SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh 7

Pointí plé

Iarradh oraibh nótaí a bhreacadh síos faoi na deacrachtaí sa téacs seo. Pléifimid anois cuid de na fadhbanna foclóra agus comhrére a bhaineann leis an téacs áirithe seo.

Shannon Development1
When Shannon Free Airport Development Company,2 or Shannon Development, as we3 are known today, was formally4 inaugurated5 in 1959, ambitious plans were put in place for the development of Shannon6 as an industrial and tourist location. At that time, transit passengers accounted7 for almost all traffic at Shannon Airport8 and the Shannon Free Zone9 did not exist. However,10 a new era was about to dawn which was to have significant spin-off effects11 for the entire Shannon area.

Set up to promote Shannon International Airport in the post-jet era,12 Shannon Development is today Ireland’s only dedicated13 regional economic development company. The Company’s brief is to drive regional14 economic development in the wider15 Shannon area, known as the Shannon Region. This covers an area of some16 10,000 square kilometres spanning counties17 Clare, Limerick, North Tipperary, South Offaly and North Kerry, which collectively have a population of over 450,000 people.

Our first Annual Report covering the period from inauguration18 to March 31 1960, recorded19 that definite arrangements to begin manufacture had been made with 10 overseas20 firms and that these would employ approximately 580 within a year. There was a shortage of staff to work in these new industries which necessitated attracting ‘Irishmen’21 to return from abroad. Ireland had entered the Industrial Age. The Shannon Region has come a long way since those pioneering days. 
 

 1. Tá ‘Forbairt Shionainne’ ar www.focal.ie. Is ait an leagan é, dar liom, bíodh is go molann an Brainse Logainmneacha ‘na Sionainne’ a scríobh sa tuiseal ginideach, murab ionann agus 'na Sionna'. Ach tá ainm eile ar an eagraíocht a úsáidtear sna meáin agus i bhfoilseacháin de chuid na heagraíochtaí féin, is é sin ‘Forbairt na Sionna’. Ní ainm oifigiúil ceachtar den dá ainm seo; is giorrúcháin iad ar ‘Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta.’ Ó tharla sin a bheith amhlaidh, bheadh fonn orm cloí le ‘Forbairt na Sionna’ ach uaschamóga a chur timpeall air ar an gcéad lua. 

2. Tá an t-ainm oifigiúil, nach mbíonn in úsáid mórán níos mó, le haimsiú. Ó tharla gur chomhlacht stáit a bhí ann, a bunaíodh de thoradh reachtaíochta, is é www.achtanna.ie an fhoinse chuardaigh is fearr. 

3. Tá cinneadh le déanamh faoin bhforainm we a aistriú. An fearr an tríú pearsa uatha a úsáid sa Ghaeilge: ‘mar a thugtar uirthi inniu’?

4. In abairtí simplí, is gnách an dobhriathar a chur i ndiaidh an bhriathair: ‘Rinne tú sin go deas cliste.’ I gcás na habairte seo, áfach, ba dheacair formally a fhí isteach tar éis an bhriathair gan ciotaí a dhéanamh den abairt: ‘Nuair a bunaíodh Cuideachta Forbartha Neamhchustam na Sionna, nó, mar ‘Forbairt na Sionna’ mar a thugtar inniu uirthi, go foirmiúil…’ Dar le duine go bhfuil 'go foirmiúil' ag cáiliú an bhriathair 'tabhair' in 'mar a thugtar uirthi'. B'fhearr gnáthord na bhfocal a athrú agus an dobhriathar a chur roimh an mbriathar.

5. Is é is ciall do inaugurate anseo ná ‘bunaigh’. Ní oirfeadh ‘insealbhú’ ná focal ar bith a bhaineann le hócáidí stáit ar nós presidential inauguration

6. Níl sé lánsoiléir cad é atá i gceist le Shannon. An é an réigiún nó an baile nua nó an t-aerfort féin a bhí le forbairt? Ní leor ‘Sionainn’ a scríobh i nGaeilge – caithfidh focal cáilithe éigin a chur leis: ‘réigiún/ceantar na Sionainne’.

7. Ní chaithfidh focal Gaeilge a aimsiú a fhreagraíonn do account. Is é brí na habairte ná: At that time almost all traffic at Shannon Airport was transit passengers. 

