SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 9

Cumadóir dearmadta

Is annamh inniú1 a chluintear trácht ar Charles Villiers Stanford (1852–1924), fiú i measc an chomhluadair bhig gur2 spéis leo saothrú an cheoil chlasaicigh in Éirinn. Leabhar tráthúil, mar sin, atá in An Chláirseach agus an Choróin, Seacht gCeolsiansa Stanford le Liam Mac Cóil, a láinseáladh3 le linn Dheireadh Seachtaine Stanford sa bhliain 2010. Cuirtear ceist i dtús an leabhair: cad ina thaobh a4 ligeadh cumadóir chomh bisiúil le Stanford i ndíchuimhne? Ná dearmad gur fear é seo a chum seacht gcinn de shiansaí agus naoi gcinn de cheoldrámaí, fear a bhí ina oide ag cumadóirí mórchlú mar Gustav Holst agus Ralph Vaughan Williams. Cá bhfuil an dara cumadóir Éireannach a chuir a leithéid de chorpas ceoil ar fáil?

    Tá tábhacht faoi leith, de réir Mhic Chóil,5 leis na focail sin ‘Sasanach’ agus ‘Éireannach’. I mBaile Átha Cliath a tháinig Stanford chun an tsaoil ach níorbh é an gaelachas a bhí i dtreis i bhféiniúlacht an teaghlaigh, ná baol air. Sloinneadh6 de chuid Staffordshire is ea Stanford. Meastar gur i ndeireadh an séú haois déag a tháinig sinsir an teaghlaigh go hÉirinn. B’fhiú dóibh theacht: 7 níorbh fhada go raibh céim ard bainte amach ag muintir Stanford i measc lucht páirte na Breataine in Éirinn. Athair Charles, fiú amháin, bhí sé ina oifigeach i gCúirt Sheansaireachta na hÉireann. Bhí pingin mhaith á shaothrú9 aige mar dhlíodóir leis. Aontachtóirí10 diongbháilte a bhí i muintir Stanford, cé nach mbídís gníomhach i gcúrsaí polaitíochta. Ó thaobh creidimh de, is ar éigin11 is gá a rá gur bhain an teaghlach leis an traidisiún Anglacach.12 Mar sin de, nuair a cuireadh Charles go Coláiste na Banríona, Cambridge, níor dheoraíocht i dtír iasachta aige é – arae, bhí sé ar a shuaimhneas ann, ag déanamh staidéir ar na Clasacaigh13 agus ag cumadh cheoil.14  

    An mar gheall ar a dhúchas gallda nach mbímid-ne,15 Éireannaigh, mórtasach as saothar an chumadóra b’iomráití16 dár rugadh riamh sa tír seo? Más amhlaidh atá, is breithiúnas éagórach é, óir bhí dúchas gaelach ann chomh maith. A fhianaise sin na macallaí dár gceol traidisiúnta sa Tríú Siansa, ar a dtugtar The Irish mar leasainm air.17 Laoch Éireannach a chuir sé ar stáitse sa cheoldráma Shamus O’Brien, a chéadléiríodh18 sa bhliain 1886, breis agus fiche bliain i ndiaidh do Stanford Baile Átha Cliath a fhágáil. Is éard a mheas George Bernard Shaw, a scríobhadh19 roinnt léirmheasanna ar cheol Stanford don pháipéar nuaíochta20 The World, gurbh iad na saothair ba ghaelaí leis na saothair ba bhríomhaire agus ab fhearr. Mhol sé dó stad de bheith ag aithris ar stíl mhín mhúinte Shasana agus filleadh ar a dhúchas Éireannach. Is deacair a rá cén toradh a bheadh air sin, dá mbeadh aird ag an gcumadóir ar an léirmheastóir – seans gur Stanford a bheadh á lua mar ‘chumadóir náisiúnta na hÉireann’ agus ní hé Thomas Moore.

1. Is é litriú na linne seo ná ‘inniu'. Is iarmsa den seanlitriú é sin a fheictear go réasúnta minic toisc, b’fhéidir, fuaim fhada a bheith ar an ‘u’ i ndeireadh an fhocail.

2. Clásal coibhneasta indíreach a theastaíonn ansin: ‘ar spéis leo’. Is fíor go mbíonn an chlaoninsint go láidir i gcanúintí áirithe, ach níor tugadh cead isteach don nós sin sa CO.

3. Is é an litriú ceart ná ‘lainseáladh’. Is dócha gur tionchar an fhocail Bhéarla launch is cúis leis an síneadh fada a chuirtear go hearráideach ar an gcéad ‘a’ den fhocal. Bheadh fonn ar dhuine, b’fhéidir, ‘seoladh’ a chur in áit ‘lainseáil’ ach is leor go díreach an litriú a leasú; tá ‘lainseáil’ an-choitianta, bíodh dúil againn ann nó ná bíodh. Prionsabal bunúsach san eagarthóireacht go mbeadh na leasuithe chomh dílis don bhuntéacs agus is féidir.

