimsire go dtí an baile beag.
10. Is beag tairbhe súil a bheith againn go rachaidh imirce nó ólachán i laghad.

1. Tá an chuma air seo, agus ar na habairtí a chuir sé mar chleachtadh ag deireadh na caibidle seo, gur mheas Ó Cadhla gur botún a bheadh ann ‘nó’ a chur in áit ‘ná’ i samplaí den chineál seo. Gheofar cuntas níos cruinne in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (26.4), áit a dtugtar an treoir seo:

    ...gur féidir a úsáid in ionad má tá cor diúltach san uaschlásal: níl a fhios agam cé thú féin ná cad é an gnó atá agat díom; is deacair a rá cá bhfuil sé ná cad atá á dhéanamh aige. Úsáidtear in ionad go minic mar sin idir dhá chlásal neamhchúiseacha: cibé duine a rachaidh ná nach rachaidh, rachaidh mise.

Clár na Nod

A. Aesop a Tháinig go hÉirinn. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1931.
AC. Aithris ar Chríost. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1914.
AI. Allagar na h-Inise. Tomás Ó Criomhthain, 1928.
AR. Aodh Ruadh. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1929.
B. Bricriu. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1915.
BC. Bruidhean Chaorthainn. Pádraic Mac Piarais eag. 1912.
BCC. Betha Cholaim Chille. In eagar ag A. O’Kelleher agus Gertrude Schoepperle,1918.
BN. Sgéalaidheacht as an mBíobla Naomhtha. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. Seacht n-imleabhar, 1922–1925.
BO. Béaloideas. Irisleabhar Chumann Béaloideas Éireann. Séamas Ó Duilearga, M.A, Eagarthóir. 1927–
C. Caitlína. An tAthair Peadar Ó Laoghaire.
CCH. Cruach Chonaill. Seosamh Laoide (eag.), 1909.
CCM. Ceannracháin Cathrach. Seán Mac Maoláin, 1935
CD. An Craos-Deamhan. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1905.
CiD. Cioth is Dealán. ‘Máire’, 1926.
CL. Comhairle Ár Leasa. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1923.
CMD. Críost Mac Dé. i. ii. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1923-25.
CNO. Ceól na n-Oileán. Amhráin a chruinnigh an tAthair Tomás Ó Ceallaigh. Mícheál Ó Craidhín, B.Comm., do chuir nótaí leis. 1931.
CO. Caisleáin Óir. ‘Máire’, 1924.
CRR. Cath Ruis na Rí for Bóinn. An tAthair Peadar Ó Laoghaire.
DC. Don Cíochóté. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1921.
DD. Diarmuid Donn. An tOllamh Tomás Ó Máille (eag.), 1936.
DDH. Dochartach Dhuibhlionna. ‘Iolann Fionn’, 1925.
DG. Duanaire Gaedhilge. i. ii. iii. Róis Ní Ógáin eag.
E.Eisirt. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1909.
ÉC: Éan Corr. Seán Mac Maoláin, 1937.
ED. Eagla Déi. An tAthair Peadar Ó Laoghaire in Timthiridh Chroidhe Neamhtha Íosa. Imlr i. Uimh. 1 – uimh. Iv. 1911
ESA. Eochair-sgiath an Aifrinn. Pádraig Ó Briain (eag.), 1890.
FBF. Fiche Bliain ag Fás. Muiris Ó Súilleabháin, 1933.
FFE. Foras Feasa ar Érinn. Daithí Coimín a chuir iml. i. in eagar, 1902. An tAthair Pádraig Ó Duinnín a chuir iml. ii. iii. in eagar, 1908. ITS. iv, vii, ix.
G. Guaire. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1915.
GA. An Ghaoth Aniar. Tomás Ó Máille, 1920.
Gall. An ceathrú himleabhar de Seanmóirí Muighe Nuadhad, ina bhfuil seacht seanmóir déag le Séamus Ua Gallchobhair. 1911.
Gn. Gníomhartha na n-Asbol. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1921.
IPV. Instructio Pie Vivendi et Supera Meditandi. John MacKechnie (eag.), 1933.
L. Lúcíán. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1924.
LMC. Lughaidh Mac Con. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1914.
Mac. Sgéalaidheacht na Macabéach. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1926.
MSF. Mo Sgéal Féin. An tAthair Peadar Ó Laoaghaire. 1915.
N. Niamh. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1907.
OP.T. Olibhér Pluincéad. An tAthair Peadar Ó Laoghaire i dTimthiridh Chroidhe Neamhtha Íosa. Iml. vi. Uimh. vi.–Iml. viii. Uimh. 4. 1916-1918.
PCF. Peadar Cois Fhairrge. Seán Mac Giollarnáth eag. 1934.
PH. Passions and Homilies from the Lebar Breac. Robert Atkinson (eag.), 1887.
RB. Na Rosa go Brách. Fionn Mhac Cumhaill, 1939.
S. Séadna. An tAthair Peadar Ó Laoghaire, 1904.
Seanaim. Sean-aimsireacht. Domhnall Ó Murchadha, 1939.
Sg. Silva Gadelica, imlr 1. Standish Hayes O’Grady, 1892.
SgO: Sgéalaidhe Oirghiall. Seosamh Laoide (eag.): 1905.
SM. Seanmhóinidhe Muighe Nuadhad. Trí imleabhar, 1906, 1907 & 1908.
SS. Seo Siúd. An Beirneach (Liam Ó Beirn). 1934.
STF. Seanmóin is Trí Fichid. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. Dhá imleabhar, 1909 & 1910.
TBB. Trí Bior-ghaoithe an Bháis. Robert Atkinson (eag.), 1890.
TBC. Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma. An tAthair Peadar Ó Laoghaire. 1916.
TLC: Tóraidheacht na bhFíoraon ar Lorg Chríosta. Domhnall Ua Tuathail (eag.), 1915.
TU. An Troid is an t-Uaigneas. An Beirneach (Liam Ó Beirn). 1926.