8. ‘Aerfort’ a scríobhtar inniu, bíodh is go bhfeictear ‘aerphort’ ar chomharthaí treo agus i seantéacsanna. ‘Aerfort na Sionna’ a thugtar mar ainm oifigiúil an aerfoirt ar www.achtanna.ie

9. Ní gan dua a aistrítear zone, idir ‘limistéar’, ‘ceantar’ agus eile. Ní raibh ceann ar bith acu sin an-bheacht riamh. A chomhartha sin go nglactar anois leis an leagan traslitrithe ‘zón’. Sa chás seo, tá ‘Limistéar Neamhchustaim na Sionainne’ tugtha ar www.focal.ie. Seans nár mhiste an leagan reachtúil ‘Limistéar Neamhchustam na Sionna’ a scríobh chun go mbeidh na tagairtí sa téacs de réir a chéile.

10. B’fhearr gan an abairt Ghaeilge a thosú le ‘áfach’.

11. In ainneoin gur spin-off effects atá sa Bhéarla, tuigtear gur spin-off benefits atá i gceist. Bheadh ciall dhiúltach le ‘iarmhairtí’ nó a leithéid. Thiocfadh an téarma ‘seachthairbhí’ a úsáid nó dul i muinín parafrása: ‘a chuaigh go mór chun sochair do cheantar na Sionainne go díreach agus go hindíreach’.

12. ‘Réamhaisnéis’ atá chlásal tosaigh sin Set up to promote Shannon International Airport in the post-jet era…Is minic a thosaíonn na clásail seo le haidiacht bhriathartha:

  • Sold to pay gambling debts, the big house became a hotel.
  • Infuriated by ‘management stubbornness’, the union representatives quit the talks.

Oireann an struchtúr sin go han-mhaith don Bhéarla ach bíonn cuma ait ar a leithéid in abairtí Gaeilge:

  • Díolta chun fiacha cearbhais a íoc, rinneadh óstán den teach mór.
  • Spréachta ag ‘righne na mbainisteoirí’, d’éirigh ionadaithe na gceardchumann as na cainteanna.

Is fearr leagan amach eile a bheith ar an abairt Ghaeilge:

  • Rinneadh óstán den teach mór, a díoladh chun fiacha cearbhais a íoc.
  • D’éirigh ionadaithe na gceardchumann as na cainteanna agus iad spréachta ag ‘righne na mbainisteoirí’.

Mholfainn dhá abairt a dhéanamh den abairt áirithe seo.

Caithfear dianmhachnamh a dhéanamh faoi chiall an natha post-jet era. Is gnách le daoine ‘an ré iar-scairdeitleán’ a scríobh – leagan a thabharfadh le fios go raibh deireadh tagtha leis an scairdeitleán mar mhodh iompair. Ar ndóigh, níor tháinig an lá sin fós. Ní hé go raibh deireadh leis na scairdeitleáin. Is amhlaidh a bhí siad ag teacht ar an bhfód.

13. Ní hannamh a bhaintear míbhrí as an bhfocal ilchiallach dedicated. Glactar leis gur ‘dúthrachtach’ nó ‘tiomanta’ atá i gceist. Níl ann ach go bhfuil sé de shainchúram ar an gcuideachta geilleagar réigiún na Sionainne a fhorbairt.

14. Focal folamh go maith é an regional sin.

15. In ainneoin breischéim a bheith sa Bhéarla, caithfidh an t-aistritheoir machnamh a dhéanamh faoi cé chomh hoiriúnach is atá an struchtúr sin sa Ghaeilge. Cén chiall a bheadh le ‘ceantar níos leithne na Sionainne’?

16. Cuireann aistritheoirí stró nach beag orthu féin ag iarraidh some a aistriú, mar shampla ‘limistéar 10,000 ciliméadar cearnach éigin’. Ní léir go bhfuil a oiread sin tábhachta ag baint le some agus gur fiú an abairt Ghaeilge a chur as a riocht ar mhaithe leis. 

17. Ní leor ‘contaetha’ a scríobh agus gach logainm sa liosta a chur sa tuiseal ginideach ina dhiaidh. Ní ‘contaetha’ iad Ciarraí Thuaidh ná Uíbh Fhailí Theas, cuir i gcás. Ná ní leor cur chuige ar an mbealach seo ach oiread: ‘Contae an Chláir, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh…’ Ní mór a shoiléiriú gur Contae Luimnigh atá i gceist murab ionann agus an chathair. 