4. Coibhneas indíreach a leanann na foirmeacha ceisteacha ‘cad ina thaobh, cén fáth, cad chuige ar ligeadh’.

5. ...de réir Mhic Cóil... Ní bhíonn séimhiú idir ‘c’ agus ‘g’ i sloinnte. Féach, mar shampla, ‘teach Sheáin Mhic Corráin’, ‘Bríd Bean Mhic Grianna’ srl.

6. ‘Sloinne’ an leagan caighdeánach.

7. B’fhiú dóibh teacht...

8. ...i gCúirt Seansaireachta... Ní shéimhítear idir DNTLS sa chomhthéacs sin, áit a bhfuil ainmfhocal baininscneach á cháiliú ag ainmfhocal eile sa ghinideach. Cuimhnigh ar ‘cúirt dúiche’, ‘crainn darach’ srl.

9. Is focal baininscneach é ‘pingin’: ‘pingin mhaith á saothrú’. Féach an iontráil Á sa bhunachar Cruinneas. 

10. ‘Aontachtaithe’ an leagan caighdeánach.

11. Féach an iontráil ÉIGEAN NÓ ÉIGIN? sa bhunachar Cruinneas.

12. ‘Anglacánach’ a úsáidtear chun cur síos ar an bpobal creidimh.

13. Más iad the Classics atá i gceist, i.e. scríbhinní na Sean-Ghréige agus na Róimhe, is é ‘Na Clasaicí’ a scríobhtar. Más sárshaothair atá i gceist (classics), is é ‘clasaicigh’ a scríobhtar.

14. ‘Ag cumadh ceoil’ ba cheart a scríobh i dtéacs caighdeánach. Bhí lá ann agus ba ghnách ainmfhocal a bheadh ina chuspóir ag ainm briathartha a shéimhiú. Cé go maireann sin fós sa chaint tá an séimhiú sin cúngaithe go mór sa Chaighdeán Oifigiúil, ach amháin i leaganacha seanbhunaithe mar ‘ag fáil bháis’ agus ‘ag gabháil fhoinn’.

15. Níl feidhm ar bith leis an bhfleiscín: ‘nach mbímidne’.

16. ...ab iomráití...

17. Tá an réamhfhocal ‘ar’ ann faoi dhó, mar a bhíonn go minic sa chaint. Ba cheart ceann amháin acu a chealú: ‘a dtugtar The Irish mar leasainm air’ nó ‘ar a dtugtar The Irish mar leasainm.’ Féach an iontráil RÉAMHFHOCAL A ATHRÁ I gCLÁSAL COIBHNEASTA sa bhunachar Cruinneas.

18. ...a céadléiríodh... Ní bhíonn séimhiú ar an mbriathar san aimsir chaite shimplí, amach ó roinnt briathra mírialta. Seans gur leor na rialacha casta a bhaineann leis an orduimhir ‘céad’ chun scríbhneoir a chur ar strae.

19. B’fhearr an aimsir chaite shimplí: ‘a scríobh’. Ní hé go mbíodh sé ag scríobh léirmheasanna ar cheol Stanford go mion is go minic.

20. nuaíocht = NUACHT.


Pointí plé

Is nós le daoine cuid de na leaganacha seo a leanas a leasú gan ábhar.

  • 'Cumadóirí mórchlú.' Is iomaí duine a chuireann 'cumadóirí mórchlúiteacha’ ina ionad sin, ach ní shílim go bhfuil gá leis an leasú sin. Is fíor nach bhfuil ‘mórchlú’ in FGB ach ní hionann sin agus a rá nach cuid den Ghaeilge é. Cuir ‘mórchlú’ isteach i mbosca cuardaigh Google agus gheofar a lán samplaí ó fhoinsí iontaofa den struchtúr: scríbhneoir/ealaíontóir/ + mórchlú.
  • Tá nós ag daoine ceannlitir a chur ar ‘gaelachas’. Ní náisiúntacht é ‘gaelachas’ agus níl cúis láidir ann nach bhféadfaí é a litriú le ‘g’ beag. Seans go mbeadh fonn ar dhaoine ceannlitreacha a chur ar ‘gaelach’ agus ‘gallda’ sa téacs seo freisin ach féach, mar shampla, ‘peil ghaelach’ in FGB. Usually with lower-case initial an chomhairle atá tugtha san iontráil ‘Gaelach’. Ar ndóigh, tá ceannlitir ar gach aon cheannfhocal in FGB, sa chaoi is nach léir don úsáideoir cé acu gnás iontrála atá sa cheannlitir nó cuid dhílis den fhocal.