18. Is é an focal lom inauguration a bhaineann tuisle as aistritheoirí san abairt sin, sa tslí go scríobhann siad leaganacha den chineál seo:

  • Thaifead ár gcéad Tuarascáil Bhliantúil, a chuimsigh an tréimhse ó bhunú go Márta 31 1960…
  • Chuir ár gcéad Tuarascáil Bhliantúil, a chlúdaigh an tréimhse ón tús go dtí 31 Márta 1960…

Is í an cheist a spreagtar in aigne an léitheora nuair a fheiceann sé/sí ‘ón tús’ ná the beginning of what? Tús ama, an ea? Maidir le ‘bunú’ is ait linn é nuair nach luaitear cad é go díreach a bunaíodh. Bíonn fadhbanna fiú ag na haistritheoirí sin a thuigeann go gcaithfidh tuilleadh eolais a sholáthar:

  • Tuairiscíodh inár gcéad Tuarascáil Bhliantúil, a bhaineann leis an tréimhse ónár mbunú go dtí 31 Márta 1960…

Tá an iarracht sin níos fearr ach is ait an aidiacht shealbhach ‘ár’ a cheangal le hainm briathartha mar sin. An leagan is fearr ar fad ná:

  • Tuairiscíodh inár gcéad Tuarascáil Bhliantúil, a bhaineann leis an tréimhse ó bhunú na cuideachta go dtí 31 Márta 1960…

Cinnte, níl an focal company luaite sa téacs foinseach, ach féach go gcuireann sé ar ár gcumas dúinn fadhbanna comhréire agus tuisceana a shárú.

19. B’ait le léitheoirí ‘taifeadadh’, bíodh is gur aistriúchán cruinn go leor atá ann. B’fhearr briathar éigin mar ‘tuairiscigh’.

20. Ní gan dua a aistrítear seo. Is fearr leaganacha mar ‘gnólachtaí ó thar lear’ a sheachaint. Tá gné dhiúltach ag baint le focail mar ‘coimhthíocha’ agus tá débhríocht thromchúiseach i leaganacha mar ‘gnólachtaí iasachta’ (lending firms?).

21. Is le híoróin a cuireadh uaschamóga timpeall Irishmen. Dhéanfaí iontas d’fhriotal chomh seobhaineach leis sin inniu ach is cosúil nach raibh mórán airde ar chearta fostaíochta na mban in Éirinn i dtús na 60aidí. Is deacair an íoróin sin a thabhairt slán sa Ghaeilge: tá ‘Éireannaigh’ neodrach ó thaobh na hinscne de agus tá blas aisteach ar ‘fir Éireannacha’. Anuas air sin is athfhriotal as téacs Béarla é. Mholfainn é a fhágáil gan aistriú.  

Aistriúchán samplach

Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

Forbairt na Sionna
Nuair a bunaíodh go foirmiúil Cuideachta Forbartha Neamhchustam na Sionna, nó ‘Forbairt na Sionna’ mar a thugtar inniu uirthi, leagadh pleananna uaillmhianacha amach chun ceantar na Sionainne a fhorbairt mar ionad tionsclaíochta agus turasóireachta. Ba bheag a bhíodh ag teacht trí Aerfort na Sionna an t-am sin seachas paisinéirí idirthurais agus bhí Limistéar Neamhchustam na Sionna fós le bunú. Mar sin féin, bhíothas ar thairseach ré nua a rachadh go mór chun sochair do cheantar na Sionainne go díreach agus go hindíreach.
    Bunaíodh Forbairt na Sionna chun Aerfort Idirnáisiúnta na Sionna a chur chun cinn i ré na scairdeitleán. Inniu, is é Forbairt na Sionna an t-aon chuideachta in Éirinn a bhfuil de shainchúram uirthi geilleagar réigiúin faoi leith a fhorbairt. Is é cúram na Cuideachta ná forbairt gheilleagrach a spreagadh i mórcheantar nó i Réigiún na Sionainne. Limistéar 10,000 ciliméadar cearnach atá ann, a chuimsíonn Contae an Chláir, Contae Luimnigh, Tiobraid Árann Thuaidh, Uíbh Fhailí Theas agus Ciarraí Thuaidh. Os cionn 450,000 duine atá ina gcónaí sa Réigiún. 
    Sa chéad Tuarascáil Bhliantúil, a chuimsigh an tréimhse ó bhunú na Cuideachta go Márta 31, 1960, tuairiscíodh go raibh socruithe cinnte déanta le 10 ngnólacht eachtrannacha chun dul i mbun táirgeachta agus timpeall 580 duine a fhostú laistigh de bhliain. Ní raibh dóthain foirne ann chun dul ag obair sna tionscail nua seo agus, mar gheall air sin, b’éigean ‘Irishmen’ a mhealladh abhaile ón gcoigríoch. Bhí an Ré Thionsclaíoch tar éis teacht go hÉirinn. Tá dul chun cinn mór déanta ag Réigiún na Sionainne ó na laethanta ceannródaíocha sin.